Tuarascáil an DPC maidir le húsáid fianán agus tecineolaíochtaí rianúcháin eile

06th Mí Aibreán 2020

Leasaithe an 15 Aibreán 2020

I mí Lúnasa 2019, chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) tús le scrúdú a dhéanamh ar úsáid fianán agus ar theicneolaíochtaí den chineál céanna ar fud raon earnálacha, lena n-áirítear, na meáin agus foilsitheoireacht, an earnáil mhiondíola, bialanna agus seirbhísí ordaithe bia, árachas, spórt agus caitheamh aimsire agus an earnáil phoiblí.

Roghnaíomar láithreáin ghréasáin a bhfuil an-tóir orthu agus atá á bhfeidhmiú ag formhór na n-eagraíochtaí is mó aithne ar fud na n-earnálacha seo. Chuireamar rialaitheoirí san áireamh freisin ar tugadh an úsáid a bhaineann siad as fianáin ar aird an DPC trí ghearáin ón bpobal nó trínár mbreathnóireacht féin maidir leis an mbealach ina cuireadh faisnéis maidir le fianáin agus le teicneolaíochtaí rianúcháin i láthair, nó a raibh an chuma orthu go raibh siad in easnamh, ar na láithreáin seo.

Is é a bhí mar chuspóir leis an scuab-shuirbhé faisnéis a éileamh chun deis a thabhairt dúinn le scrúdú a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí den sórt sin agus a fháil amach conas, agus cibé, an bhfuil eagraíochtaí ag comhlíonadh an dlí. Go háirithe, theastaigh uainn scrúdú a dhéanamh ar an mbealach ina bhfaigheann rialaitheoirí toiliú úsáideoirí le fianáin agus teicneolaíochtaí rianúcháin a úsáid.

Níor thugamar faoi scrúdú níos leithne ar an tionscal fógraíochta teicneolaíochta nó ar chreat fógraíochta tairiscintí fíor-ama mar chuid den scuab-shuirbhé seo mar go bhfuil na saincheisteanna seo faoi réir ag fiosrúcháin astu féin ag an DPC. Mar sin féin, bhí sé soiléir ón scrúdú ar chineálacha teicneolaíochtaí rianúcháin agus ar fhianáin a bhí in úsáid go bhfuil teicneolaíochtaí agus rianúchán fógraíochta i gcroílár samhlacha gnó formhór na láithreán gréasáin a scrúdaíodh.

Tarraingítear aird ar an bhfíric go bhfuil leasú déanta ar an gcuid den tuarascáil dar teideal "Meirgí agus comhéadain" ón 15 Aibreán 2020 chun an imní a léirigh úinéir Quantcast Consent Management Platform ag cur in iúl go raibh an chuma ar gur ábhar cáinte a bhí ina ardán i gcúinsí ina bhfuil an tuarascáil dírithe go sonraithe ar líon teoranta rialaitheoirí (i.e. úinéirí láithreán gréasáin) agus an tslí ina dtéann na rialaitheoirí sin i ngleic leis na hoibleagáidí atá orthu faoi Rialachán 5 de IR 336 de 2011, lena n-áirítear an tslí ina gcuireann siad Ardáin Bainistithe Comhthoilithe tríú páirtí i bhfeidhm nó mar a bhaintear feidhm astu. Ní raibh sé i gceist cáineadh mar sin a dhéanamh leis seo.

 

Tuarascáil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le húsáid fianán agus teicneolaíochtaí rianúcháin eile

Nóta treorach maidir le fianáin agus teicneolaíochtaí rianúcháin eile