Cearta Ábhar Sonraí a Theorannú agus Airteagal 23 den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí a Chur i bhFeidhm

Réamhrá

Tiocfaidh an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (AE) 2016/679 (an RGCS) i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018.  Ardaíonn an RGCS an caighdeán do rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí. Treisíonn sé a n-oibleagáidí i leith na sonraí pearsanta a phróiseálann siad trí riachtanais mhéadaithe trédhearcachta, slándála agus chuntasachta. Ag an am céanna, déanann an RGCS an ceart atá ag gach ábhar sonraí a chaighdeánú agus a threisiú trí chreat a sholáthar maidir le conas atá na cearta siúd le feidhmiú. Dá ainneoin sin, forordaítear san RGCS, chomh maith, meicníocht (de réir Airteagal 23) lena cheadú srianadh na gceart siúd faoi chúinsí áirithe agus sonracha. Is é cuspóir na dtreoirlínte seo chun cabhrú le heagraíochtaí srianta dleathacha na gceart agus na n-oibleagáidí siúd a chur i bhfeidhm agus fheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagail 12 – 22 agus Airteagal 34 den RGCS.

Airteagal 23

Sainordaítear in Airteagal 23 go dteastaíonn Dlí ar leith Ballstáit nó Aontais (bearta sonracha reachtaíochta) chun srian a chur ar scóip na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 12 – 22  agus Airteagal 34 (agus Airteagal 5 sa mhéid go gcomhfhreagraíonn na prionsabail siúd do na cearta a bhronntar sna hAirteagail thuasluaite). Deimhnítear in Airteagal 23, trí liosta críochnaitheach ceanglas a leagann amach nach mór a chomhlíonadh chun srian a chur i bhfeidhm go dleathach, nach mór scóip theoranta a bheith ag aon bheart a úsáidtear chun cearta ábhar sonraí a shrianadh agus nach mór é a chur i bhfeidhm ar bhealach atá riachtanach, comhréireach agus sonrach go dian.  Bronntar éifeacht bhreise in Alt 6 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 ar fhorálacha Airteagal 23 den RGCS agus ba cheart an dá fhoráil a léamh le chéile.

Foráiltear in Airteagal 23 nach mór d’aon srian:

(i)            Bheith leagtha amach i nDlí an Aontais nó Ballstáit trí bheart reachtaíochta;[1]

(ii)           Meas a léiriú ar bhunús na gceart agus na saoirse bunúsaí; [2]

(iii)          Bheith riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach;[3]

(iv)          Ceann de na leasanna a chosaint a leagtar amach in Airteagal 23(1);[4] agus

(v)           Forálacha sonracha a chuimsiú a leagtar amach san RGCS de réir Airteagal 23(2).[5]

Caithfidh aon bheart reachtaíochta a bheartaítear a bheartaíonn chun srian a chur ar chearta ábhar sonraí gach ceann de na coinníollacha thuas a chomhlíonadh d’fhonn gur féidir brath go dleathach ar bheart. Ba cheart go mbeadh na forálacha ábhartha reachtaíochta sonrach agus soiléir, agus ba cheart dóibh rialacha soiléire agus beachta a leagan amach i dtaca leis an díolúine/na díolúintí a bhfuiltear ag brath uirthi/orthu. B’fhéidir nach mbeidh brath agus úsáid bearta fairsinge reachtaíochta in ann na coinníollacha go léir a leagtar amach thuas a chomhlíonadh.  Is faoi gach aonán stáit a bhíonn sé a bhraitheann ar shrian a thabhairt le fios go soiléir na cúiseanna dlíthiúla atá le cén fáth a lorgaíonn sé chun teorainn a chur ar chearta bunúsacha daoine aonair bunaithe ar a cheanglais reachtúla shonracha a shainaithnítear. Teastaíonn anailís mhionsonraithe ag gach aonán stáit uaidh seo ar Airteagal 23(2)(a) go (h) chun údar a thabhairt leis an bhfáth a theastaíonn na srianta agus faoi cén cúinsí a mbeidh feidhm acu.

Na Coinníollacha

(i) Bheith leagtha amach i nDlí an Aontais nó Ballstáit trí bheart reachtaíochta

Soláthraítear i gCeadal 41 den GDPR léirmhíniú maidir le cad atá i gceist le beart reachtaíochta. I ndeireadh na dála, cé nach gceanglaítear go sonrach san RGCS go nglacann parlaimint le gníomh reachtaíochta[6], ba cheart go mbeadh an bunús dlí nó an beart reachtaíochta sin soiléir agus beacht agus ba cheart go mbeadh a chur i bhfeidhm intuartha i measc na ndaoine atá faoina réir, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. De réir Cheadal 8 den RGCS, ba cheart go mbeadh an chúis a bhíonn leis an srianadh agus conas agus cathain is féidir leis a bheith i bhfeidhm sothuigthe do na daoine lena mbaineann sé.

