Nóta Treorach ar Bhithmhéadracht i Scoileanna, Coláistí agus Institiúidí eile Oideachais
D'ullmhaíodh an treoir seo a leanas mar áis do scoileanna, coláistí agus institiúidí eile oideachais a bheadh ag cuimhneamh ar chóras bithmhéadrach a chur isteach agus a fheidhmiú. Tá sé i gceist go spreagfadh an doiciméad seo institiúidí dá leithéid sin féachaint an gá córas bithmhéadrach sa chéad dul síos agus ansin agus ansin measúnú a dhéanamh ar thionchar príobháideachta na gcóras éagsúla.
Is iad na príomhcheisteanna atá le meas ó thaobh cosanta sonraí de ná comhréireacht córais bhithmhéadrach a thabhairt isteach agus an riachtanas a bhaineann le comhthoiliú sínithe a fháil os na húsáideoirí mac léinn (agus a dtuismitheoirí nó ó a gcaomhnóirí i gcás mionaoisigh) ag tabhairt rogha soiléir agus intuigthe an diúltaithe dóibh ón gcóras gan pionós a chur orthu.
Nil sé i gceist go gcuirfeadh an doiciméad aon chóras ar leith chun cinn, ach is aidhm dó scoileanna agus coláistí a dhéanamh feasach ar a bhfreagrachtaí faoi na hAchtanna Cosanta Sonraí 1988 & 2003. Úsáid córais bhithmhéadrach a fhéadfadh a bheith ina chúis imní do chosanta sonraí, seachas táirgeadh nó díol córais. Caithfear breithiúnas a thabhairt ar gach ócáid ar bhonn cás ar chás.
1. Cineálacha difriúla Bithmhéadracha
Feidhmíonn na córais bhithmhéadracha uile ar bhonn uath-aitheantais nó fíordheimhnithe/fíorúcháin duine. Is é an difríocht idir na córais ná cineál na bithmhéadrachta agus an cineál stórais atá i gceist.
1.1 Faisnéis a úsáidtear le sonraí bithmhéadrachta a ghiniúint
Cruthaítear sonraí bithmhéadracha ó thréithe éagsúla fisiciúla nó fiseolaíocha duine. Orthu sin tá méarlorg, inteachán, reitine, aghaidh, imlíne láimhe, cruth cluaise, patrún gutha, DNA, agus boladh coirp. B'fhéidir ábhar bithmhéadrach a chruthú ó shonraí iompar mar lámh scríbhneoireacht nó anailís eochairbhaile. De ghnáth, tairgítear teimpléad digiteach ó shonraí bithmhéadracha. Déantar comparáid ansin idir an teimpléad seo agus ceann a tháirgítear nuair a láithríonn duine ag léitheoir.
1.2 Cineálacha sonraí bithmhéadracha
Is ann do thrí phríomhchineál sonraí bithmhéadracha:
- Íomhánna Amha, comhdhéanta de shonraí inaitheanta mar íomhá d'aghaidh nó de mhéarlorg, etc.
- Íomhánna criptithe, comhdhéanta de shonraí a fhéadfaí a úsáid le híomhá a ghiniúint.
- Páirtshonraí criptithe, comhdhéanta de pháirtshonraí ó íomhá, atá criptithe agus nach féidir a úsáid leis an mbuníomhá iomlán a athchruthú
1.3 Cineálacha Córas Bithmhéadracha
Is ann do dhá phríomhchineál córas:
- Córais aitheantais, a dheimhníonn aitheantas an duine aonair.;
- Córais Fhíordheimhnithe /fíoriúcháin, a dhearbhaíonn go bhfuil bithmhéadrach a dhíorthar ó dhuine a láithríonn ag léitheoir ag meaitseáil le bithmhéadrach eile, ar stóras go tipiciúil ar charta agus a láithrítear ag an am céanna.
1.4 Stóráil sonraí bithmhéadracha.
Tá dhá phríomhmhodh stórála ann do shonraí / teimpléid bithmhéadracha:
- Stórálann bunachair lárnacha sonraí na teimpléid ar chóras lárnach a chuardaítear gach aon uair a láithríonn duine ag léitheoir.
