Cinntí
Cinntí
Caith súil ar achoimrí ar Chinntí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, mar aon leis an téacs iomlán díobh.
Míniú ar Fhíneálacha
I dteannta bearta ceartaitheacha a fhorchur, gearradh fíneálacha ab fhiú níos mó ná €4 billiún ar eagraíochtaí mar thoradh ar fhiosrúcháin ón gCoimisiún. Bailíodh fíneálacha dar luach thart ar €20 milliún go dtí seo.
Foráiltear leis an dlí nach dtiocfaidh fíneálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún chun bheith iníoctha go dtí go ndaingneofar sa Chúirt iad. Más rud é nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní mór don Choimisiún iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun an fhíneáil a dhaingniú faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Más rud é go ndéanfar achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní fhéadfar an fhíneáil a bhailiú go dtí go socrófar an t-achomharc sin. Is sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt a thionscnaítear achomhairc den sórt sin, ag brath ar luach airgid na fíneála.
Fiosrúchán ar TikTok Technology Limited
Ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) a chinneadh críochnaitheach maidir lena fhiosrúchán ar TikTok Technology Limited (“TTL”) an 1 Meán Fómhair 2023. D’iarr an fiosrúchán…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i leith leanaí a úsáideann an tseirbhís líonraithe shóisialta Instagram
Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) tús leis an bhfiosrúchán féintoilithe seo an 21 Meán Fómhair 2020, fiosrúchán a bhí bunaithe ar fhaisnéis a chuir tríú páirtí ar fáil agus i…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla)
Cuireadh tús leis an fhiosrúchán seo maidir le haon sárú amháin ar shonraí pearsanta a chuir Tusla in iúl don DPC. Tharla an sárú maidir le sonraí pearsanta nuair a scríobh oibrí sóisialta…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla)
Cuireadh tús leis an fhiosrúchán seo maidir le trí shárú ar shonraí pearsanta a chuir Tusla in iúl don DPC. Tharla na trí shárú ar shonraí pearsanta in imthosca inar theip ar Tusla sonraí…
Airteagal(ta): 32