Cosaint Sonraí agus Scéimeanna maidir le CCTV Pobalbhunaithe

Foilsíodh a lán alt le cúpla mí anuas, go háirithe i nuachtáin réigiúnacha agus áitiúla, i dtaca le cur i bhfeidhm scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe agus i dtaca leis na deacrachtaí a tuairiscíodh maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna i roinnt contaetha. Téama coiteann sna hailt sin is ea an tuiscint go bhfuil deacrachtaí maidir le cosaint sonraí ag tarlú de bharr na scéimeanna úra sin atá beartaithe agus nach bhfuiltear ábalta dul ar aghaidh leo. Ba mhaith linn soiléiriú a thabhairt ar sheasamh an Choimisiúin Cosanta Sonraí i dtaca le cur i bhfeidhm an dlí maidir le cosaint sonraí ar na scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe.

An Bonn Dlíthiúil

Thar aon ní eile, ní amhlaidh an cás go bhfuil cosc á chur ar thosú agus ar fheidhmiú na scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe de dheasca an dlí maidir le cosaint sonraí. Gabhann ceamaraí CCTV íomhánna daoine aonair, agus, dá réir sin, próiseálann siad sonraí pearsanta. Faoin dlí maidir le cosaint sonraí, éilítear bonn dlíthiúil chun sonraí pearsanta a phróiseáil. Tá bonn dlíthiúil dá leithéid le scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe faoi Alt 38 d’Acht an Gharda Síochána, 2005. Déantar foráil san Alt sin go bhféadfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána údarú a thabhairt i leith suiteáil agus feidhmiú CCTV don aonchuspóir nó don phríomhchuspóir an t-ord poiblí agus an tsábháilteacht a chosaint in áiteanna poiblí trí bhíthin díspreagadh, cosc, brath agus ionchúiseamh cionta. Is féidir údarú a thabhairt do Gharda Síochána nó do “dhaoine a chomhlíonann na critéir bhunaithe agus ar fhaomh an t-údarás áitiúil a n-iarratas ar údarú maidir le réimse sainithe laistigh de limistéar riaracháin údaráis áitiúil i ndiaidh dul i gcomhairle leis an gcomhchoiste póilíneachta don limistéar riaracháin sin.” (Ar a dtugtar ‘scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe go coiteann’) Tá na critéir atá le comhlíonadh maidir leis na scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe leagtha síos in ionstraim reachtúil, is é sin I.R. Uimh. 289 de 2006 a tháinig i bhfeidhm an 30 Bealtaine, 2006. Lena chois sin, d’fhorbair an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Garda Síochána ‘Cód Cleachtais le haghaidh Córais CCTV Pobalbhunaithe’ i gcomhar lena chéile.

Bhí an méid seo a leanas i measc na gcoinníollacha a bhí le comhlíonadh chun údarú a fháil ó Choimisinéir an Gharda Síochána le haghaidh suiteáil agus feidhmiú scéime CCTV Pobalbhunaithe:

  • D’fhaomh an t-údarás áitiúil an scéim CCTV i ndiaidh dul i gcomhairle leis an gcomhchoiste póilíneachta don limistéar riaracháin sin;
  • Cloífidh an scéim CCTV leis na sonraíochtaí teicniúla a d’eisigh Coimisinéir an Gharda Síochána agus feidhmeofar í i gcomhréir leis an gCód Cleachtais;
  • Tabharfar rochtain do bhaill an Gharda Síochána i gcónaí ar an gcóras CCTV chun a fheidhmiú a mhaoirsiú agus a rialú agus chun faisnéis nó sonraí a thaifeadann sé a aisghabháil; agus
  • Tugann an t-údarás áitiúil gealltanas go ngníomhóidh sé mar rialtóir sonraí maidir leis an gcóras CCTV.

