An ceart chun cúitimh agus dliteanas

04th October 2019

An féidir leat cúiteamh a lorg má sáraíodh do chearta cosanta sonraí? Cuirtear an cheist seo ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) go minic. Cé go bhfuil réimse cumhachtaí ar fáil ag an gCoimisiún chun gearáin a réiteach agus gníomhaíocht a dhéanamh in aghaidh eagraíochtaí, ní féidir leis cúiteamh a dhámhachtain do dhaoine aonair a ndearna dochar dóibh. Tabharfaidh an blag seo achoimre ar cad is féidir leis an gCoimisiún a dhéanamh do dhaoine aonair, agus ar na roghanna eile a bheidh ar fáil duit má théann tú os comhair na cúirte.

Conas is féidir leis an gCoimisiún cabhrú leat

Tá mandáid leathan ag an gCoimisiún le cinntiú go gcloíonn eagraíochtaí lena hoibleagáidí faoin dlí um chosaint sonraí agus sonraí pearsanta á phróiseáil acu. Go háirithe, is gá d’eagraíochtaí a phróiseálann sonraí pearsanta cloí leis na bunphrionsabail cosanta sonraí, chun bheith cinnte go gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Is iad roinnt de na prionsabail seo ná:

  • Dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht
  • Teorannú de réir Cuspóra
  • Íoslaghdú Sonraí
  • Cruinneas
  • Teorannú Stórála
  • Sláine agus Rúndacht
  • Cuntasacht

Is féidir liosta Bunphrionsabail an RGCS agus mínithe orthu a fháil anseo.

Is é ceann de na róil lárnacha atá ag an gCoimisiún ná cosaint a thabhairt do chearta cosanta sonraí daoine aonair (nó ‘ábhair sonraí’ mar a dtugtar orthu). Tugann an RGCS cearta áirithe faoi leith do dhaoine aonair freisin maidir lena sonraí pearsanta:

  • An ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis
  • An ceart chun bheith ar an eolas
  • An ceart go gcuirfí i gceart
  • An ceart go ndéanfaí léirscriosadh
  • An ceart chun iniomparthacht sonraí
  • Cearta maidir le cinnteoireacht aonair uathoibrithe, próifíliú san áireamh
  • An ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta
  • An ceart go gcuirfí srian le próiseáil

Is féidir liosta cearta daoine aonair faoin RGCS agus mínithe orthu, chomh maith le heisceachtaí, ar fáil anseo.

Tá roinnt cumhachtaí, feidhmeanna, agus dualgais ag an gCoimisiún a thagann ón Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus ón RGCS. Chun cabhrú le hábhair sonraí a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú, is féidir leis an gCoimisiún roinnt gníomhartha a dhéanamh, lena n-áirítear:

  • Freagraí a thabhairt ar cheisteanna leis an gCoimisiún agus faisnéis a chur ar fáil maidir le hoibleagáidí agus cearta faoin dlí um chosaint sonraí;
  • Gearáin ó dhaoine aonair maidir le sáruithe féideartha ar a gcearta cosanta sonraí a fháil agus a láimhseáil, agus iarraidh go gcuireann eagraíochtaí ar chumas na cearta sin a fheidhmiú;
  • Réiteach cairdiúil a éascú idir eagraíochtaí agus ábhair sonraí maidir le gearáin;
  • Nuair is gá, fiosrúcháin nó imscrúduithe a dhéanamh maidir le sáruithe féideartha ar dlí um chosaint sonraí; agus
  • Gníomh fhorfheidhmiúcháin a dhéanamh nuair atá eagraíocht ag sárú a n-oibleagáidí faoin dlí um chosaint sonraí, lena n-áirítear:
  • Foláirimh nó iomarduithe a eisiúint;
  • Ordú a thabhairt go gcloífear le hiarratais ó ábhair sonraí;
  • Cosc sealadach nó críochnúil a chur ar phróiseáil áirithe; nó
  • Fíneáil riaracháin a ghearradh ar an eagraíocht.

Mar a luaitear ar dtús, áfach, níl sé de chumhacht ag an gCoimisiún ordú a thabhairt d’eagraíocht cúiteamh a íoc d’ábhar sonraí a ndearna dochar dó/di. Maidir le fíneálacha riaracháin, cuirtear aon airgead a bhailítear ó na fíneálacha seo sa státchiste.

Caingne Cosanta Sonraí

Chomh maith leis na cumhachtaí atá ag an gCoimisiún chun cearta ábhar sonraí a fhorfheidhmiú, is féidir le daoine aonair caingne sibhialta príobháideacha a thógaint in aghaidh eagraíochtaí nuair a sáraíodh a chearta/a cearta – cé nach bhfuil aon ról foirmiúil ag an gCoimisiún sa phróiseas seo.

Faoi Alt 117 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, má chreideann duine aonair gur sáraíodh a chearta/cearta faoin RGCS cé nár chloígh eagraíocht lena oibleagáidí faoin RGCS, os féidir leis/léi caingean a thionscnamh in aghaidh na heagraíochta. Tugtar ‘caingean cosanta sonraí’ ar seo.

Is féidir le duine aonair caingean cosanta sonraí a thionscnamh os comhair na cúirte, nó is féidir le comhlacht seachbhrabúsach, eagraíocht nó cumann caingean a thionscnamh thar ceann an duine aonair. Tá daoine aonair i dteideal gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún chomh maith le caingean cosanta sonraí a thionscnamh in aghaidh eagraíocht, mar go bhfuil an ceart chun a leithéid de caingean a thionscnamh ‘gan dochar’ leis na cearta nó leigheasanna atá ar fáil do dhaoine aonair.

I gcaingean cosanta sonraí, tá sé de chumhacht ag an gcúirt ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na rudaí seo a leanas a bhronnadh ar dhuine aonair nuair a éiríonn leis/léi lena caingean/chaingean:

  • Urghaire nó dearbhú; nó
  • Cúiteamh as damáiste (damáiste ábhartha agus neamhábhartha san áireamh) a rinneadh de bharr an tsáraithe ar dhlí um chosaint sonraí.

Mar sin de, cé gur féidir leis an gCoimisiún cosaint a thabhairt i mbealaí éagsúla do chearta daoine aonair maidir le cosaint sonraí, is é an bealach amháin atá ar fáil do dhaoine aonair chun cúiteamh airgeadais a fháil ó eagraíocht le haghaidh sárú ar a chearta/cearta consanta sonraí ná le caingean phríobháideach cosanta sonraí a thionscnamh mar a achoimrítear thuas.