Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh na hionchúisimh rathúla is déanaí i leith cionta margaíochta

11th Mí Meán Fomhair 2023

D’fháiltigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí inniu roimh an toradh a bhí ar na himeachtaí ionchúisimh a thionscain sé ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath in aghaidh Chill Insurance Limited, Hidden Hearing Limited, Chumann Scléaróise Iolraí na hÉireann agus Vodafone Ireland Limited.

Phléadáil Chill Insurance Limited ciontach in dhá chúiseamh i ndáil le sáruithe ar na rialacháin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha a sheoladh gan toiliú agus gan aon rogha bhailí diúltaithe (Rialachán 13 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 336 de 2011). Bhain an dá chúiseamh le teachtaireacht mhargaíochta neamhiarrtha SMS amháin a sheoladh chuig duine aonair amháin gan toiliú agus gan aon rogha bhailí diúltaithe.

Chuir an Chúirt an Probation of Offenders Act, 1907, i bhfeidhm, agus síntiús carthanúil €500 á thabhairt do Little Flower Penny Dinners. D’aontaigh Chill Insurance Limited costais dlí an Choimisiúin a ghlanadh.

Phléadáil Hidden Hearing Limited ciontach i gceithre chúiseamh i ndáil le sáruithe ar na rialacháin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha a sheoladh gan toiliú (Rialachán 13 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 336 de 2011). Bhain na ceithre chúiseamh le teachtaireachtaí margaíochta neamhiarrtha SMS a sheoladh chuig ceathrar aonair, agus glaonna teileafóin neamhiarrtha a chur orthu, gan toiliú a fháil uathu. 

Chuir an Chúirt an Probation of Offenders Act, 1907, i bhfeidhm, agus síntiús carthanúil €500 á thabhairt do Little Flower Penny Dinners. D’aontaigh Hidden Hearing Limited costais dlí an Choimisiúin a ghlanadh.

Phléadáil Cumann Scléaróise Iolraí na hÉireann ciontach i gcúiseamh amháin i ndáil le sáruithe ar na rialacháin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha a sheoladh gan toiliú (Rialachán 13 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 336 de 2011). Bhain an cúiseamh amháin le ríomhphost margaíochta neamhiarrtha a sheoladh chuig duine aonair gan toiliú a fháil uaidh. 

Chuir an Chúirt an Probation of Offenders Act, 1907, i bhfeidhm, agus síntiús carthanúil €500 á thabhairt do Little Flower Penny Dinners. D’aontaigh Cumann Scléaróise Iolraí na hÉireann costais dlí an Choimisiúin a ghlanadh.

Phléadáil Vodafone Ireland Limited ciontach i gcúiseamh amháin i ndáil le sáruithe ar na rialacháin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha a sheoladh gan toiliú (Rialachán 13 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 336 de 2011). Bhain an cúiseamh amháin le ríomhphost margaíochta neamhiarrtha a sheoladh chuig duine aonair gan toiliú a fháil uaidh. 

Chiontaigh an Chúirt Vodafone Ireland Limited sa chúiseamh amháin sin agus d’fhorchuir sí fíneáil €500. Tugadh trí mhí don chuideachta chun an fhíneáil a íoc. Insíodh don chúirt go raibh ciontuithe roimhe ag Vodafone Ireland Limited i ndáil le cionta a d’ionchúisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí i leith cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha. Ghlan Vodafone Ireland Limited costais dlí an Choimisiúin roimh an éisteacht.

Ba cheart do thoradh an lae inniu a bheith ina mheabhrúchán do gach eagraíocht a ghabhann d’aon chineál margaíochta leictreonaí, amhail margaíocht a dhéantar trí ríomhphost, trí theachtaireacht téacs nó trí mhangaireacht fóin, gur féidir go ndéanfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí ionchúiseamh coiriúil a thionscnamh i gcás neamhchomhlíonadh na rialachán.