Nóta Treorach do Sholáthróirí Seirbhíse Cumarsáide Leictreonaí ar ghlaonna teileafóin margaíochta dírí ar a gcuid Suibscríobhaithe agus Iarsuibscríobhaithe.
Leagtha amach thíos tá seasamh Oifige an Choimisinéara Cosanta Sonraí maidir le glaonna eileafóin margaíochta dírí ar a gcuid Suibscríobhaithe agus Iarsuibscríobhaithe ag Soláthróirí Seirbhíse Cumarsáide Leictreonaí. Tá an seasamh seo bunaithe ar na riachtanais reachtúla maidir le cumarsáidí gan iarraidh mar atá leagtha amach in I.R. Uimh. 535 de 2003 - Rialachán na Comhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonacha)(Cosaint Sonraí agus Príobháideacht) 2003 agus in Alt 2(7) agus 2(8) de na hAchtanna Cosanta Sonraí, 1988 agus 2003.
Suibscríobhaithe do chuideachta amháin teileachumarsáide ar sheirbhís aonbhille.
Baineann seo le suibscríobhaithe a fhaigheann seirbhísí glao agus cíos líne ó aon chuideachta teileachumarsáide (soláthróir seirbhísí) amháin. I gcásanna den chineál sin, tig leis an soláthróir seirbhísí atá ag solathar na seirbhíse faoi láthair glao teileafón a dheánamh ar líne a gcuid suibscríobhaithe chun críche margaíochta dírí mar phleanna roghnacha táille, seirbhísí le breis luacha, etc. Níl feidhm ag rogha scar-rogha BSEN i gcásanna dá leithéid sin. Ar a shon sin, ní mór ceann a thógáil de mhian suibscríobhaí ar bith a chuir in iúl de bhéal nó i scríbhinn dá soláthróir seirbhíse aonbhille nár theastaigh uathu glaonna margaíochta a fháil, agus ní ceadmhach dá bhrí sin, glaonna teileafóin dá leithéid a chur orthu ach a rogha a bheith curtha in iúl. Lena chois sin, ní mór do na soláthróirí eile seirbhíse ar fad géilleadh do scar-rogha BSEN (má cuireadh in iúl é) neamhchustaiméirí (atá ina suibscríobhaithe aonbhille ag soláthróir eile seirbhíse) maidir le glaonna teileafóin margaíochta dírí. Ní mór dá leithéidí sin soláthróirí seirbhíse géilleadh i gcónaí do scar-rogha má thuairiscítear san BSEN é munar féidir leis an soláthróir áirithe seirbhíse léiriú inchreidte a thaispeáint go bhfuil toiliú ar leith scartha faighte aige díreach ón suibscríobhaí atá i gceist. Éiríonn pointe ar leith maidir le suibhscríobhaithe seirbhíse aonbhille a bhfuil foirceannadh déanta acu ar chaidreamh gnó le soláthróir amháin nó síos mó roimhe seo. Faoi thoscaí den chineál sin, measfar aon liostáil roghnach do mhargaíocht dhíreach a tugadh do na soláthróirí sin seirbhíse roimh fhoirceannadh an chaidrimh ghnó a bheith dulta in éag.
Suibscríobhaithe d'iompróirí seirbhísí réamhroghnaitheacha.
Déanann seo cur síos ar shuibscríobhaí a dhéanann rogha roimhré ar ghlacadh le glaonna de chineálacha áirithe(Idirnáisiúnta, Náisiúnta, Glaonna Uile) le hiompar ag soláthróir amháin nó níos mó seirbhísí. I gcásanna den chineál sin, tig leis an soláthróir seirbhísí atá ag solathar na seirbhísí réamhroghnaithe glao 72 Coimisinéir Cosanta Sonraí Tuarascáil Bhliantúil 2007 teileafón a dhéanamh ar líne a gcuid suibscríobhaithe reatha chun críche margaíochta dírí mar phleanna roghnacha táille, seirbhísí breis luacha breise, etc. Níl feidhm ag rogha scar-rogha BSEN i gcásanna dá leithéid sin. Ar a shon sin, ní mór ceann a thógáil de mhian suibscríobhaí ar bith a chuir in iúl de bhéal nó i scríbhinn dá soláthróir seirbhíse nár theastaigh uathu glaonna margaíochta a fháil, agus ní ceadmhach dá bhrí sin, glaonna teileafóin dá leithéid a chur orthu ach a rogha a bheith curtha in iúl. Lena chois sin, ní mór do na soláthróirí eile seirbhíse ar fad géilleadh do scarrogha BSEN (má cuireadh in iúl é) neamhchustaiméirí (atá ina suibscríobhaithe réamhroghnaithe iompróra ag soláthróir eile seirbhíse) maidir le glaonna teileafóin margaíochta dírí. Mar a chéile, ní mór do sholáthróir na seirbhíse líne ar cíos agus/nó an soláthróir seirbhísí coimhdeacha (seirbhísí maidir leis an líne seachas do ghlaonna, e.g. cíosóireachtaí ISDN nó CPS). Ní mór dá leithéidí sin soláthróirí seirbhíse géilleadh i gcónaí do scar-rogha má thuairiscítear san BSEN é munar féidir leis an soláthróir áirithe seirbhíse léiriú inchreidte a thaispeáint go bhfuil toiliú ar leith scartha faighte aige díreach ón suibscríobhaí atá i gceist.
