Comhdháil Líonra OCS 2020

26th Mí Feabhra 2020

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an Chomhdháil OCS a bhí beartaithe don 31 Márta curtha siar. Déanfar í a athsceidealú agus fógróimid an dáta nua chomh luath agus a bhfuil sé ar fáil.

 

Bhun an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) Líonra OCS éascaithe ag an DPC. Is é an chéad tionscnamh atá á leathadh amach againn ná an Chomhdháil Líonra OCS sa Helix, Baile Átha Cliath, ar an 31 Márta 2020.

Déanfaidh an Líonra OCS atá éascaithe ag an DPC rannpháirtíocht idir piaraí agus comhroinnt eolais idir OCSanna a chur chun cinn. Mar chuid den Chomhdháil beidh príomhshaineolaí sa réimse cosanta sonraí, ag obair trí reachtaíocht um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm i mbealach praiticiúil agus infheidhme.

Rinne an DPC teagmháil le Líonraí eagsúla OCS le cúpla mí anuas agus d’iarr sé aiseolas ó OCSanna ag obair sna hearnála phoiblí, phríobháideach agus neamhbhrabúis maidir le hábhair gur mhaith leo go gclúdófar tríd ár Líonra.

Mar thoradh ar an dteagmháil seo déanfaidh an Chomhdháil díriú ar ábhair ar nós;

  •             Measúnú ar Rioscaí
  •             Sáraithe ar Shonraí
  •             Rochtain agus Léirscrioscadh
  •             Bunús Dlí
  •             Leas Dlisteanach
  •             Comhroinnt Sonraí san Earnáil Phoiblí