Sárú Sonraí Facebook – Tosú Imscrúdaithe

03rd Mí Deireadh Fomhair 2018

Inniu, an 3 Deireadh Fómhair 2018, thosaigh Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí imscrúdú faoi alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, ar shárú sonraí Facebook. Fuair an Coimisiún fógra faoin sárú Dé hAoine an 28 Meán Fómhair. Féachfar go háirithe san imscrúdú ar an dóigh a bhfuil Facebook ag comhlíonadh na hoibleagáide atá air faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i ndáil le bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sláine agus cosaint na sonraí pearsanta a phróiseálann sé a chinntiú.

Chuir Facebook in iúl don Choimisiún go bhfuil a imscrúdú inmheánach fós ar siúl agus go leanann sé le gníomhartha feabhais a chur i gcrích chun maolú a dhéanamh ar aon bhaol d’úsáideoirí.

I gcás aon cheisteanna ó na meáin, déan teagmháil le Graham Doyle, Ceann Cumarsáide