Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir leis an bhfógra sáraithe a fuarthas ó Eir

22nd Mí Lúnasa 2018

An 10 Lúnasa 2018, fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí fógra ó Eir faoi leochaileacht sonraí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar thart ar 1500 ríomhaire glúine de chuid na cuideachta, ar leochaileacht í a tháinig as cumraíocht mhícheart a bheith ar na ríomhairí sin. Mar thoradh ar an leochaileacht sin, baineadh an criptiú caighdeánach de na ríomhairí glúine lena mbaineann. Tugadh fógra don Choimisiún ina dhiaidh sin gur goideadh ríomhaire glúine amháin. Is é atá sna sonraí pearsanta lena mbaineann ná an t-ainm ar thart ar 36,642 chustaiméir de chuid Eir, mar aon le seoladh ríomhphoist, uimhir fón póca agus uimhir chuntais na gcustaiméirí sin. Tá ainm agus sonraí teagmhála 177 bhfostaí de chuid Eir sna sonraí freisin.

 

 Lean Eir leis an gCoimisiún a choinneáil ar an eolas faoin teagmhas agus faoin ngníomhaíocht cheartaitheach atá á déanamh ina leith. Den 1,484 ríomhaire glúine lena mbaineann, thuairiscigh Eir inné gur athchriptíodh 1,438 gcinn cheana féin, go bhfuil 25 cinn á n-athchriptiú nó ar feitheamh athchriptiú, agus go bhfuil na 21 ríomhaire eile neamhchriptithe go fóill. Dheimhnigh Eir freisin go ndéanfadh sé teagmháil leis na daoine a ndeachaigh an ghoid i bhfeidhm orthu. Leanann an Coimisiún le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcás.

 

Tá an teagmhas seo mar fhianaise ar na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl cheana féin faoi na bearta slándála teicniúla agus struchtúrtha atá ar bun ag eagraíochtaí a phróiseálann sonraí pearsanta. Tá sé mar fhianaise freisin gur gá dianbhearta sábháilteachta a dhéanamh ina gcuid lárnach den tsamhail ghnó atá i bhfeidhm ag gach eintiteas a phróiseálann sonraí pearsanta.

 

Críoch