Data Protection Commissioner
Data Protection Commissioner

Treoirlínte maidir leis an mbonn dlíthiúil do roinnt sonraí pearsanta san earnáil phríobháideach

Is aidhm don nóta seo treoir a thabhairt maidir le roinnt sonraí pearsanta maidir le daoine aonair ó rialtóir go rialtóir san earnáil hríobháideach. D'ullmhaíodh é toisc gur aithníodh mian forásach ag rialtóirí áirithe sonraí machnamh ar shonraí a bailíodh do phríomhchúram amháin dála seirbhís a sholáthar a roinnt le duine eile chun críche eile mar iontráil sonraí pearsanta an duine sin ar bhunachar sonraí don tionscal trí chéile nó ar bhunachar eile leathan sonraí.

Ní mór do roinnt sonraí ar dhaoine aonair , fiú amháin lena dtoil, éilimh na nAchtanna Cosanta Sonraí a shásamh maidir le bonn cirt don phróiseáil áirithe atá beartaithe.

Ní mór próiseáil uile sonraí pearsanta a bheith géilliúil d'fhorálacha Ailt 2 & 2A agus nuair atá na sonraí leochaileach Alt 2B de na hAchtanna Cosanta Sonraí.  Go hachomair, éilíonn an bonn dlíthiúil seo nach ndéanfaí próiseáil ar shonraí pearsanta ach nuair is gá é a dhéanamh ar chúis shubstaintiúil faoi na cúinsí áirithe. Fiú amháin faoi chúinsí den chineál sin ní mór an phróiseáil a dhéanamh ar bhealach a dhéanfaidh cosaint ar chearta agus saoirsí bunúsacha an duine lena mbaineann.

Is í an phríomhcheist atá le cinneadh i gcomhthéacs próiseála sonraí pearsanta ná cé na forálacha in Ailt 2, 2A & 2B (mar a bhaineann an phróiseáil le sonraí leochaileacha) faoinar féidir an phróiseáil a mheas a bheith dlisteanach. Meastar roinnt sonraí pearsanta a bheith ina phróiseáil agus dá bhrí sin ní mór bonn cuí a bheith faoi sna hAchtanna Cosanta Sonraí.

Alt 2
Mar íosmhéid le próiseáil chóir a chinntiú ní mór an duine a bheith curtha ar an eolas go cuí ag teacht le riachtanais Alt 2 (1) na nAchtanna mar atá rianaithe níos mionsonraithe in Alt 2D. Éilíonn seo go gcaitear na daoine a chur ar an eolas maidir leis na húsáidí uile a bhainfear as a gcuid sonraí ag cuimsiú cé dó a nochtfar iad.

Alt 2A
A luaithe is atá mionfhaisnéis chruinn tugtha do gach aon duine faoi fhorálacha Alt 2 (1)(a) na nAchtanna, ní mór coinníollacha breise Alt 2A a shásamh chomh maith. Baineann Alt 2A (1) le toiliú. Nuair a iarrtar an toiliú seo mar choinníoll don seirbhís atá i gceist a sholáthar seachas ar bhonn roghnach amháin, is é tuairim láidir an Choimisinéara é go bhfuil sé amhrasach go bhféadfaí a mheas gur thug na daoine an toiliú dá ndeoin féin agus dá bhrí sin, de ghnáth, nár cheart brath air sin amháin mar bhonn cirt ar shonraí pearsanta a roinnt. Tá seo amhlaidh go háirithe nuair atá an roinnt á déanamh ar bhonn córasach, gnáthaimh.

Faoi chúinsí dá leithéid sin, ní mór ceann de na coinníollacha eile in Alt 2A a shásamh. An ceann is dóichí maidir le roinnt sonraí pearsanta ná Alt 2A(1)
(d):

(d)is gá an phróiseáil chun críche leasa dlisteanacha atá á gcur chun cinn ag an rialtóir sonraí nó ag tríú páirtí nó páirtithe lena nochtar na sonraí, ach nuair atá an phróiseáil dochosanta de dheasca dochar do bhunchearta agus saoirsí nó leasa dlisteanacha an damhna sonraí in aon chás ar leith.

