Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an ionchúiseamh rathúil is déanaí i leith Cionta Margaíochta

20th Mí Meán Fomhair 2023

D’fháiltigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an toradh a bhí ar imeachtaí ionchúisimh a thionscain sé inniu ag Cúirt Dúiche Chorcaí in aghaidh Alpha Wealth Limited, cuideachta chomhairleach airgeadais atá lonnaithe ar an Oileán Beag, Corcaigh.

Phléadáil Alpha Wealth Limited ciontach in dhá chúiseamh i ndáil le sáruithe ar na rialacháin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha a sheoladh gan toiliú (Rialachán 13 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 336 de 2011). Bhain an dá chúiseamh le teachtaireachtaí ríomhphoist margaíochta neamhiarrtha a sheoladh chuig beirt gan toiliú. Tharla na cionta i mí Eanáir 2023. Fuair an chuideachta rabhadh ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí sa bhliain 2022 tar éis dó imscrúdú a dhéanamh ar ghearán roimhe sin maidir le teachtaireachtaí ríomhphoist margaíochta neamhiarrtha a sheoladh chuig duine amháin de na daoine aonair lena mbaineann.

Chuir an Chúirt an Probation of Offenders Act, 1907, i bhfeidhm, ar choinníoll go dtabharfadh an cosantóir síntiús €500 an duine don bheirt lena mbaineann faoin 18 Deireadh Fómhair 2023. Thug an Chúirt le fios go gciontódh sí an cosantóir agus go bhforchuirfeadh sí fíneáil €1,000 i gcás mainneachtain an tOrdú sin a chomhlíonadh. D’aontaigh Alpha Wealth Limited costais dlí an Choimisiúin a ghlanadh.

Ba cheart do thoradh an lae inniu a bheith ina mheabhrúchán eile do gach eagraíocht a ghabhann d’aon chineál margaíochta leictreonaí sa Stát, amhail margaíocht a dhéantar trí ríomhphost, trí theachtaireacht téacs nó trí mhangaireacht fóin, gur féidir go ndéanfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí ionchúiseamh coiriúil a thionscnamh i gcás neamhchomhlíonadh na rialachán.