Data Protection Commissioner
Data Protection Commissioner

Ceisteanna Coitianta

12. Teagmháil a dhéanamh le Custaiméirí

 

12.1 Ba mhaith liom  r-phost a scaipeadh ar roinnt faighteoirí, cad iad na ceisteanna maidir le cosaint sonraí?

I gcúinsí áirithe is féidir le seoladh r-phoist a bheith  san áireamh  mar "sonraí pearsanta" agus faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003. Leagann Alt 2 (1) (d) amach go "glacfar bearta slándála iomchuí a dhéanamh in aghaidh rochtana neamhúdaraithe ar, nó nochtadh, athrú nó scrios neamhúdaraithe ar na sonraí, go háirithe nuair atá i gceist le próiseáil na sonraí a tharchur thar líonra, agus in agaidh gach cineál próiseála neamhdhleathaí eile ".

Cé nach bhfuil aon treoir 'dea-chleachtais'  maidir le liostaí seoltaí, is é  comhairle na  hOifige seo nuair a bhionn  r-phost á sheoladh ag an eagraíocht do seoltaí ríomhphoist éagsula  lasmuigh den eagraíocht, gur chóir é a dhéanamh ag úsáid an réimse BCC(Cóip Carbóin Dall). Tá sé seo tábhachtach go háirithe nuair a sheoladh  an ríomhphost do  seoladh ríomhphoist  pearsanta mar i gcoinne do sheoladh r-phoist cuideachta. Ag baint úsáid as an réimse BCC chun r-phost a scaipeadh do a lán duine, cuirtear  cosc ar nochtadh gan ghá  do dhaoine eile de seoltaí ríomhphoist faighteoirí .

 

12.2 An féidir liom taighde margaíochta a dhéanamh le mo chustaiméirí féin?

Ní chuireann na hAchtanna um Chosaint Sonraí cosc ar theagmháil le custaiméirí do chúraimí taighde a luaithe is a ghéilltear do riachtanais eile na nAchtanna.  Ag tráth bailithe na sonraí custaiméara, bheadh sé inmholta na custaiméirí a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí teagmháil um thaighde margaíochta leo sa todhchaí.  Ba cheart deis a thabhairt dóibh cur ina choinne seo.  Rud atá tábhachtach sa réimse seo ná nach féidir sonraí pearsanta a choimeád níos sia ná mar atá an chúram ar a bailíodh iad fós bailí.  Ní shínfeadh seo go sonraí a bheith á gcoimeád do chúraimí taighde margaíochta amháin.  Dá bhrí sin, níor mhór taighde margaíochta a dhéanamh nuair atá bunchúram ann fós leis na sonraí pearsanta a choimeád.  I gcúinsí dá leithéid, níor cheart taighde margaíochta a dhéanamh ach amháin ar shonraí pearsanta ina raibh teagmháil leis an gcustaiméir le dhá mhí dhéag anuas.

Tá sé ceadaithe chomh maith cuideachta tríú páirtí a chur ar conradh chun an taighde margaíochta a dhéanamh do do chuideachta.  Ba cheart ordú a bheith i gconradh dá leithéid nach féidir na sonraí pearsanta a sholáthrítear a úsáid ach amháin don chúram ar soláthraíodh iad, iad a choimeád go slán agus iad a a scrios nó a thabhairt ar ais nuair a thagann an conradh chun críche.   Ina theannta sin, ba cheart é a bheith soiléir d'fhaighteoirí na suirbhéireachta go bhfuil sé á dhéanamh thar ceann do chuideachta.

Ar deireadh,  níor cheart suirbhéireacht margaíochta a úsáid ina leithscéal chun dul i mbun gníomhaíocht margaíochta dírí le daoine a ndéantar teagmháil leo ach amháin má tá comhthoiliú ar leith i bhfeidhm chun teagmháil a dhéanamh leis na daoine sin don chúram sin. 

12.3 Nuair a dhéanfaidh mé teagmháil le mo chustaiméirí ar an bhfón an féidir liom ceisteanna slándála a chur orthu chun céannacht an duine lena bhfuil mé ag caint a fhíorú?


