Data Protection Commissioner
Data Protection Commissioner

Staidpháipéar maidir le tréimhse choinneála sonraí billeála teileachumarsáide

A. Príomhchuspóirí
Gintear agus coimeádtar sonraí na dtaifead ar mhionsonraí glaonna (TMG) don mbunchuspóir seirbhísí teileachumarsáide a bhunú, agus chun billí a réiteach i leith na seirbhísí sin; agus chun sláine an ghréasáin teileachumarsáide a chothabháil, agus chun gníomhaíocht chuí ceartaitheach a ghlacadh i gcoinne mí-úsáid ina leith sin.

B. Cuspóirí tánaisteacha

Is féidir go n-úsáidfí sonraí TMG go dlisteanach do chuspóirí tánaisteacha, ag áireamh

· margaíocht dhíreach ag an rialtóir sonraí féin ar shíntiúsóirí indibhidiúla, e.g. ag moladh pleananna malartacha taraife, seirbhísí breisluacha breise a mholadh – faoi réir ag an deis a thabhairt don síntiúsóir rogha an diúltaithe a ghlacadh i leith cuspóirí tánaisteacha dá leithéidí sin.

· gnáth-thaighde agus gnáthfhorbairt, anailís chomhiomlán ar chineálacha glaonna, mar shampla do riachtanais acmhainne bandaleithid a phleanáil bunaithe ar thosca ama/séasúracha.

· cuspóirí eile tánaisteacha ag tríú páirtithe – e.g. sonraí TMG a nochtadh do thríú páirtithe dá gcuspóirí margaíochta díreacha - níl sin a dhéanamh ach le comhthoiliú soiléir ó na síntiúsóirí.

· tá cuspóirí eile tánaisteacha ceadaithe de bhun ailt 8 an Achta um Chosaint Sonraí, 1988 (ag áireamh nochtaithe d'údaráis fhorfheidhmiúcháin dlí nuair atá gá le nochtadh d'fhonn cionta a imscrúdú, a bhrath nó a chosc; agus ag áireamh géilleadh sainordaitheach do threoracha de bhun an Achta um Sheirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983).

C. Tréimhse coinneála

Maidir le príomhchuspóirí:
Ba cheart go mairfeadh an tréimhse choinneála chomh fada is gá le naisc theileachumarsáide agus seirbhísí eile araon a bhunú, agus le billí a ghiniúint, a eisiúint agus a réiteach i leith na seirbhísí sin. Is an tréimhse atá riachtanach do na cuspóirí sin á chinneadh, molann an Coimisinéir Cosanta Sonraí, ag cur forálacha alt 2(1) an Achta um Chosaint Sonraí, 1988 san áireamh; chomh maith leis na tuairimí a nocht Grúpa Airteagail 29 de chuid Choimisinéirí um Chosaint Sonraí an AE ina Moladh 3/99, maidir leis na cleachtais i ndlínsí eile AE, agus forálacha na dTreoracha AE 95/46/AE agus 97/66/AE (ag áireamh réamhaithrisí a bhaineann leo), gur gnáth thréimhse choinneála de thrí nó ceithre mí (tar éis do bhille a bheith eisithe) atá cuí do shonraí TMG. Bheadh an Coimisinéir sásta machnamh a dhéanamh ar argóintí maidir le gnáth-thréimhse níos sia coinneála ach ní bheadh fonn air gnáth-thréimhse choinneála níos sia ná sé mhí a cheadú.

Aithníonn an Coimisinéir go mbíonn cúinsí áirithe ann ina bhféadfadh sé a bheith riachtanach sonraí TMG a choinneáil do thréimhsí níos sia. I measc na gcúinsí sin bheadh: -

a) nuair a thagann ceist nó díospóid chun cinn maidir le bille áirithe ar leith

b) nuair atá cúis mhaith ag an rialtóir sonraí a cheapadh gur dóichí go mbeidh díospóid ann maidir le haon bhille ar leith de thoradh déileálacha a bhí ann le síntiúsóir áirithe san am atá caite 

c) nuair atá forais eile réasúnta ann, ag tabhairt aird ar shainchúinsí an cháis, lena cheapadh gur dóichí go dtosóidh díospóid dá leithéid 

d) nuair is ann d'aon riail dlí nó ordú cúirte gceist a éilíonn go soiléir go bhfuil ar an rialtóir sonraí na sonraí pearsanta a choimeád do thréimhse níos sia dá leithéid.

Maidir le (a) go (c) thuasluaite, is féidir go mbeadh sé cuí aird a thabhairt ar Reacht na dTréimhsí chun uastréimhse choinneála a shocrú.

Maidir le cuspóirí tánaisteacha:
Tá an Coimisinéir báúil leis an dearcadh, nuair a choimeádtar sonraí pearsanta go dlisteanach do bhunchuspóir, gur féidir iad a úsáid chomh maith do chuspóir dlisteanach tánaisteach. Ar a shon sin, mar riail ghinearálta, ní mheasann an Coimisinéir gur féidir sonraí pearsanta a choimeád do chuspóir tánaisteach amháin gan bunchuspóir dlisteanach a bheith ann chomh maith. Tá feidhm ag an bprionsabal seo go háirithe i gcásanna nuair a mheastar go bhfuil eilimint phearsanta príobháideachta ag baint leis; agus go contrártha, d'fhéadfadh go mbeadh an scóp ann éascú a dhéanamh ar an bprionsabal seo i gcoibhneas le nádúr comhiomlán, neodrach-phríobháideach na sonraí pearsanta.

4ú Márta 2002

Ar an 3ú Feabhra 2005 thug an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leasú ar an mBille um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2002 isteach. Nuair a thiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm, beidh ar sholáthróirí seirbhísí teileachumarsáide (oibreoirí línte seasta agus oibreoirí móibíleacha araon) sonraí teileachumarsáide a choimeád do thréimhse suas le trí bliana tar éis iarratais chuí ó Choimisinéir na nGardaí. Cuimsíonn sonraí cumarsáide sonraí tráchta agus sonraí suímh araon.

Nuair a bheidh feidhm ag an bhforáil sin, soláthróidh sé bonn reachtúil do shonraí tráchta agus suímh a bheith á gcoimeád.

- 8ú Feabhra 2005