Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí Treoir maidir le hAistrithe Sonraí Pearsanta i gcás Breatimeacht 'gan Mhargadh'

08th February 2019

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí treoir maidir le haistrithe sonraí pearsanta ó Éirinn chuig an Ríocht Aontaithe i gcás Breatimeacht 'gan mhargadh'.

Áirítear leis an treoir faisnéis faoi na bearta breise is féidir a chur i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a aistriú go dleathach chuig an Ríocht Aontaithe i gcás go n-éireoidh an Ríocht Aontaithe ina 'tríú tír'.