(ii) Meas a léiriú ar bhunús na gceart agus na saoirse bunúsaí

Is éard is ciall le bunús cirt bhunúsaigh nár cheart cur isteach ar an gceart a mhéid sin go mbaintear a ábhar bunúsach den cheart, go héifeachtach, agus nach féidir leis an duine aonair an ceart a fheidhmiú.[7]  I bhfriotal eile, ní féidir leis an srianadh a chroíghnéithe a bhaint den cheart agus cosc a chur ar fheidhmiú an chirt dá bharr. Má imríonn an beart drochthionchar ar bhunús an chirt, is dóchúil go bhfuil an srian neamhdhleathach. Mar dhea, b’fhéidir nach mbeidh reachtaíocht nach soláthraíonn aon fhéidearthacht go rachaidh duine aonair sa tóir ar réitigh dhlíthiúla chun seasamh lena gcearta um chosaint sonraí incheadaithe mura léiríonn sé meas ar bhunús an chirt bhunúsaigh i leith cosaint éifeachtach. Ar an gcuma chéanna, b’fhéidir go mbeidh foráil dhlíthiúil neamhdhleathach má theipeann uirthi prionsabail áirithe um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm nó mura dtéann sé i ngleic go leordhóthanach le slándáil sonraí trí gan a chinntiú go nglactar le bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí ina aghaidh, mar shampla, milleadh de thimpiste nó neamhdhleathach, caillteanas nó athrú de thimpiste na sonraí.

(iii) Bheith riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach

Coincheap is ea riachtanas atá bunaithe ar fhíricí/fhianaise nach mór a bhreithniú i gcomhthéacs na gcúinsí ar leith a bhaineann le forálacha birt agus an cuspóir sainithe a bhfuil de chuspóir aige a bhaint amach.[8] Go héifeachtach, caithfidh an beart a bheith éifeachtach agus caithfidh sé tabhairt faoina chuspóir.  De réir na comhréireachta, lorgaítear nach sáraíonn ábhar agus foirm an bhirt reachtaíochta an méid is gá chun na cuspóirí a bhaint amach. Caithfidh cuspóir an tsriain a bheith cuí, ar an ábhar sin, chun na cuspóirí dlisteanacha a bhaint amach a dtéann an reachtaíocht atá i gceist sa tóir orthu agus níor cheart dó na teorainneacha siúd a shárú ar an méid atá cuí agus riachtanach chun na cuspóirí siúd a bhaint amach.  

Ba cheart go dtacódh fianaise le beart a bheartaítear ina ndéantar cur síos ar an bhfadhb a bhfuil an beart le dul i ngleic léi, conas a rachaidh an beart i ngleic leis, agus cén fáth nach féidir le bearta reatha nó nach bhfuil chomh hionsáiteach céanna in ann dul i ngleic go dóthanach leis. Tá ceanglas ann, chomh maith, a léiriú conas a chomhlíonann aon chur isteach nó srian a bheartaítear aon chuspóirí lena mbaineann leas ginearálta an Stáit agus an AE, i bhfírinne, nó an gá atá le cearta agus saoirse daoine eile a chosaint.[9] Beidh ar shrianadh ceart um chosaint sonraí díriú ar rioscaí sonracha. Theastódh go mbeadh ardriosca ar leith agus suntasach mar údar le cur chuige fíor-fhairsing nó pluide i leith srian a chur ar chearta um chosaint sonraí.

(iv) Ceann de na leasanna a chosaint a leagtar amach in Airteagal 23(1)

Soláthraíotear san RGCS liosta ginearálta leasanna ar féidir iad a chosaint agus déantar iad seo a shoiléiriú níos mó in Ailt 60(3) agus 60(7) {Cuspóirí tábhachtacha lena mbaineann leas ginearálta an phobail}, den Bhille um Chosaint Sonraí, 2018. Ar an ábhar sin, beidh ar eagraíocht a lorgaíonn chun brath ar shrian a shásamh go bhfuil amhlaidh á dhéanamh acu mar gheall go bhfuil leas an phobail á chosaint a bhaineann leis na forálacha ginearálta siúd. 

