Cás-Staidéir Margaíocht Dhíreach Leictreonach

 

Ionchúiseamh Viking Direct (Ireland) Limited

I mí Aibreáin 2017, fuaireamar gearán ó úinéir gnóthais maidir le ríomhphoist mhargaíochta neamhiarrtha a bhí seoladh ríomhphoist an ghnóthais ag fáil ó Viking Direct (Ireland) Limited. Chuir an gearánach in iúl go ndearna sí teagmháil leis an gcuideachta roimhe sin chun a iarraidh go mbainfí seoladh ríomhphoist a gnóthais ón liosta margaíochta. Dá ainneoin sin, leanadh le tuilleadh ríomhphost margaíochta a sheoladh chuici.

Le linn ár n-imscrúdaithe, dheimhnigh Viking Direct (Ireland) Limited gur iarr an gearánach roinnt uaireanta go mbainfí í dá liosta seachadta . Mhínigh sé gur theip ar na próisis inmheánacha le haghaidh na sonraí a aistriú chuig an liosta sochta. Dá bharr sin, bhí na sonraí ann ar an liosta seachadta fós . Luaigh an chuideachta go ndearnadh na córais a cheartú agus a thástáil ón uair sin, a fhágann nár cheart go dtiocfadh an cás sin chun cinn choíche. Ghabh an chuideachta a leithscéal as aon mhíchao- ithiúlacht a raibh an gearánach thíos léi. Le linn ár n-im- scrúdaithe, aimsíodh fianaise ar thrí iarraidh scar-rogha a sheol an gearánach chuig Viking Direct (Ireland) Limited trí ríomhphost idir an 30 Márta 2017 agus an 11 Aibreán 2017.

Sa bhliain 2012, bhí Viking Direct (Ireland) Limited ina ábhar d’imscrúdú a tionscnaíodh mar thoradh ar ghearán a rinneadh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí faoi ríomhphoist mhargaíochta neamhiarrtha. Ag an am sin, thugamar an t-imscrúdú sin chun críche ach rabhadh a eisiúint chuig an gcuideachta. I bhfianaise an rabhaidh sin, chinn an Coimisiún go n-ionchúiseodh sé an chuideachta i leith an ghearáin a rinneadh sa bhliain 2017.

I gCúirt Dúiche Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath an 14 Bealtaine 2018, thaifead an chuideachta pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le ríomhphost margaíochta neamhiarrtha a bheith á sheoladh chuig seoladh ríomhphoist ghnóthais de shárú ar Rialachán 13(4) de I.R. Uimh . 336 de 2011. I gcomhréir leis an Rialachán sin, is cion é cumarsáid margaíochta dírí neamhiarrtha a sheoladh trí ríomhphost chuig síntiúsóir (síntiúsóirí gnó san áireamh) i gcás gur chuir an síntiúsóir in iúl don seoltóir nach dtoilíonn sé/sí le cumarsáid den sórt sin a fháil. Cuireadh an cás ar atráth le haghaidh pianbhreith a ghearradh go dtí an 11 Meitheamh 2018. Ag an éisteacht gearrtha pianbhreithe, bhain an chúirt úsáid as alt 1(1) den Acht um Promhadh Ciontóirí, in ionad ciontú agus fíneáil a ghearradh. D’aontaigh an chuideachta go n-íocfadh sí as na costais ionchúisimh a thabhaigh an Coimisiún.