Go hachomair, chun críche slándála in áiteanna poiblí, rinneadh forálacha in Alt 38 d’Acht an Gharda Síochána, 2005 agus I.R. Uimh. 289 de 2006 i leith suiteáil agus feidhmiú scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe i gcás go ngníomhaíonn an t-údarás áitiúil a bhfuil an scéim lonnaithe ina limistéar riaracháin mar an rialtóir sonraí. Dá réir sin, a luaithe is a bheidh scéimeanna dá leithéid údaraithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána, agus go mbeidh na critéir comhlíonta acu, beidh bonn dlíthiúil dóthanach acu chun na ceanglais um chosaint sonraí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach a chomhlíonadh. 

RGCS

Ní amhlaidh an cás a oiread gur tugadh bacainní úra isteach le Rialachán Ginearálta AE maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ar shuiteáil na scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe. Tá an ceanglas le haghaidh bonn dlíthiúil maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i bhfeidhm in Éirinn ar feadh beagnach tríocha bliain anuas. Tá na bunphrionsabail um chosaint sonraí faoin RGCS, cé go bhfuil siad feabhsaithe, an-chosúil leis na cinn a bhí ann faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Bheadh an Coimisiún Cosanta Sonraí ag súil go mbeadh rialtóirí sonraí na n-údarás áitiúil uile a fheidhmíonn córais CCTV Pobalbhunaithe ar an eolas go hiomlán faoina bhfreagrachtaí i ndáil le cearta um chosaint sonraí daoine aonair a chosaint, lena n-áirítear an ceanglas Measúnuithe Tionchair um Chosaint Sonraí a dhéanamh, más gá.

Ó tháinig an RGCS i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018 tá sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí sa Stát, lena n-áirítear údaráis áitiúla, Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a ainmniú a gcuimsítear ina shainchúraimí eolas agus comhairle a thabhairt don rialtóir sonraí maidir lena n-oibleagáidí faoin RGCS chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an RGCS. Bheadh an Coimisiún Cosanta Sonraí ag súil go mbeadh ról gníomhach ag na OCSanna sna húdaráis áitiúla maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an rialtóra sonraí i dtaca leis an RGCS maidir le feidhmiú scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe ar bith dá ngníomhaíonn na húdaráis áitiúla mar an rialtóir sonraí.  Mar a tharlaíonn, leis an monatóireacht sin ar chomhlíonadh an rialtóra sonraí i dtaca leis an gCód Cleachtais, ní chuirtear oibleagáid ar na rialtóirí sonraí monatóireacht a dhéanamh ar fhothaí beo na gceamaraí CCTV ar bonn leanúnach.

Fiosrú ag an gCoimisiún Cosanta Sonraí

Tá fiosrú an-leathan á dhéanamh ag an gCoimisiún Cosanta Sonraí faoi láthair maidir le faireachas saoránach ag earnáil an Stáit chun críche fhorfheidhmiú an dlí trí úsáid as teicneolaíochtaí amhail ceamaraí CCTV, ceamaraí éide, córais agus dróin atá cumasaithe le hUathaithint Uimhirphlátaí. Táthar ag díriú an fhiosrú sin anois ina chéad mhodúl ar an tríocha a haon údarás áitiúil in Éirinn agus i ndara modúl ar an nGarda Síochána. Tá iniúchóireacht chuimsitheach i gceist sa dá mhodúl atá á déanamh ag foireann Oifigeach Údaraithe ar úsáid na dteicneolaíochtaí sin ag na rialtóirí sonraí lena mbaineann faoin RGCS agus faoin Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí araon. Ar cheann den chuid mhór gnéithe de na modúil sin tá an iniúchóireacht ar imlonnú na gcóras CCTV Pobalbhunaithe. Maidir leis sin, tá scrúdú á dhéanamh san fhiosrú, mar shampla, ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil Alt 38 d’Acht an Gharda Síochána, 2005, á chomhlíonadh go hiomlán i dtaca leis na cúrsaí sin amhail ar fhaomh Coimisinéir an Gharda Síochána na scéimeanna ar fad atá i bhfeidhm faoi láthair agus má tá oibleagáidí na rialtóirí sonraí á gcomhlíonadh ag údaráis áitiúla faoi mar a cheanglaítear faoi Acht sin, agus an dóigh a bhfuil siad á gcomhlíonadh.

