Data Protection Commissioner

Príobháideachas i rith na mBlianta – Bliain is Fiche de Chosaint Sonraí

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí sa bhliain 1989 tar éis achtaithe an Achta um Chosaint Sonraí 1988(1), an chéad reachtaíocht um chosaint sonraí a tugadh isteach i ndlí intíre na hÉireann.

Le ceiliúradh á dhéanamh againn ar chomóradh bliana is fiche na hOifige, tá sé suimiúil b'fhéidir scrúdú a dhéanamh ar phríobháideachas le linn na mblianta sin agus tá súil againn treorú i dtreo cad atá i ndán do phríobháideachas an duine aonair amach anseo....Cad a bhí mar phríomh-ábhair imní an phríobháideachais déanach sna 1980aidí agus i gcaitheamh na 1990aidí? Arbh é oscailt trí ghalú nó idircheapadh líomhanta litreach pearsanta nó an t-eolas gur éist fostaí i malartán teileafóin le comhrá príobháideach? An ndearnadh gearáin leis an Oifig mar thoradh ar fhaisnéis leighis íogair á sceitheadh ag rúnaí ar an teileafón i lialann Dochtúra Ginearálta a bhí lán le daoine?

Ag féachaint siar ar na tuarascálacha bliantúla atá curtha le chéile ag an Oifig thar bliain is fiche, tá cosúlachtaí láidre ann le staid um chosaint sonraí i 2010 agus príomh-dhifríochtaí chomh maith maidir leis na cineálacha gearán a ndéantar agus na saincheisteanna atá os comhair na hOifige.  Is cosúil gurb iad saincheisteanna creidmheasa an tomhaltóra a bhí mar an phríomh-ábhar imní príobháideachais is mó a bhí ag na daoine a chuaigh i gcomhairle leis an Oifig sa blianta luaithe tionscanta. Luann tuarascáil bhliantúil 1990 gur bhain dhá thrian de na gearáin fhoirmiúla a imscrúdaigh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí le creidmheas tomhaltóra, go háirithe leis an saincheist maidir le tuairiscí creidmheasa díobhálacha á gcur i gcrích ag institiúidí iasachta ar dhaoine aonair do ghníomhaireachtaí teistiméireachta creidmheasa, cé go bhfuiltear tar éis teacht ar théarmaí réitigh le hinstitiúidí iasachta ar fhiacha gan íoc.  Thóg an Coimisinéir ag an am úd faoi deara "Déantar é seo go minic gan an ghníomhaireacht a chur ar an eolas faoin réiteach ná rá leis an duine aonair go bhfuil an tuairisc díobhálach á chur".  Chuathas i ngleic leis an saincheist go héifeachtach ag an am trí theagmháil shubstaintiúil leis an earnáil. Gan amhras mar thoradh díreach ar an timpeallacht gheilleagrach reatha, chonaic an Oifig méadú i 2009 ar fhiosrúcháin agus ar ghearáin maidir le cúrsaí airgeadais, leachtú, bailiú fiach agus ábhair a bhaineann le creidmheas ach táimid buíoch go bhfuil sé i bhfad ón leibhéal a chonacthas i dtuarascáil na bliana 1990.


Feasacht um Chosaint Sonraí & Príobháideachas

Tuairiscíonn Tuarascáil Bhliantúil 1995 míthuiscint réasúnta choiteann inar creideadh go raibh teacht ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ar bhunachar sonraí ollmhór éigin a thugann na cuntais ríomhaireachta go léir a bhaineann le daoine aonair le chéile.  Chomh maith leis sin, bhí díomá ar an gCoimisinéir a thabhairt faoi deara i dTuarascáil Bhliantúil 1997 cé gur léiríodh ardleibhéil imní i measc freagróirí i leith príobháideachas faisnéise i Suirbhé Dearcaidh & Feasachta curtha i gcrích ag an Oifig gur nochtadh "nár luaigh ach 2% d'fhreagróirí an Oifig go spontáineach nuair a fiafraíodh dóibh eagraíochtaí a ainmniú a dhéileálann le gearáin faoi phríobháideachas."  A bhuíochas le bliain is fiche de mhúscailt feasachta tiomanta, tá na barúlacha seo den Oifig agus a cuid feidhmeanna beagnach díothaithe go hiomlán!


