Dlíthíocht i dtaca le Clásail Chaighdeánacha Conarthacha (17.12.18)

Ar an 31 Bealtaine 2016, chuir an Coimisinéir Cosanta Sonraí (DPC) tús le himeachtaí in Ard-Chúirt na hÉireann. An cuspóir a bhí leis na himeachtaí seo ná atreorú chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU) i dtaca leis an mheicníocht “Clásal Chaighdeánacha Conarthacha” (SCCanna). Is féidir sonraí pearsanta a aistriú ón AE go dtí na SA faoin mheicníocht seo faoi láthair. Is é teideal na n-imeachtaí seo ná “Data Protection Commissioner v. Facebook Ireland Limited & Maximilian Schrems”. Is í an Uimhir (thagartha) Taifid Chúirte ná 2016/4809P.

Is féidir faisnéis níos mionsonraithe, lena n-áirítear Meabhráin Mínithe dar dáta Meán Fómhair 2016 go Nollaig 2018, a fháil thíos:

 

1. Meabhráin Mínithe

Míníonn na meabhráin mínithe cúlra na n-imeachtaí seo, na cúiseanna ar a thug an DPC na n-imeachtaí seo agus achoimre ar fhorbairtí ag gach céim de na himeachtaí ó Ard-Chúirt na hÉireann go dtí an éisteacht atá ar feitheamh roimh an CJEU.

2. Breithiúnais

Tugann an leathanach gréasáin seo naisc leis na breithiúnais seo a leanas a rinneadh ag céimeanna éagsúla sna himeachtaí:

  • breithiúnas dar dáta 16 Iúil 2020 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa réamhatreorú a rinne Ardchúirt na hÉireann;
  • breithiúnas substainteach na hArd-Chúirte a rinneadh sna himeachtaí seo (3 Deireadh Fómhair 2017, arna leasú ina dhiaidh sin ar an 12 Aibreán 2018);
  • Achoimre Fheidhmeach ar bhreithiúnais substainteach na hArd-Chúirte (3 Deireadh Fómhair 2017);
  • an Iarraidh ón Ard-Chúirt ar Réamhrialú ón CJEU (12 Aibreán 2018);
  • breithiúnas na hArd-Chúirte ag diúltú d’iarratas ó Facebook Ireland Limited (Facebook) ar bhac ar atreorú a dhéanamh don CJEU go dtí go ndéanfar achomharc in aghaidh an atreorú a dhéanamh (2 Bealtaine 2018);
  • breithiúnas na Cúirte Uachtarach ag tabhairt cead achomhairc do Facebook (31 Iúil 2018); agus
  • breithiúnas substainteach na Cúirte Uachtarach ina diúltaíodh don achomharc ó Facebook i gcoinne an atreorú a dhéanamh (31 Bealtaine 2019)

3. Sainfhianaise

Ar an leathanach gréasáin seo tá an sainfhianaise finné a thugadh thar ceann an DPC.

4. Tras-Scríbhinní

Ar an leathanach gréasáin seo tá na tras-scríbhinní i dtaca le gach lá den éisteacht substainteach roimh an mBreitheamh Costello in Ard-Chúirt na hÉireann a tharla i rith Feabhra – Márta 2017.

Nota: Cuirtear an leathanach seo ar fail mar threoir amháin, agus ní comhairle dlí ná anailís dlí atá inti.