Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí Cinneadh Críochnaitheach tar éis Fiosrúchán ar Shláinte Leanaí Éireann
01st Mí Deireadh Fomhair 2026
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis fiosrúchán ar Shláinte Leanaí Éireann (SLÉ) a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil fhisiciúil na dtaifead sláinte do leanaí laistigh de shaoráid amháin ar leith de chuid SLÉ ag Ospidéal Ollscoile Thamhlachta.
Rinne an Coimisiún cigireacht neamhfhógartha láithreáin ag an tsaoráid de chuid SLÉ an 16 Iúil 2025 tar éis nochtaí cosanta a thuairisciú don Choimisiún i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2025. Sheol an Coimisiún fiosrúchán an 11 Lúnasa 2025.
Mar chuid den phróiseas nochtaí cosanta, tháinig an Coimisiún ar an eolas freisin go raibh doiciméid ina raibh sonraí íogaire leanaí agus sonraí catagóire speisialta leanaí araon ag cur thar maoil ó araid dramhaíola rúnda agus gur baineadh den araid iad ina dhiaidh sin. Bhí an araid sin suite in aice leis an doras chuig oifig an dochtúra ospidéil neamhchomhairligh ag an tsaoráid de chuid SLÉ.
I dteannta a chéile, chruthaigh na saincheisteanna sin ábhair imní slándála maidir le rúndacht na sonraí pearsanta leanaí a bhí á stóráil agus á gcoinneáil i dtaifid pháipéir in oifig an dochtúra ospidéil neamhchomhairligh de chuid SLÉ agus maidir le bainistiú agus rialú cuí na dtaifead sin.
Mar chuid den Fhiosrúchán, rinne an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:
- Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon SLÉ na hoibleagáidí a bhí air faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) maidir le rúndacht na dtaifead páipéir a bhí á stóráil agus á gcoinneáil in oifig an dochtúra ospidéil neamhchomhairligh de chuid SLÉ i dTamhlacht.
- Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon SLÉ na hoibleagáidí a bhí air faoi RGCS maidir le bainistiú agus rialú cuí na dtaifead páipéir a bhí á stóráil agus á gcoinneáil in oifig an dochtúra ospidéil neamhchomhairligh de chuid SLÉ i dTamhlacht.
Is iad na príomhfhionnachtana sa chinneadh ón gCoimisiún, a cuireadh in iúl do SLÉ i dTamhlacht an 10 Meán Fómhair 2026, gur sháraigh SLÉ i dTamhlacht prionsabal na slándála agus na rúndachta faoi Airteagal 5(1)(f) RGCS agus gur sháraigh sé Airteagal 32(1) RGCS nuair a mhainnigh sé:
- A chinntiú go ndéanfaí sonraí pearsanta laistigh d’oifig an dochtúra ospidéil neamhchomhairligh a phróiseáil ar mhodh a chinnteodh slándáil agus rúndacht chuí na sonraí sin;
- A chinntiú go ndéanfaí sonraí pearsanta laistigh d’oifig an dochtúra ospidéil neamhchomhairligh agus, ina theannta sin, na sonraí pearsanta a chuirfí in araidí dramhaíola rúnda, a phróiseáil ar mhodh a chinnteodh bainistiú agus rialú cuí na sonraí sin.
I bhfianaise na sáruithe atá sainaitheanta thuas, rinne an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Iomardú a thabhairt do SLÉ i dTamhlacht;
- Ordú a thabhairt do SLÉ i dTamhlacht an dóigh a bpróiseálann sé sonraí pearsanta a chur i gcomhréir le RGCS, agus go háirithe í a chur i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(f) RGCS agus le hAirteagal 32(1) RGCS. I measc na n-orduithe a d’fhorchuir an Coimisiún ar SLÉ i dTamhlacht tá orduithe lena gceanglaítear ar SLÉ i dTamhlacht:
- An dréacht-Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí a bhaineann le Próiseáil Taifead Cúram Sláinte in oifig an dochtúra ospidéil neamhchomhairligh a chríochnú agus a thabhairt chun críche agus tuairimí agus fionnachtana an Choimisiúin, mar atá sa Chinneadh fiosrúcháin seo, a chur san áireamh;
- An dréacht-Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí a bhaineann le Bainistiú Dramhaíola Rúnda a chríochnú agus a thabhairt chun críche agus tuairimí agus fionnachtana an Choimisiúin, mar atá sa Chinneadh fiosrúcháin seo, a chur san áireamh;
- Na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá sainaitheanta sna leaganacha deiridh de na Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí (amhail dá dtagraítear in (a) agus in (b)) a chur chun feidhme ina n-iomláine. Áirítear leis sin na míreanna gníomhaíochta atá sainaitheanta sna Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí a chur chun feidhme ina n-iomláine agus na Buan-Nósanna Imeachta Oibríochta atá sainaitheanta sna Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí a leabú agus a chur chun feidhme.
- Cóipeanna de na leaganacha deiridh de na Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí a sholáthar don Choimisiún laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an Chinnidh a eisíodh chuig SLÉ i dTamhlacht chun próiseas comhairliúcháin leis an gCoimisiún a éascú. Tá tuairimí agus barúlacha an Choimisiúin le cur san áireamh ag SLÉ i dTamhlacht le linn an phróisis cur chun feidhme.
Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh iomlán in am trátha.