Clárú

Nuair a bunaíodh í sa bhliain 1989, thug an Oifig aghaidh go gasta ar cheann de phríomh-mhíreanna an Achta 1988, an riachtanas do chatagóirí áirithe 'rialaitheoirí sonraí' agus 'próiseálaithe sonraí' clárú leis an Oifig, ag imlíniú ar chlár infhaighte go poiblí na cineálacha sonraí pearsanta á bpróiseáil agus chun táille chlárúcháin bhliantúil a íoc. Chláraigh 1,194 rialaitheoir sonraí agus próiseálaí sonraí cláraithe sa bhliain 1989, i gcomparáid le 4,318 rialaitheoir agus próiseálaí sonraí atá cláraithe leis an Oifig anois i 2010. Tá an t-eolas seo ar fáil do chách ar ár suíomh gréasáin ag  http://www.dataprotection.ie/docs/Current_list_of_Registrations_held_by_the_Data_Protection_Co/8.htm  agus áirítear ann méid ollmhór sonraí maidir le conas mar a láimhseálann eagraíochtaí sonraí pearsanta. Mar shampla tá clárú An Gharda Síochána, atá ar fáil ag  http://www.dataprotection.ie/registry-details/0315%2FA.htm – thar a bheith faisnéiseach agus trédhearcach sa chaoi ina n-úsáideann an fórsa sonraí pearsanta chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.


Cumarsáid Gan Iarraidh

Ábhar fiosrúcháin don Oifig ón tús ba ea coir phoist gan iarraidh agus conas cosc a chur le cumarsáid dá leithéid seo ag dul ar aghaidh. Sa bhliain 1996 thug Cumann Margaíocht Dírí na hÉireann (IDMA) isteach Seirbhís Tosaíochta Poist. Thosaigh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ag treorú baill chuig an áis seo láithreach bonn áit ar tugadh deis dóibh a dtosaíocht gan a bheith margaithe go díreach sa phost a chlárú ar bhonn lárnaigh. Bhí gá aghaidh a thabhairt chomh maith ar shaincheist na nglaonna gutháin gan iarraidh agus mar sin sheol Eircom tionscnamh comhchosúil – Seirbhís Tosaíochta Gutháin – sa bhliain 1998 i gcomhar leis an IDMA. Leanadh é seo le seirbhís tosaíochta gutháin ar aghaidh ar cheangal dlí, clár 'rogha an diúltaithe' ar an NDD (Eolaire Náisiúnta Bunachar Sonraí), a tugadh isteach tar éis a glacadh le IR 535 de 2003 (arna leasú). Is é is ciall leis seo ná gur cion é glaoch ar dhuine a bhfuil a dtosaíocht gan glaonna gutháin dá leithéid seo a fháil curtha in iúl acu. De réir mar a sheasanna sé inniu, tá a dtosaíocht cláraithe ag os cionn milliún rannpháirtí le bheith áirithe ar an NDD.

Má thógtar luas na héabhlóide teicneolaíochta san áireamh ó na 90aidí, tá an speictream maidir le margaíocht dhíreach gan iarraidh sínte go staid an lae inniu ina leanann margaíocht shuíomh-bhunaithe GSM, fógraíocht iompraíochta ar-líne, r-phoist agus teachtaireachtaí téacs gan iarraidh ar aghaidh mar dhúshlán méadaitheach do chearta príobháideachais. De bharr luas dhul chun cinn na teicneolaíochta, tá sé deacair teorainneacha margaíochta na todhchaí agus na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith leo a thuar, ach is léir go bhfuil lorg ár ngníomhaíochtaí ar-líne chun díriú níos fearr orainn le margaíocht mar phríomh-shaincheist go bhfuilimid ag súil go rachaidh ár nOifig i ngleic leis agus sinn ag dul ar aghaidh.


Ceart Rochtana

Tá sé soiléir ó athbhreithniú ar na tuarascálacha bliantúla go luath sna 1990aidí gur bhain deacrachtaí le cearta na ndaoine aonair chun iarratas rochtana a dhéanamh ar chóip dá gcuid sonraí pearsanta faoi alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí do roinnt rialaitheoirí sonraí, maidir le heaspa eolais dhealraitheach ar a gcuid freagrachtaí agus dualgais sa réimse seo nó aimhleisceas chun freagairt laistigh de na hamscálaí sonraithe. 

