Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí – Eachtra Slándála maidir le WhatsApp

14th Mí Bealtaine 2019

Chuir WhatsApp Ireland an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar an eolas (tráthnóna Dé Luain 13 Bealtaine 2019) faoi laige tromchúiseach slándála ar an ardán WhatsApp. Tuigtear don Choimisiún gur féidir gur chuir an laige ar chumas gníomhaí mailíseach bogearraí neamhúdaraithe a shuiteáil agus rochtain a fháil ar shonraí pearsanta ar ghléasanna a bhfuil WhatsApp suiteáilte iontu.

Faoi láthair, níl an cheist curtha in iúl ag WhatsApp don Choimisiún faoi Airteagal 33 (Fógra faoi shárú sonraí pearsanta do údarás maoirseachta um chosaint sonraí) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí cé go bhfuil WhatsApp fós ag fiosrú ar cuireadh isteach ar aon sonraí úsáideora WhatsApp san Aontas Eorpach de thoradh na heachtra seo.

Fad is atá an fhéidearthacht fós ann gur cuireadh isteach ar úsáideoirí san AE, agus de bharr an déine a dtuigtear faoin eachtra, moltar do úsáideoirí uilig WhatsApp cinntiú go bhfuil an leagan is déanaí de WhatsApp, atá ar fáil ón Apple Store nó Google Play Store, suiteáilte ar do ghléas.

Tá an Coimisiún gníomhach ina theagmháil le WhatsApp Ireland chun cinneadh a dhéanamh ar chuireadh isteach ar aon sonraí úsáideora WhatsApp san AE agus cé mhéad a chuireadh isteach ann.

Chun an leagan is déanaí de WhatsApp a fháil, ba cheart do úsáideoirí na bearta seo a leanas a dhéanamh:

iPhone

  • Oscail an App Store agus ag an mbun roghnaigh nuashonruithe
  • Beidh aon nuashonruithe atá ar fáil do na haipeanna liostaithe anseo
  • Roghnaigh “WhatsApp” agus Nuashonraigh

Android

  • Oscail an Play Store agus tapáil na 3 línte sa chúinne ag an mbarr ar chlé
  • Roghnaigh “My apps & games” ón roghchlár
  • Roghnaigh “WhatsApp” agus roghnaigh Nuashonraigh