Cuireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte roimh bhreithiúnas na Cúirte Uachtarach

31st Mí Bealtaine 2019

Cuireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) fáilte roimh bhreithiúnas na Cúirte Uachtarach agus tá sé ag súil leis an éisteacht a tharlóidh go luath sa Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ina n-éistfear na príomhcheisteanna sa chás.

Trí bhreithiúnas d’aon ghuth déanta ag an bPríomh-Bhreitheamh, dhiúltaigh an Cúirt Uachtarach d’achomharc a rinne Facebook in imeachtaí a thionscnamh an Coimisinéir um Chosaint Sonraí de bharr a himní faoi na cosaintí a thugtar do dhaoine ón Aontas Eorpach nuair a aistríonn Facebook (agus daoine eile) sonraí pearsanta go dtí na Stáit Aontaithe faoin gcóras ‘clásal chonarthacha chaighdeánacha’. D’aontaigh an Cúirt le tacaíocht na hArd-Chúirte do na himní a léirigh an Coimisiún, ag glacadh go raibh “údar maith” leo. Ghlac sí freisin gur lean an Coimisiún an bealach ceart nós imeachta (mar a leagadh síos ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh) chun na himní sin a chur faoi bhráid an CBAE.

Agus í ag diúltú le hachomharc Facebook, dhiúltaigh an Chúirt a ladar a chur isteach ar na cinntí a rinne an Ard-Chúirt, cé gur éist sí fianaise mhionsonraithe maidir le pointí ábhartha dlí na Stát Aontaithe.

Chomh maith leis sin, sheas sí le cur chuige na hArd-Chúirte i leith na bprionsabal dlí an Aontais Eorpaigh a bhaineann, chomh maith lena cur chuige maidir leis an “Sciath Príobháideacht” a thug Coimisiún an AE isteach tar éis cealú socruithe an “Tearmainn” (“Safe Harbour”).

Tabharfaidh an CBAE breith anois ar na buncheisteanna a bhaineann leis na haistruithe sonraí a dhéanann Faceboook faoin gcóras ‘clásal chonarthacha chaighdeánacha’.