Toisc go bhfuil gach údarás áitiúil ina rialtóir sonraí ar leith, go bunúsach, tá tríocha a haon iniúchadh ar leith á ndéanamh inár bhfiosrú san earnáil sin. De réir mar a chríochnófar gach iniúchadh, tá sé beartaithe againn tuarascáil iniúchóireachta a eisiúint chuig gach údarás áitiúil ina mbeidh torthaí an iniúchta i ndáil leis an rialtóir sonraí lena mbaineann. Níl pleananna ar bith againn faoi láthair maidir le tuarascáil náisiúnta aonair a eisiúint toisc go bhfuil na hiniúchtaí á ndéanamh i dtríocha a haon limistéar riaracháin ar leith a bhfuil a rialtóir sonraí féin ag gach ceann díobh, ach b’fhéidir go bhfoilseoimid achoimre ar na torthaí comhchoiteanna ar fud na n-údarás áitiúil ar fad a scrúdaíodh.

I gcúpla focal, is é ár bhfiosrú iniúchóireacht a dhéanamh, i measc nithe eile, ar na scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe atá ann lena dhearbhú an bhfuil siad á reáchtáil ag na rialtóirí sonraí lena mbaineann i gcomhréir le prionsabail na cosanta sonraí. I dtéarmaí praiticiúla, áirítear leis sin scrúdú ar chúrsaí amhail trédhearcacht (amhail comharthaíocht phoiblí), tréimhse coinneála le haghaidh píosaí scannánaíochta taifeadta, slándáil na gcóras, rochtain ar chórais agus logáil isteach iontu, agus comhoibriú le hiarratas ón nGarda Síochána le haghaidh cóipeanna de phíosaí scannánaíochta i gcomhthéacs imscrúdú ar choireacht.

Ar mhaithe le soiléireacht, tá sé tábhachtach a shonrú nár iarr an Coimisinéir Cosanta Sonraí sos ar bith ar chur i bhfeidhm na scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe nó díchoimisiúnú scéime ar bith atá ann cheana a d’údaraigh Coimisinéir an Gharda Síochána. De réir a chineáil, ní mór an cumas a bheith le fiosrú den chineál a léiríodh thuas scrúdú a dhéanamh ar an staid go dtí seo maidir le scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe atá i bhfeidhm go hiomlán.

Conclúid

Ní chuirtear bac ar scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe a d’údaraigh Coimisinéir an Gharda Síochána de dheasca na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí. A luaithe is a bheidh an t-údarás áitiúil sa limistéar riaracháin lena mbaineann sásta a fhreagrachtaí a ghlacadh agus a sheachadadh mar an rialtóir sonraí le haghaidh na scéimeanna lena mbaineann, ní chuirtear bac dlíthiúil ar bith ar thosú na scéime faoin reachtaíocht maidir le cosaint sonraí.

Ní chuirtear bac leis an bhfiosrú atá ar siúl ar fheidhmiú leanúnach scéimeanna CCTV Pobalbhunaithe atá ann cheana a d’údaraigh Coimisinéir an Gharda Síochána agus dár gheall an t-údarás áitiúil ábhartha go ngníomhóidh sé mar rialtóir sonraí agus atá curtha chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rialachas agus rialuithe cuí. In am agus i dtráth, breithneoidh an Coimisiún Cosanta Sonraí torthaí gach tuarascála iniúchóireachta de réir an cháis maidir le cinneadh a dhéanamh faoi cibé an ndearna an rialtóir sonraí, nó próiseálaithe sonraí a oibríonn thar a cheann sáraithe, nó an bhfuil sáraithe á ndéanamh acu, agus déanfaidh an Coimisiún Cosanta Sonraí cinneadh chomh maith ansin faoi ar cheart nó nár cheart cumhacht cheartaitheach a fheidhmiú. 

 

DEIREADH