Seolann an DPC fiosrúchán ar Facebook maidir le tacar sonraí tiomsaithe de shonraí pearsanta úsáideoirí Facebook a cuireadh ar fáil ar an Idirlíon

14th Mí Aibreán 2021

Inniu sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) fiosrúchán as a stuaim féin de bhun alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 maidir le tuairiscí iomadúla sna meáin idirnáisiúnta. Léirigh na tuairiscí go raibh sonraí pearsanta úsáideoirí Facebook curtha ar fáil i dtacar sonraí tiomsaithe ar an Idirlíon. Tuairiscíodh go raibh sonraí pearsanta sa tacar sonraí seo ag baint le timpeall ar 533 milliún úsáideoirí Facebook ar fud an domhain. Chuaigh an DPC i ngleic le Facebook Ireland maidir leis an gceist seo a thuairiscíodh. Chuir an DPC ceisteanna maidir le comhlíonadh an GDPR agus thug Facebook Ireland roinnt freagraí ar na ceisteanna seo.

Tar éis dó machnamh ar an eolas a thug Facebook Ireland ar an gceist seo go dtí seo, tá an DPC den tuairim go bhfuil seans gur sháraíodh foráil nó forálacha den GDPR agus/nó den Acht um Chosaint Sonraí 2018, agus/nó go bhfuil fóráil nó forálacha á shárú faoi láthair maidir le sonraí pearsanta Úsáideoirí Facebook.

Da réir sin, measann an Coimisiún gur cheart go gcinnteofar an ndearna nó nár rinne Facebook Ireland a oibleagáidí a chomhlíonadh, mar rialaitheoir sonraí, maidir le sonraí pearsanta a úsáideoirí a phróiseáil trí na gnéithe Facebook Search, Facebook Messenger Contact Importer agus Instagram Contact Importer ina sheirbhís, nó an ndearnadh aon fhoráil/fhorálacha den GDPR agus/nó den Acht um Chosaint Sonraí 2018 a shárú agus/nó an bhfuil aon fhoráil/fhorálacha á shárú faoi láthair i dtaca leis seo.