Tá sé fós fíor bliain is fiche tar éis cearta na ndaoine aonair a bhronnadh chun rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta ó pé daoine atá á gcoinneáil (comhlacht poiblí, an earnáil phríobháideach, eagraíocht dheonach s.rl.) gur ábhar iontais é fós do roinnt rialaitheoirí sonraí go bhfuil an ceart seo ann. Tá moilleanna i bhfreagairt ar iarratais rochtana fós mar shaincheist nach mór don Oifig aghaidh a thabhairt uirthi, cé gur éirigh le hobair shuntasach i leith ardú feasachta ar chosaint sonraí ar a laghad béim a leagadh ar chearta rochtana na ndaoine aonair.


Gearáin

Maidir le staitisticí iomlána, tá líon na ngearán a imscrúdaigh an Oifig sa réimse ó 25 gearán bunúsach i dtosach thiar sa bhliain 1990 go 91 gearán i 1997, 233 i 2001 suas chomh fada le leibhéal de thart ar 1,000 i leith gach ceann de na trí bliana deireanacha ag léiriú an aird mhéadaithe ar chosaint sonraí i sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Déileáiltear le mórán fiosrúchán eile gan an gá le himscrúdú foirmiúil a oscailt.

Mar atá imlínithe anseo thuas, ón uair a bunaíodh an Oifig sa bhliain 1989 suas chomh fada le 1997 bhí dhá phríomh-shaincheist soiléir sna gearáin imscrúdaithe ag an Oifig: creidmheas tomhaltóra agus margaíocht dhíreach gan iarraidh. I dtuarascáil bhliantúil na bliana 1997 thóg an Coimisinéir faoi deara an tríú saincheist a d'eascair mar ghné i roinnt cásanna imscrúdaithe; úsáid chlár na dtoghthóirí mar fhoinse ainmneacha agus seoltaí le haghaidh liostaí seachadta. Lean an tsaincheist seo mar chúis na ngearán a rinneadh leis an Oifig thar na blianta a lean go dtí gur tugadh aghaidh ar an ábhar le tabhairt isteach Cláir "Lán" agus "Atheagraithe" i 2004 agus leis seo ní fhéadfaí ach ainmneacha ar an gclár atheagraithe a úsáid chun críocha seachas cuspóir toghcháin nó reachtúil eile cosúil le margaíocht dhíreach.

Ag deireadh feidhmiú scór bliain na hOifige tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara gur athraigh ábhar na ngearán go suntasach i 2006, le 39% de ghearáin a fuarthas bainteach le cumarsáid leictreonach gan iarraidh agus 28% de ghearáin imscrúdaithe bainteach le cearta rochtana. Níor bhain ach 5% de ghearáin a imscrúdaíodh i 2006 le cruinneas. Cuireadh stop le  treocht méadaithe na ngearán a tháinig don chuid is mó ó mhéadú i dteachtaireachtaí téacs gan iarraidh ó earnáil SMS ardráta nuair a thug tuarascáil bhliantúil 2008 faoi deara 

"Maidir le teachtaireachtaí téacs margaíochta gan iarraidh, bhí laghdú beagnach 200 gearán sa líon a fuair m'Oifig i 2008 i gcomparáid le 2007. Cuirim an laghdú seo i leith tionchar ar earnáil na margaíochta téacs a bhí ag imeachtaí ionchúisimh a chuir mé os comhair na Cúirte Dúiche i dtreo deireadh 2007 i gcoinne líon cuideachtaí ag feidhmiú san earnáil sin."


Teicneolaíocht

Luaitear teicneolaíochtaí an chárta cliste i dtuarascáil bhliantúil 1995, ag fógairt teagmháil mhéadaithe ag an Oifig le teicneolaíochtaí nua agus a gcuid impleachtaí. Sa bhreis ar sin déantar tagairt do scéimeanna cárta dílis don chéad uair i dtuarascáil bhliantúil 1995 agus leagtar béim ar chumas teicneolaíocht FRID (gléasanna lorgaireachta raidió ar earraí tomhaltais) nuair a chomhcheanglaítear le cárta dílis é in acmhainn atá dírithe ar dhéagóirí a rinne an Oifig i 2007 dar teideal - 'Sign Up, Log In, Opt Out: Protecting your Privacy & Controlling your Data'. Tagann tionscnaimh R-Rialtais chun cinn le haghaidh díospóireachta i dtuarascáil bhliantúil 2000, agus soláthraítear tráchtaireacht ar shuímh líonraithe shóisialta don chéad uair i dtuarascáil bhliantúil 2006. Tá trácht ar chórais bithmhéadracha i roinnt tuarascálacha bliantúla ó 2001 ar aghaidh.


