Osclaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán reachtúil ar Google Ireland Limited

22nd Mí Bealtaine 2019

Ag eascairt ó iniúchadh leanúnach an Choimisiún um Chosaint Sonraí ar chomhlíonadh cosanta sonraí i réimse fógraíocht phearsantaithe ar líne agus ó roinnt aighneachtaí faoi bhráid an Choimisiún um Chosaint Sonraí, iad siúd a bhí déanta ag Dr. Johnny Ryan ó Brave san áireamh, cuireadh tús le fiosrúchán reachtúil de bhun Alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 i leith próiseáil sonraí pearsanta Google Ireland Limited i gcomhthéacs an Ad Exchange ar líne.

Is é cuspóir an fhiosrúcháin ná chun a fháil amach an bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar ag gach céim d’idirbheart fógraíochta i gcomhlíonadh le forálacha ábhartha an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Déanfar scrúdú freisin ar phrionsabail na trédhearcachta agus laghdú sonraí sa RGCS, agus ar chleachtais Google maidir le coinneáil sonraí.