Dá bhrí sin, ba chóir aon roinnt ar shonraí pearsanta a bheith inacmhainn ar a léiriú go soiléir go bhfuil gá leis do leasanna dlisteanacha an rialtóra sonraí atá i gceist agus nach dochar é do chearta agus do shaoirsí bunúsacha nó leasanna dlisteanacha an damhna sonraí. Dá bhrí sin éilíonn an fhoráil seo go mbeadh cothromaíocht shoiléir idir leasa an rialtóra sonraí agus leasa an damhna sonraí. Is é tuairim láidir an Choimisinéara Cosanta Sonraí é go gcaithfeadh an rialtóir sonraí, d'fhonn leasa dlisteanacha an damhna sonraí a shárú, a bheith ar a chumas a léiriú gan cheist cad ina thaobh gur gá go sáródh a leasa dlisteanacha cearta daoine aonair trína sonraí pearsanta a roinnt ar dhaoine eile.

Alt 2B
Ina theannta sin, nuair a bhaineann na sonraí pearsanta atá le roinnt le "déanamh nó líomhaint ar dhéanamh aon chiona ag an damhna sonraí" a chuimseodh calaois, gan dabht, b'ionann é agus sonraí leochaileacha pearsanta agus ní mór coinníollacha Ailt 2B na nAchtanna a shásamh sula ndéanfaí aon roinnt ar shonraí pearsanta.

Feictear d'Alt 2B arís go bhfaighfí toiliú follasach an damhna sonraí le bonn a sholáthar do phróiseáil sonraí pearsanta faoin Alt seo. Ar a shon sin, ar na cúiseanna atá rianaithe thuas níor cheart de ghnáth toiliú a tugadh faoi na cúinsí sin a mheas mar a bheith tugtha dá ndeoin féin ag daoine agus ní féidir do rialtóir sonraí brath air sin amháin.

Rianaíonn Alt 2B (1) coinníollacha breise a dhéanfadh dlisteanú ar a leithéid de phróiseáil. Is iad na nithe is dóichí a bheith ábhartha sa chomhthéacs ná:

(vi) is gá an phróiseáil -
(1) do riaradh ceartais,
(11) d'fheidhmiúchán feidhme bronnta ar dhuine trínó faoi achtachán, nó
(111) d'fheidhmiúchán feidhme de chuid an Rialtais nó Aire Rialtais,

(vii) tá an phróiseáil -
(I) ag teastáil chun críche comhairle dhlíthiúil a fháil nó chun críche, nó maidir le, himeachtaí dlíthiúla imeachtaí ionchasacha dlíthiúla, nó
(II) ag teastáil chun críche comhairle dhlíthiúil a fháil nó chun críche, nó maidir le, himeachtaí dlíthiúla imeachtaí ionchasacha dlíthiúla, nó

Soiléiríonn seo nach féidir sonraí leochaileacha maidir le déanamh nó líomhaint ar dhéanamh ciona a phróiseáil ag an rialtóir sonraí féin ach chun críche gníomhaíochta dlí a chur chun cinn nó nuair a dhéantar an phróiseáil le géilleadh do shainoibleagáid reachtúil nó do riaradh Ceartais. Ní thig ach le húdarás oifigiúil na catagóirí deireanacha seo a fheidhmiú. Mar sin, ar mhaithe le soiléire, tá sé dlisteanach do rialtóir sonraí, sonraí pearsanta a roinnt leis An nGarda Síochána maidir le déanamh nó líomhaint ar dhéanamh ciona, faoi na hAchtanna agus tig leis tarlú. Ní féidir aon roinnt eile ar fhaisnéis idir rialtóirí sonraí maidir le déanamh nó liomhaint ar dhéanamh ciona, ag áireamh calaoise, a dhéanamh faoi ghéilliúntas do na hAchtanna Cosanta Sonraí.