(v) Forálacha sonracha a chuimsiú a leagtar amach san RGCS de réir Airteagal 23(2)

Riachtanas éigeantach é seo, nach mór a chomhlíonadh, agus caithfear dul i ngleic le gach foráil ar leith i mbeart reachtaíochta a bheartaítear murach go mbíonn an fhoráil sin neamhábhartha i dtaobh chuspóir ar leith na reachtaíochta.[10] De réir reachtaíocht Dlí-Eolaíochta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[11], caithfear a leagan síos sa reachtaíocht a cheadaíonn na srianta siúd rialacha soiléire agus beachta rialaíonn scóip a leithéid de bheart a chur i bhfeidhm agus cosaintí íosta a chur chun feidhme.

Tá sé ina ríthábhacht go ndéantar breithniú cuí ar fhorálacha Airteagal 23(2) agus go gcuirtear i bhfeidhm iad sa chás gurb iomchuí maidir leis an méid seo a leanas:-

(a) cuspóirí na próiseála nó na gcatagóirí próiseála;

An bonn reachtaíochta Dlíthiúil a liostú ar a n-oibríonn an t-aonán stáit agus na feidhmeanna reachtúla siúd a shainaithint go sonrach ar gá cosaint shriantach a chur i bhfeidhm orthu. 

(b) na catagóirí sonraí pearsanta;

Mar shampla, an bhfuil catagóirí ar leith sonraí i gceist? Sonraí faoi Leanaí nó daoine fásta leochaileacha?

(c) scóip na srianta a tugadh isteach;

An bhfuil siad dírithe ar fheidhmeanna imscrúdaithe agus forfheidhmithe amháin?

(d) na cosaintí chun cosc a chur ar mhí-úsáid nó ar rochtain nó aistriú neamhdhleathach;

Mar shampla, an nochtfar na sonraí d’aon ghníomhaireacht forfheidhmithe eile i mBallstáit an AE nó níos faide i gcéin? Má nochtfar, cén conradh nó meicníocht idirnáisiúnta faoinar féidir na sonraí a aistriú go dlíthiúil?

(e) sonraíocht an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí;

An bhfuil Roinn Rialaithe ann ar gá duit tuairisciú léi? An bhfuil aon ghníomhaireachtaí eile tríú páirtithe ann a gceanglaítear ar an ngníomhaireacht comhoibriú go dlíthiúil leo? 

(f) na tréimhsí stórála agus na cosaintí infheidhme agus aird ar chineál, scóip agus cuspóirí na próiseála nó na gcatagóirí próiseála;

Mar shampla, má thugtar faoi imscrúdú gan aon chúis ghnímh ag eascairt, níor cheart na sonraí pearsanta a choimeád, murab ann do chúinsí an-sonracha a bhfuil údar leo maidir le cén fáth a bhfuil siad le coimeád agus cé chomh fada a choimeádfar iad. Ba cheart a bheith cúramach in aghaidh, mar shampla, aon chur isteach ar cheart an duine aonair faoi Airteagal 18 An ceart chun cosc a chur ar phróiseáil, go háirithe má tá an phróiseáil ag gníomhaireacht stáit neamhdhleathach.

(g) na rioscaí i leith cearta agus saoirse ábhair shonraí; agus

Cad a tharlaíonn do shonraí finnéithe, aon tríú páirtí eile nach páirtí é/í leis an imscrúdú foirmiúil? Ar an dara dul síos, an ndearnadh aon mheasúnú foirmiúil chun an riosca féideartha a shainaithint agus dul i ngleic leis atá in aghaidh ábhair shonraí mar gheall ar a gcearta a theorannú?

(h) an ceart atá ag ábhair shonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, murach go ndéanfadh sin dochar do chuspóir an tsriain.

An ndearnadh beartais agus nósanna imeachta a nuashonrú agus ar cuireadh an fhoireann ar an eolas agus ar cuireadh oiliúint orthu? Ar cuireadh aon láithreán gréasáin nó foilseacháin eile ar fáil don phobal?

D’fhéadfadh sé a bheith áisiúil cásanna ar leith a thástáil ina mbíonn na hoibleagáidí dá bhforáiltear faoi Airteagail 12 – 22 agus Airteagal 34 i gceist nuair a dhéantar breithniú ar na bearta a theastaíonn.[12] Cabhróidh sé lena dheimhniú conas dul i ngleic leis na forálacha ar leith siúd faoi mar a cheanglaítear faoi Airteagal 23(2) trí bhreithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna seo agus ar chinn eile cosúil leo.

Comhairliúchán leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí (an CCS)

Bronntar in Alt 6 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 breise éifeachta ar Airteagal 23 den RGCS ina leagtar amach nós imeachta sonrach maidir le comhlachtaí ar mian leo rialacháin a dhéanamh chun na cearta a bhronntar san RGCS faoi Airteagail 12 – 22 agus Airteagal 34 a shrianadh.