- Úsáidtear cárta le teimpléad a stóráil. Gintear teimpléad nuair a láithríonn duine ag léitheoir, agus cuirtear an teimpléad seo i gcomparáid leis an teimpléad ar an gcárta.
Ceisteanna Cosanta Sonraí maidir le bithmhéadracht.
2. Comhréireacht
Deir Alt 2 (1)(c )(iii) de na hAchtanna um Chosaint Sonraí go mbeidh sonraí
"imleor, ábhartha agus gan a bheith iomarcach maidir leis an gcuspóir nó na cuspóirí dár bailíodh iad nó ar a bhfuil siad próiseáilte a thuilleadh."
"iomarcach" an focal tábhachtach anseo. Dá bhrí sin, is í an chéad cheist is gá a chur agus machnamh á dhéanamh ar a leithéid de chóras a chur isteach ná cad chuige é? Cad atá cearr leis na córais reatha nó le roghanna nach bhfuil chomh hionsaitheach sin?
Toisc Cearta Bunúsacha Daonna a bheith ag daoine aonair atá cosanta ag na hAchtanna Cosanta Sonraí, ní mór do scoil nó coláiste measú éigin a dhéanamh ar an ngá atá le córas bithmhéadrach agus luacháil a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla córas atá ar fáil sula dtugtar córas ar bith isteach.
Is gá anailís cás ar chás le cinneadh a dhéanamh ar cad is iomarcach ann. Ar na fachtóir is féidir a chur san áireamh tá:
- Timpeallacht. An éilíonn nádúr na scoile nó an choláiste ardleibhéil slándála? An ann do limistéir ar an gcampas ina bhfuil faisnéis, earraí mórluacha nó ábhar le hionchas dainséir a dtuillfeadh leibhéal níos airde slándála ná mar a dhéanfadh limistéir ina bhfuil earraí de luach níos ílse nó limistéir ar a bhfuil lánrochtain ag an bpobal? Ar ndóigh chiallódh toisc den chineál sin go mbeadh ar gach duine a bheadh ag obair sa timpeallacht an córas bithmhéadrach a úsáid.
- Aidhm. An bhféadfaí an cuspóir atá i gceist a bhaint amach ar bhealach nach mbeadh chomh hionsaitheach céanna? D'fhéadfadh go mbeadh córas bithmhéadrach dlisteanach le rochtain a rialú ar chúiseanna slándála i limistéir áirithe den champas ach nach mbeadh sin amhlaidh i gcás córais bhithmhéadrach á bheith á úsáid ag an scoil nó ag an gcoláiste céanna do bhainistiú tinrimh amháin.
- Éifeachtacht. D'fhéadfadh éascaíocht riaracháin cúisiú a dhéanamh ar chóras a thabhairt isteach mar ar theip ar chórais nach raibh chomh hionsaitheach céanna, nó má bhí siad ró-ardchostasach le feidhmiú.
- Iontaofacht. Má tá scoil nó coláiste ag fulaingt de dheasca mac léinn bheith ag pearsana a chéile ar chúiseanna éagsúla, b'fhéidir go mbeadh córas cóir chomh fada is go ndéanfaí measúnú ar chinn nach raibh chomh hionsaitheach sin agus gur diúltaíodh díobh go réasúnta.
3. Fáil agus próiseáil chóir.
Éilíonn Alt 2(1)(a) na nAchtanna:
"Beidh na sonraí nó, de réir mar a bheidh, an fhaisnéis arb í atá sna sonraí, faighte agus go bpróiseáilfear na sonraí go cóir cothrom"
D'fhonn géilliúntas leis an bhforáil seo a léiriú, ní mór ar a laghad ceann amháin se na forálacha in Alt 2A de na hAchtanna a shásamh. I gcomhthéacs córas bithmhéadrach a thabhairt isteach le húsáid ag mic léinn i scoil nó coláiste, cuimsíonn siad sin:
- Toiliú, agus
- Leasa dlisteanacha na scoile nó an choláiste: Is gá an phróiseáil chun críche leasa dlisteanacha atá á gcur chun cinn ag an scoil no ag an gcoláiste nó ag tríú páirtí nó páirtithe lena nochtar na sonraí, ach nuair atá an phróiseáil dochosanta in aon chás ar leith de dheasca dochar do bhunchearta agus saoirsí nó leasa dlisteanacha an damhna sonraí.