Cártaí Aitheantais Náisiúnta

Cuireadh ionchas na gCártaí Aitheantais Náisiúnta chun cinn chomh fada siar le tuarascáil bhliantúil 1992 leis an gCoimisinéir ag an am ag trácht ar an togra chun cártaí aitheantais a eisiúint bunaithe ar uimhreacha RSI

"cruthaíonn úsáid shínte uimhreach slándála sóisialaí ar fud na hearnála poiblí bagairt tromchúiseach don phríobháideachas ná mar a shamhlaítear. An chúis atá leis seo ná go gcruthaíonn úsáid aon uimhreach aitheantais ilchuspóra an fhéidearthacht go ndéanfaí "comhoiriúnú comhaid" ar bhonn leathan laistigh den earnáil Stáit. Is í an fhéidearthacht um "chomhoiriúnú comhaid" agus ní hamháin úsáid na n-uimhreacha is cúis le himní príobháideachais. Ón uair a thosaíonn uimhreacha ilchuspóra ag trasnú línte gníomhaireachta rialtais, cuirtear breithnithe príobháideachais i leataobh i bhfabhar éifeachtacht riaracháin".

Beagnach 20 bliain níos déanaí, maireann saincheist na gcártaí aitheantais náisiúnta fós, leis an gCoimisinéir gafa faoi láthair i gcomhairliúcháin fairsing leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh maidir lena cuid pleananna siúd chun tús a chur le tabhairt isteach céimnithe de chárta Aitheantais Seirbhísí Poiblí le grianghraf, síniú agus Uimhir PSP an duine aonair. Tá sé soiléir chomh maith gur réadúlacht é ó shin comhoiriúnú comhaid thar línte gníomhaireachta rialtais, ag baint úsáide as an uimhir PSP.
 

An Earnáil Phoiblí agus díolúintí sna hAchtanna um Chosaint Sonraí

Maidir leis an earnáil phoiblí, tá sé suimiúil cás a lua a ghlac ceannas ar thuarascálacha bliantúla 1992 agus 1993 maidir le Coimisinéirí Ioncaim agus an úsáid a bhain siad as foráil sna hAchtanna um Chosaint Sonraí – alt 5 (1)(a) – a cheadaíonn rochtain a dhiúltú i gcás "sonraí pearsanta a choimeádtar chun cionta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, nó chun aon cháin atá dlite don Stát a mheasúnú nó a bhailiú nó in aon chás inar dhóigh go ndéanfadh ceadú rochtana den sórt sin dochar d'aon cheann de na nithe seo." Mar thoradh ar an bhforáil seo ghlac na Coimisinéirí Ioncaim le beartas ginearálta a dhiúltaíonn cearta na gcáiníocóirí teacht ar a gcuid sonraí pearsanta de bharr go ndéanfadh sé dochar do bhailiú cánacha. Chuir an Coimisinéir Cosanta Sonraí dúshlán faoi fheidhmiú na forála seo agus eisíodh fógra faisnéise do na Coimisinéirí Ioncaim ag lorg fírinniú den chur chuige seo a d'achomharc agus a chaill siad ina dhiaidh sin sa Chúirt Chuarda. Bunaíodh Grúpa Athbhreithnithe ina dhiaidh sin ina raibh an Oifig seo agus na Coimisinéirí Ioncaim páirteach, ag oibriú i dteannta a chéile chun critéir chomhaontaithe a dhréachtú chun staideanna a chinneadh ar a mbeadh na Coimisinéirí Ioncaim ábalta braith go cuí orthu (alt 5 (1)(a).

