Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí treoir maidir le cosaint sonraí agus gníomhaíochtaí toghcháin agus canbhasála

09th Mí Deireadh Fomhair 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí ábhair threorach inniu a bhaineann le cosaint sonraí i gcomhthéacs gníomhaíochtaí toghcháin agus canbhasála.

Tugtar sa doiciméad ‘Toghcháin agus Canbhasáil: Cosaint Sonraí agus Margaíocht Leictreonach – na Cearta Cosanta Sonraí atá ag Daoine Aonair’ comhairle agus faisnéis do dhaoine den phobal faoi na cearta cosanta sonraí atá acu nuair atá a sonraí pearsanta á bpróiseáil le haghaidh gníomhaíochtaí toghcháin agus canbhasála.  Tá nasc chuig an doiciméad anseo  

Tugtar sa doiciméad ‘Toghcháin agus Canbhasáil: Cosaint Sonraí agus Margaíocht Leictreonach’ comhairle agus faisnéis faoi na freagrachtaí atá ar dhaoine a phróiseálann sonraí pearsanta le haghaidh gníomhaíochtaí toghcháin agus canbhasála.  Tá nasc chuig an doiciméad anseo 

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoir freisin maidir leis an dóigh a gcuirfear dlí cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm i gcomhthéacs toghcháin: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/soteu2018-data-protection-law-electoral-guidance-638_en.pdf

Sa tréimhse atá romhainn, foilseoidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí tuilleadh treorach maidir le cosaint sonraí d’ionadaithe tofa agus maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.