Cosaint Sonraí san Áit Oibre: Treoir d’Fhostóirí
Tá sé mar aidhm shonrach leis an treoirdhoiciméad seo cúnamh a thabhairt d’fhostóirí, ag gníomhú dóibh mar rialaitheoirí sonraí, maidir leis na hoibleagáidí próiseála sonraí agus na dualgais phróiseála sonraí atá orthu agus iad ag próiseáil shonraí pearsanta a bhfostaithe, a n-iarfhostaithe agus a bhfostaithe ionchasacha. Déanann fostóirí méideanna móra sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil maidir le fostaithe ionchasacha agus fostaithe reatha. I gcásanna áirithe, is féidir go leanfaidh fostóirí le sonraí pearsanta a n-iarfhostaithe a phróiseáil freisin. Áirítear leis na sonraí pearsanta sin faisnéis bhunúsach amhail ainmneacha, seoltaí agus uimhreacha pearsanta seirbhíse poiblí (UPSP). Is féidir faisnéis faoi shláinte cheirde, faoi shaoire bhreoiteachta, faoi athbhreithnithe feidhmíochta agus faoi ghníomhartha araíonachta a bheith i gceist leo freisin. Dá bhrí sin, ní mór d’fhostóirí (rialaitheoirí sonraí) bheith aireach ar na freagrachtaí, na hoibleagáidí agus na dualgais atá orthu faoi GDPR agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.