Faigheann an Oifig fiosruithe go minic ó dhaoine a ndearna eagraíochtaí teagmháil leo agus ar insíodh dóibh nárbh fhéidir leo leanúint ar aghaidh leis an nglao mura bhfreagraíonn an duine aonair roinnt ceisteanna slándála roimh ré.  Ós rud é go moltar do dhaoine de ghnáth gan a bhfaisnéis phearsanta a chur ar fáil do ghlaoiteoirí gan aithne a bheith acu orthu nó nach féidir leo iad a aithint nó a fhíorú go réidh, cruthaíonn an cineál cleachtais seo imní i ndaoine.  Cé go dtuigimid go bhfuil an chuideachta ag iarraidh roinnt beart a ghlacadh ionas nach bpléifidh siad cúrsaí ach amháin leis an duine ceart, ó thaobh cosaint sonraí de, nuair is iad na cuideachtaí féin a thionscnaíonn na glaonna sin, bheadh sé imleor dóibh na sonraí teagmhála a soláthraíodh dóibh ag a gcustaiméirí a úsáid agus dearbhú a dhéanamh go bhfuil siad ag labhairt leis an duine ceart.

12.4 An féidir liom teachtaireachtaí téacs ina mbeadh fógraí/meabhrúcháin a sheoladh chuig ár gcliaint?


Is ionann an tsaincheist a eascródh ó chóras den chineál sin agus go mbeadh ar an gcuideachta áirithiú a dhéanamh go raibh an cuspóir a bailíodh na huimhreacha fóin ina leith ar an gcéad dul síos oiriúnach leis an tseirbhís téacsála sin. Ag an am a bhailíonn an chuideachta na huimhreacha sin ní mór di na cliaint a chur ar an eolas go mbeidh seirbhís téacsála á cur ar fáil aici chun iad a chur ar an eolas maidir le coinní.

Ina theannta sin, sa chás gur cuireadh daoine aonair ar an eolas faoin úsáid sin faoi mar atá leagtha amach thuas, bheadh ar an gcuideachta nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun áirithiú a dhéanamh go bhfuil na huimhreacha fóin atá aici cruinn agus cothrom le dáta. Bheimis ag súil go mbeadh cleachtas i bhfeidhm chun deimhniú a dhéanamh ar bhonn rialta go bhfuil an uimhir a thug an sealbhóir cuntais fós bailí, m.sh. má tá bearna ann ón teagmháil dheireanach leis an sealbhóir cuntais gur cheart a (h)uimhir a dheimhniú in athuair, chun áirithiú a dhéanamh nach n-eisítear téacsanna ach amháin don fhaighteoir atá beartaithe. Is ionann teipeadh na nósanna imeachta sin a leanúint agus riosca fógraí/meabhrúcháin a chur chuig an duine mícheart, ós rud é go ndearnadh fón póca a athrú nó nach mbaineann an uimhir atá i gceist leis an sealbhóir cuntais amháin.  Molaimid go gcuimseodh téacs na teachtaireachta SMS a bheadh le cur chuig daoine an méid is lú faisnéise agus nach gcuimseodh sé faisnéis chuntais ná mhíochaine ar bith.

12.5 Cad iad na tosca a bhíonn i gceist nuair a úsáidtear meaisín glaoite uathoibrithe?


De réir na Rialachán Príobháideachais Leictreonaigh (IR336 de 2011), is ionann meaisín glaoite uathoibrithe agus meaisín nó córas glaoite uathoibríoch a mbíonn sé mar fheidhm aige, agus é gníomhaithe, glaonna a dhéanamh gan idirghabháil ó dhuine. Cuimsíonn an sainmhíniú sin uath-dhiaileoirí.

Tháinig IR 336 de 2011 i gcomharba ar IR 535 de 2003. Fiú faoi na Rialacháin roimhe seo ba neamhdhleathach é cumarsáid margaíochta gan iarraidh a dhéanamh trí mheaisín glaoite uathoibrithe gan cead ón duine a bhí i gceist. Is amhlaidh an scéal faoi na Rialacháin nua agus níl athrú ar bith ar an ábhar sin (féach Rialachán 13(1)(a)).

Ina theannta sin, cuireann na Rialacháin nua (féach Rialachán 13(10)(b)) ceanglas ar mhargóirí a bhaineann úsáid as meaisíní glaoite uathoibrithe ainm, seoladh agus uimhir theileafóin gach duine a dhéanann cumarsáid a chur san áireamh le gach glao agus, más bainteach, ainm, seoladh agus uimhir theileafóin an duine a ndéantar an chumarsáid thar a cheann a chur san áireamh. Is cion coiriúil é má theiptear an ceanglas sin a chomhlíonadh.