Suibscríobhaithe do sheirbhísí roghnaithe iompróirí.
Baineann seo le suibscríobhaí a dhéanann rogha ar bhonn glao ar ghlao de chineálacha áirithe glaonna (Idirnáisiúnta, Náisiúnta, etc) le hiompar ag soláthróir amháin nó níos mó seirbhísí. I gcásanna den chineál sin, tig le soláthróirí atá ag solathar na seirbhísí roghnaithe iompróra glao teileafón a dhéanamh ar líne a gcuid suibscríobhaithe reatha chun críche margaíochta dírí mar phleanna roghnacha táille, seirbhísí breis luacha breise, etc. Níl feidhm ag rogha scar-rogha BSEN i gcásanna dá leithéid sin. Ar a shon sin, ní mór ceann a thógáil de mhian suibscríobhaí ar bith a chuir in iúl de bhéal nó i scríbhinn dá soláthróir seirbhíse nár theastaigh uathu glaonna margaíochta a fháil, agus ní ceadmhach dá bhrí sin, glaonna teileafóin dá leithéid a chur orthu ach a rogha a bheith curtha in iúl. Lena chois sin, ní mór do na soláthróirí eile seirbhíse ar fad géilleadh do scarrogha BSEN (má cuireadh in iúl é) neamhchustaiméirí (atá ina suibscríobhaithe roghnaithe iompróra ag soláthróir(í) eile seirbhíse) maidir le glaonna teileafóin margaíochta dírí. Mar a chéile, ní mór do sholáthróir na seirbhíse líne cíosóireachta agus/nó an soláthróir seirbhísí coimhdeacha géilleadh do scar-rogha BSEN (má cuireadh in iúl é) suibscríobhaithe den chineál sin maidir le glaonna margaíochta dírí do sheirbhísí seachas don seirbhís cíosóireachta líne agus /nó na seirbhísí coimhdeacha atá i gceist chomh maith leis an ní is mian le haon duine de na suibscríobhaithe a chuir in iúl dá soláthróir cíosóireachta líne agus/nó seirbhísí coimhdeacha nach mian leo glaonna margaíochta a fháil. Ní mór dá leithéidí sin soláthróirí seirbhíse géilleadh i gcónaí do scar-rogha má thuairiscítear san BSEN é munar féidir leis an soláthróir áirithe seirbhíse léiriú inchreidte a thaispeáint go bhfuil toiliú ar leith scartha faighte aige díreach ón suibscríobhaí atá i gceist.
Suibscríobhaithe a aistríonn cuideachta teileachumarsáide.
Baineann seo (i) le suibscríobhaithe a dhéanann foirceannadh ar a gconradh reatha lena soláthróir seirbhíse teileachumarsáide do ghlaonna agus do sheirbhísí cíosóireachta líne araon agus (ii) suibscríobhaithe a dhéanann foirceannadh ar a gconradh reatha lena soláthróir seirbhíse teileachumarsáide do réamhroghnú iompróra nó do sheirbhísí réamhroghnaithe iompróra (mar atá léirmhínithe thuas) nuair ab iad sin na haon seirbhísí amháin a bhí ag an suibscríobhaí ón soláthróir seirbhísí sin. Aistríonn foirceannadh den chineál sin ar chonradh suibscríobhaithe go catagóir iarshuibscríobhaithe an tsoláthróra seirbhíse atá i gceist. Measfar toiliú a thug suibscríobhaí do sholáthróir seirbhíse roimh fhoirceannadh caidrimh ghnó le glacadh le glaonna margaíochta dírí ar a líne a bheith éagtha ar fhoirceannadh an chaidrimh ghnó munar tugadh an toiliú ar an tuiscint shoiléir sonrach go leanfadh sé sa chás go ndéanfaí foirceannadh ar an gcaidreamh gnó. I gcás na n-iarshuibscríobhaithe seo, maidir le glaonna Margaíocht Dhíreach, ní mór géilleadh do scar-rogha an BSEN (má cuireadh in iúl é) ag a n-iarsholáthróir seirbhíse le héifeacht láithreach bonn ar fhoirceannadh an chaidrimh ghnó.

