Cuireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte roimh thoradh an imeachta ionchúisimh a rinneadh in aghaidh Vodafone Ireland Limited

27th Mí Meitheamh 2022

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte inniu roimh thoradh an imeachta ionchúisimh a rinneadh ar maidin i gCúirt Dúiche Chathrach Áth Cliath in aghaidh cuideachta iomráite teileachumarsáide maidir le cionta margaíochta faoi I.R. 336 ó 2011.

Phléadáil Vodafone Ireland Limited ciontach as cúis amháin go ndearna sé glao teileafóin margaíochta gan iarraidh agus gan toiliú. Bhain an cás le custaiméir a bhfuair glao margaíochta ar a huimhir fón póca i mí Iúil 2021. Roghnaigh an gearánaí gan margaíocht a fháil ó mhí Márta 2018. Rinne Vodafone Ireland Limited seiceáil láimhe ar roghanna sula ndearna sé an cumarsáid agus de bharr earráid dhaonna cuireadh an gearánaí san áireamh. Chuir an chúirt an Probation of Offenders Act i bhfeidhm sa chás seo toisc go ndéanfaidh an chuideachta €500 a bhronnadh ar an gcarthanas Little Flower Penny Dinners.

Thoiligh an chuideachta cosantóra costais ionchúiseamh an DPC a íoc.