Is é an chúis le tabhairt isteach an cheanglais sin go raibh roinnt cuideachtaí ag baint úsáide as uathdhiaileoirí chun glaonna margaíochta a dhéanamh ach ní raibh go leor gníomhaithe acu chun na glaonna a láimhseáil nuair a d'fhreagair na custaiméirí a raibh glaonna á gcur orthu na teileafóin. De dheasca sin bhí líon mór "glaonna tostacha" ann ós rud é gur chuir an t-uathdhiaileoir deireadh leis an nglao gan an chuideachta a bhí mar údar an ghlao a shainaithint. Spreagadh eagla suntasach i measc an phobail agus cuid mhaith daoine ag ceapadh go raibh coirpigh nó stácálaithe ag díriú orthu.

Faoi na Rialacháin nua, mura bhfuil gníomhaí ar fáil chun leanúint leis an nglao arna dhéanamh ag an uathdhiaileoir, ní mór don uathdhiaileoir teachtaireacht de chineál éigin a chasadh a inseoidh don chustaiméir cén duine/cuideachta a bhfuil sé ag glao thar a c(h)eann. Dar ndóigh, is féidir le margóirí script eile a chur in iúl sa teachtaireacht sin más mian leo, ach is é an phríomhsprioc go ndéanfadh siad iad féin, a seoladh agus a n-uimhir theileafóin a chur in iúl.

12.6 Cad iad na ceanglais  maidir le cosaint sonraí le haghaidh eagraíochtaí a dhéanann glaonna teileafóin a thaifeadadh?


Faoin reachtaíocht um chosaint sonraí glactar gur féidir leas dlisteanach gnó a bheith ann glaonna a thaifeadadh i réimsí atá thar a bheith tábhachtach do ghnó in earnálacha áirithe, faoi réir ag an bhforáil gur cheart go gcuirfí glaoiteoirí ar an eolas ina thaobh, is cuma iad a bheith ina nglaonna isteach nó amach, go bhfuil taifeadadh ar siúl agus deis ag an nglaoiteoir rogha a dhéanamh leanúint ar aghaidh leis an nglao nó deireadh a chur leis.  Ceadaítear próiseáil sonraí pearsanta de bhun Alt 2A(1)(a) má thugann an t-ábhar sonraí faomhadh ina leith. 

Ós rud é go sonraítear sna hAchtanna um Chosaint Sonraí nár cheart faisnéis duine a bhailiú ach amháin chun críocha a bhfuil eolas ina leith tugtha dó/di roimh ré, ba cheart an cuspóir/na cuspóirí a bhfuil na glaonna á dtaifeadadh a thabhairt le fios do ghlaoiteoirí sula ndéantar sonraí pearsanta ar bith a bhailiú.  Le haghaidh glaonna isteach, tharlódh go dteastódh ó d'eagraíocht go mbeadh teachtaireacht réamhthaifeadta aici.  Ba cheart do theachtaireacht réamhthaifeadta ar bith na cuspóirí beachta maidir le taifeadadh an ghlao a chur in iúl, .i. chun críocha oiliúna, chun críocha díospóid a réiteach srl.  Ba cheart an cuspóir/na cuspóirí a bhfuil na glaonna á dtaifeadadh a chur in iúl do ghlaoiteoirí sula ndéantar sonraí pearsanta ar bith a bhailiú.  Mura bhfuil an cuspóir follasach, ní mór gach cuspóir a leagan amach.

Le haghaidh glaonna amach bíonn sé níos deacra cúis a thabhairt na glaonna sin a thaifeadadh.  Ní foláir nó go mbeidh an rialaitheoir sonraí ábalta a léiriú go dtabharfar an fhaisnéis riachtanach don ábhar sonraí, ar an gcéad theagmháil leis, faoi mar atá leagtha amach thuas. 

Tá sé de cheart ag duine aonair cóip a fháil de thaifeadadh ar bith dá leithéid a dhéantar ar a g(h)lao. Ba cheart an chóip a chur ar fáil i bhformáid fuaime nó tras-scríbhinne.