Data Protection Commissioner
Data Protection Commissioner

Treoirnóta ar Chuideachtaí Fón Póca agus ar Iarratais ó Údaráis Áitiúla ar Shonraí Custaiméirí.

Le linn 2006, bhí mé buartha nuair a thuig mé go raibh maoir bhruscair údaráis áitiúil ag dul i dteagmháil le cuideachtaí fón póca le sonraí úinéireachta fón póca a lorg. D'eascair sé seo as comhthéacs ina raibh maoir bhruscair a bhí ag teacht ar admhálacha breisithe creidmheasa d'fhóin phóca a bhí ina gcúis bhruscair. Maíodh leis go raibh an t-eolas seo á thabhairt gan cheist i gcásanna áirithe agus gan aon údarás ó achtachán ná ó riail an dlí ar bith ná ó ordú cúirte. Mheabhraigh m'Oifig ar an gceist seo agus eisíodh an treoir seo a leanas:

Ní "iarrataí ar rochtain" na hiarrataí a dhéanann na húdaráis áitiúla ar eolas pearsanta den sórt sin dá bhforáiltear in Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Ní féidir leis na húdaráis áitiúla feidhm a bhaint as Alt 4 chun sonraí pearsanta a iarraidh ar rialaitheoirí sonraí.

Dealraíonn sé go raibh na cuideachtaí fón póca (na rialaitheoirí sonraí) a fuair na hiarrataí seo ó údaráis áitiúla ag dul ag baint feidhme as Alt 8(b) de na hAchtanna um Chosaint Sonraí(1) le cead a thabhairt dóibh teacht thart arna srianta ar phróiseáil sonraí pearsanta agus an t-eolas a d'iarr na húdaráis áitiúla a sholáthar dóibh. Is foráil  cheadaitheach amháin an fhoráil atá in Alt 8(b) agus ní leagann sí aon dualgas ar na cuideachtaí seo sonraí pearsanta a sholáthar d'údaráis áitiúla ó na bunachair sonraí atá acu ar a gcustaiméirí. Téann cáilitheoir leis an fhoráil seo "in aon chás inar dhóigh go ndéanfadh feidhmiú (cosaint sonraí) na srianta sin dochar d'aon cheann de na nithe a dúradh (cionta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú)." Ní chlúdaíonn an díolúine, áfach, nochtadh gach faisnéise pearsanta atá á choinneáil ag rialaitheoir sonraí i ngach cás. Ceadaíonn sé nochtadh faisnéise pearsanta do na críocha luaite amháin agus ar an acht gur dhócha go ndéanfadh a neamhnochtadh dochar (is é sin dochar suntasach a dhéanamh) d'aon iarracht ó eagraíochtaí a bhfuil feidhmeanna coiscthe coiriúlachta nó feidhmithe dlí acu le coiriúlacht a chosc nó le breith ar amhrastach. Lena chois sin, níl aon fhoráil sna hAchtanna um Chosaint Sonraí a bhaineann leis an táille is féidir le rialaitheoirí sonraí a iarraidh ar a leithéid de sheirbhís.

I gcásanna nuair a iarrann údaráis áitiúla an fhaisnéis seo mar chuid d'iarracht teacht ar ainm duine a rinne a chreidmheas fón póca a bhreisiú agus ar caitheadh an admháil ar shiúl ar dhóigh a sháraíonn an tAcht Bruscair, tá ardriosca ann go gcúiseofaí duine go héagórach más rud é nár dhiúscair sé féin an admháil nó más rud é gur dhiúscair tríú páirtí é. Bheinn ag dréim le cuideachtaí fón póca a sholáthraíonn faisnéis phearsanta dá leithéid d'údaráis áitiúla  a dhearbhú dóibh féin go raibh soláthar na faisnéise i gcomhréir leis an choir líomhanta. Is éard atá i gceist go praiticiúil, gur chóir dóibh déileáil le gach iarraidh ar bhunús aonair agus gan an fhaisnéis a sholáthar sa ghnáthchúrsa. Ar a laghad, caithfidh an rialaitheoir sonraí bheith sásta go bhfuil an t-údarás áitiúil atá ag lorg na sonraí á dhéanamh le coir a chosc nó a bhrath nó le breith ar nó le ciontóir a ionchúiseamh. Tá ar an rialaitheoir sonraí a mheabhrú an ndéanfadh neamhnochtadh na faisnéise pearsanta atá á iarraidh dochar suntasach d'aon iarracht ag an údarás áitiúil coir a chosc nó breith ar amhrastach (is é an riosca a chaithfeadh a bheith ann go gcuirfí bac leis an imscrúdú). Má shocraíonn siad ar fhaisnéis phearsanta a scaoileadh leis an údarás áitiúil, is cóir don rialaitheoir sonraí gan ach an íosmhéid riachtanach faisnéise a scaoileadh atá de dhíth le go ndéanfadh an t-údarás áitiúil a dhualgas a chomhlíonadh. I ndeireadh na dála, is é cinneadh an rialaitheora sonraí an scaoilfear faisnéis phearsanta faoin díolúine seo. Fiú má chineann an rialaitheoir sonraí go bhfuil feidhm ag an díolúine ní gá dó an fhaisnéis a scaoileadh.

 

 

 

 

(1) Alt 8(b): (Ní bheidh feidhm ag aon srianta san Acht seo ar shonraí pearsanta a nochtadh má bhíonn an phróiseáil mar a leanas ?) riachtanach chun cionta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, chun ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh nó chun aon cháin, dleacht nó airgead eile atá dlite don Stát, d'údarás áitiúil nó do bhord sláinte, nó is iníoctha leo, a mheasúnú nó a bhailiú, in aon chás inar dhóigh go ndéanfadh feidhmiú na srianta sin dochar d'aon cheann de na nithe a dúradh.