Leagtar amach in Alt 60(10) gur riachtanas éigeantach é comhairliúchán leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí do rialacháin a cruthaíodh faoi Alt 60(5) agus 60(6). D’ainneoin sin, beidh sé faoi lánrogha an CCS, de réir Alt 60(11) cé acu chun breathnóireacht scríofa a sholáthar ar an mbeart/na srianta a bheartaítear.

Ba cheart caitheamh leis na treoirlínte siúd, ar an ábhar sin, mar thaca leis na heagraíochtaí siúd ar mian leo rialacháin a dhréachtú chun srian a chur le cur i bhfeidhm na gceart a bhronntar faoi Airteagail 12 – 22 agus Airteagal 34 den RGCS.

Nuair a lorgaítear comhairliúchán go foirmiúil ón CCS, ba cheart dul i ngleic go sonrach le agus ba cheart buntacú go cuí leo sna dréachtbhearta reachtaíochta a bheartaítear sula ndéanfar aon teagmháil leis an CCS.[13] Ar aon dul le ceanglais an RGCS agus le prionsabal na cuntasachta, ceist a bheidh don chomhlacht a lorgaíonn chun cur i bhfeidhm na gceart a bhronntar faoi Airteagail 12 – 22 agus Airteagal 34 den RGCS a shrian lena thaispeáint conas a chomhlíon siad a n-oibleagáidí ina leith seo.

 

 

 

Foilsithe i mBealtaine 2018

[1] Soláthraítear i gCeadal 41 léirmhíniú maidir leis an mbrí atá le beart reachtaíochta. Caithfear seo a léamh, chomh maith, áfach, i gcomhthéacs Alt 60 den Bhille um Chosaint Sonraí, 2018. 

[2] Tabhair faoi deara an t-alt comhfhreagrach den Acht um Chosaint Sonraí 2018 - Alt 60(12)(a)

[3] Tabhair faoi deara an t-alt comhfhreagrach den Acht um Chosaint Sonraí 2018 - Alt 60(12)(b)

[4] Tabhair faoi deara an t-alt comhfhreagrach den Acht um Chosaint Sonraí 2018 - Alt 60(3) agus Alt 60(7). Tabhair faoi deara, chomh maith, Ceadal 73.

[5] Tabhair faoi deara an t-alt comhfhreagrach den Acht um Chosaint Sonraí 2018 - Alt 60(6)

[6] Tabhair faoi deara na forálacha a chuimsítear in Alt 60 den Bhille um Chosaint Sonraí, 2018 chun éifeacht bhreise a sholáthar d’Airteagal 23 ina leagtar amach creat sonrach dlíthiúil d’fhonn ceanglais Airteagal 23 a chomhlíonadh. 

[7] Tabhair faoi deara na Treoirlínte Eorpacha Maoirseachta um Chosaint Sonraí - Measúnú a dhéanamh ar riachtanas beart a theorannaíonn an ceart bunúsach i leith sonraí pearsanta a chosaint: Sraith Straitéisí

[8] Ba cheart breithniú a dhéanamh ar Thástáil Riachtanais a chomhlánú (féach fonóta 7 thuas) trí Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí, faoi chúinsí ina bhféadfadh an srian a bheartaítear ardriosca a chruthú do chearta bunúsacha daoine aonair.

[9] Tabhair faoi deara Cás Tele2Severige Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Cás C-203/15) alt 31 agus Ceadal 73 den RGCS, chomh maith. Tabhair faoi deara, chomh maith, Cás Digital Rights Ireland Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Cás C – 293/12)

[10] Sa chás go gcreidtear go bhfuil foráil shonrach in Airteagal 23(2) neamhábhartha, ba cheart an CCS a sholáthar leis an réasúnaíocht don phost seo.

[11] Féach, mar shampla, Tele2Severige (Cás C-203/15).

[12] Cuirimis i gcás, conas a thabharfadh eagraíocht faoi iarraidh ar rochtain a rinne duine aonair atá á imscrúdú? Conas a thabharfadh eagraíocht faoi chás ina lorgaíonn duine aonair ceart go gceartaítear a sonraí? Cén chéim den phróiseas nó den imscrúdú a chuirfí na srianta siúd i bhfeidhm nó a bhainfí iad? Conas a chinnteodh an eagraíocht a lorgaíonn chun brath ar shrian nach mbainfear mí-úsáid as na sonraí pearsanta?

[13] Áirítear leis seo dul i ngleic leis na forálacha sonracha go léir a dtugtar cuntas orthu in Airteagal 23(2)