Toiliú: I gcomhthéacs mac léinn ag freastal ar ionad oideachais, d'ordódh an Coimisinéir Cosanta Sonraí go raibh toiliú a fháil riachtanach agus machnamh á dhéanamh ar chóras bithmhéadrach a thabhairt isteach. Is é dearcadh an Choimisinéara é gur déine na caighdeáin a éilítear ag na hAchtanna Cosanta Sonraí agus déileáil á déanamh sonraí a bhaineann le mionaoisigh ná nuair a bítear ag déileáil le daoine fásta. Deir Alt 2A(1)(a) de na hAchtanna Cosanta Sonraí nach ndéanfaidh rialtóir sonraí próiseáil ar shonraí mura bhfuil toiliú tugtha ag an damhna sonraí don phróiseáil, nó má tá an damhna sonraí, de bhíthin a m(h)íchumais fhisiciúil nó meabhrach nó aoise, nó gur dócha nach mbeadh ar a c(h)umas nádúr agus éifeacht an toilithe a thuiscint, gur tuismitheoir nó caomhnóir etc. a thabharfadh é. Cé nach shannaíonn na hAchtanna Cosanta Sonraí an aois ar a mbeadh damhna sonraí inniúil ar thoiliú thar a gceann féin, bheadh sé stuama na hAchtanna a thuiscint ag teacht leis an mBunreacht. Is gné den dlí Bunreachtúil agus teaghlaigh go bhfuil cearta agus dualgais ag tuismitheoir maidir le páiste. Meastar don Choimisinéir nach dtigh le húsáid sonraí pearsanta mhionaoisigh a bheith dlisteanach mura bhfuil toiliú soiléir sínithe an pháiste agus tuismitheoir nó caomhnóir an pháiste ina theannta.
Mar riail ghinearálta, ba chóir gurbh iad na mic léinn féin a thabharfadh toiliú ach iad a bheith ocht mbliana d'aois nó os a chionn. Ba chóir go dtabharfadh mac léinn ó dhá bhliain d'aois go seacht mbliana d'aois a gcead féin a thabhairt, agus ina theannta sin ba chóir toiliú a fháil ó thuismitheoir nó chaomhnóir an mhic léinn. I gcás páistí faoi bhun dhá bhliain d'aois, déanfaidh toiliú tuismitheora nó caomhnóra an gnó. Ba chóir dá bhrí sin, rogha soiléir nach débhríoch ar cheart ar rogha an diúltaithe gan phionós ó chóras bithmhéadrach a thabhairt do gach mac léinn (agus/nó dá dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí mar atá luaite thuas). Lena chois sin, ní mór soláthar a dhéanamh do aisghairm toilithe a tugadh roimhe sin.
Leasa dlisteanacha: Cé go bhfuil cuma mealltach ar "leas dlisteanach", éilíonn sé cothromaíocht. Is féidir an rud a bheadh inghlactha i gcás amháin gan a bheith inghlactha i gcás eile agus ní mór do scoil nó coláiste a bheadh ag iarraidh brath ar an bhforáil seo ceann a thógáil den éifeacht a bheadh aige ar chearta príobháideachta na mac léinn. Ar aon chuma, meastar don Choimisinéir Cosanta Sonraí, i gcomhthéacs timpeallachta mic léinn, go mbeadh próiseáil sonraí pearsanta ag úsáid córais bhithmhéadraigh dochrach do chearta agus saoirsí bunúsacha na mac léinn a bheadh i gceist in éagmais toilithe a tugadh dá ndeoin féin.
3A. Fáil sonraí leochaileach go cóir.
Má aithníonn bithmhéadrach sonraí leochaileacha (leithéidí sonraí maidir le sláinte nó dealramh aghaidh mhic léinn ag nochtadh cine), ní mór ar laghad ceann amháin de fhorálacha 2B na nAchtanna a shásamh de bhreis ar a bhfuil luaite thuas. I gcomhthéacs córas bithmhéadrach a thabhairt isteach le húsáid ag mic léinn i scoil nó coláiste, cuimsíonn na forálacha sin:
- Toiliú a tugadh go soiléir.