Os cionn cúig bliana déag níos déanaí, aibhsíodh foráil bhainteach, sraith díolúintí faoi réir tástála dochair chomh maith sa tuarascáil iniúchóra faoin imscrúdú a rinne an Oifig ar Choimisinéirí Ioncaim i 2009. Tá an tuarascáil seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag http://www.revenue.ie/en/about/data-protection-report.html
 
"Ón tús, léirigh Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí gur aithin sé go bhfuil seasamh ar leith ag na Coimisinéirí Ioncaim mar thoradh ar na díolúintí leathana atá ann faoi Alt 8(b) de chuid na nAchtanna um Chosaint Sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun cáin a mheasúnú nó a bhailiú. Mar sin féin, chuir an Fhoireann béim ar an bhfíric go bhfuil na díolúintí seo faoi réir tástála dochair i ngach cás agus ní mór fós do na Coimisinéirí Ioncaim na riachtanais eile ar fad de chuid na nAchtanna a chomhlíonadh i dtéarmaí coinneáil, nochtadh agus slándáil. Dheimhnigh  na Coimisinéirí Ioncaim don fhoireann gur thuig siad na riachtanais seo agus go rabhthas tar éis mór-acmhainní a infheistiú chun comhlíonadh a chinntiú leis na riachtanais faoi reachtaíocht cosanta sonraí agus chun é féin a chosaint ó aon bhaol neamh-chomhlíonta."

Iniúchtaí

Níor tugadh isteach an léirchumhacht chun eagraíocht a scrúdú agus cóip de shonraí pearsanta a scrúdú nó a ghnóthú go dtí an tAcht um Chosaint Sonraí 2003 agus mar sin tá tagairt i dtuarascáil bhliantúil 2003 do ghníomhaíochtaí iniúchóireachta na hOifige don chéad uair. Ábhar iontais is ea an méadú i líon na n-iniúchtaí a rinne an Oifig le 31 iniúchadh déanta i 2009 i gcomparáid le 6 hiniúchadh sa bhliain 2003.

Todhchaí na Cosanta Sonraí

Ag féachaint isteach i liathróid chriostal phríobháideachais na todhchaí, tagann boghtaí digiteacha sa spéir chun cuimhne. Gineann réimse na dteicneolaíochtaí mórán sonraí cosanta ag smúiteán scamallach de líonraí ríomhaireachta. D'fhéadfadh go gcoinneodh an t-éitear ADN agus mapa géiniteach duine, a stair fhostaíochta, taifid sláinte, próifíl líonraithe sóisialta, pictiúir den sráid agus den áit ina bhfuil cónaí air/uirthi, tuairisc ar a gcuid idirbhearta airgeadais uile, taifid d'aon phionóis nó fíneálacha a tabhaíodh, sampla dá nguth, cóip dá mhéarloirg. Níl aon deireadh leis na féidearthachtaí...Comhcheanglaíonn teorainneacha sonraí go leanúnach agus sónn an staid príobháideachais ag luas méadaitheach.... Gan dabht ní chiallaíonn sé go bhfuil sé ceart ná go deimhin dleathach rud a dhéanamh toisc gur féidir é a dhéanamh. Is pointe é seo atá caillte go minic orthu siúd a choinníonn sonraí pearsanta.

Ag dul ar aghaidh, beidh sé thar a bheith suimiúil a mheas an athróidh meon na ndaoine maidir le cosaint sonraí mar thoradh ar oiriúintí chomh mór sin sa bhealach ina ngabhtar agus a shábháiltear a sonraí pearsanta. Cheana féin, nuair a dhéantar scrúdú ar fheiniméan na suíomh líonraithe shóisialta agus na bhfóram díospóireachta éagsúla ar-líne, is cosúil go bhfuil nochtadh gach saghas eolais agus íomhánna pearsanta éigeantach, le heolas fíor-phearsanta á nochtadh uaireanta gan fiú na socruithe príobháideachais is bunúsaí a úsáid.

Mar a sonraíodh i ráitis le gairid ón gCoimisinéir Cosanta Sonraí reatha ag Seimineár Príobháideachta Chomhairle Preasa in Eanáir 2010

 

(1) Ní mór do chosaint sonraí oiriúnú do noirm shóisialta agus modhanna cumarsáide athraitheach. Ach tá a chuspóir bunúsach chun an oiread smacht agus is féidir a thabhairt dúinn ar ár gcuid eolais pearsanta níos tábhachtaí fós sa domhan cumasaithe-gréasáin ina mhairimid.

 






» Permanent Link