- próiseáil riachtanach d'fheidhmiúchán feidhme bronnta ar dhuine trí nó faoi achtachán
Toiliú soiléir: Mar atá ráite thuas, ní mór rogha soiléir nach débhríoch ar cheart ar rogha an diúltaithe gan phionós ó chóras bithmhéadrach a thabhairt do gach mac léinn (agus/nó dá dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí). Baineann an toiliú a feidhmíodh don phrionsabal ar shonraí a fháil agus a phróiseáil go cóir le sonraí leochaileacha a fháil go cóir.
Riachtanach d'fheidhmiúchán feidhme bronnta faoi achtachán Ní cás go n-éileodh oibleagáid dlíthiúil tinreamh mac léinn a thaifeadadh, ann féin, córas bithmhéadrach lena shásamh. Mar shampla, éilíonn Acht Oideachais (Leas), 2000 go gcoimeádfadh scoileanna taifead ar thinreamh agus neamhfhreastal ar gach lá scoile ar gach mac léinn cláraithe ag an scoil. Ní leagann an t-éileamh síos conas ba bheart na sonraí tinrimh a fháil. "riachtanach" an príomhfhocal i bhforáil seo na nAchtanna Cosanta Sonraí maidir le próiseáil sonraí leochaileacha pearsanta. Is é dearcadh an Choimisinéara Cosanta Sonraí é nach bhfuil próiseáil sonraí pearsanta trí chóras bithmhéadrach a úsáid riachtanach le héileamh an Achta Oideachais (Leas), 2000 maidir le taifeadadh tinrimh mac léinn a shásamh. Is ann do mhórán módh seanbhunaithe ráthúil eile le taifeadadh a dhéanamh ar thinreamh mac léinn ar scoileanna nach gá dóibh sonraí leochaileacha pearsanta mic léinn a phróiseáil.
4. Trédhearcacht
Éilíonn Alt 2D de na hAchtanna go soláthródh scoil nó coláiste ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas do mhic léinn nuair atá a gcuid sonraí á bpróiseáil:
- Aitheantas an rialtóra sonraí sa scoil nó choláiste.
- An cuspóir atá le próiseáil na sonraí.
- Aon tríú páirtí dá dtabharfar na sonraí bithmhéadracha.
Tá sé riachtanach go mbeadh na mic léinn feasach ar an gcuspóir lena ndéanfar próiseáil ar na sonraí bithmhéadracha. Ciallaíonn so nach mór do scoil nó coláiste machnamh géar a dhéanamh ar chuspóir nó ar chuspóir ionchais an ruda. An do bhainistíocht tinrimh amháin an córas? An n-úsaidfear é le rochtain a rialú? Cad iad na hiarmhairtí don mac léinn atá i gceist má aithnítear mí-úsáid an chórais? Cé na cúinsí faoina ndéanfaidh an bhainisteoireacht rochtain ar na cuntais a chruthóidh an córas?
Tá trédhearcacht níos tábhachtaí fós nuair nach gá don chóras bithmhéadrach eolas nó rannpháirtíocht ghníomhach an mhic léinn. Tig le córas aitheanta aghaidhe, mar shampla, íomhánna a ghabháil agus a chur i gcomparáid i gan fhios don duine sin.
5. Cruinneas
Éilíonn Alt 2(1)(a) na nAchtanna go mbeadh na sonraí:
"Cruinn agus iomlán agus, nuair is gá, coinnithe cothrom le dáta."
Ní mór do chóras ar bith bithmhéadrach na daoine go bpróiseáiltear a sonraí ag an gcóras na daoine sín a aithint go cruinn. Má dhéanann athruithe ar cháilíochtaí fisiciúla nó síceolaíocha teimpléad a chur as dáta, ní mór córas a bheith ann lena chinntiú go gcoimeádtar na sonraí cothrom le dáta.
6. Slándáil
Tá an chuma air go gcuirfeadh an t-éileamh, faoi alt 2 (1)(d), go mbeadh beartais chuí slándála ann le cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe, nó leasú neamhúdaraithe, nochtadh nó scrios ar shonraí, úsáid réiteach teicneolaíochta dála cripteáil chun cinn.
Ar a shon sin, agus cinneadh á dhéanamh ar cad is beartas cuí slándála ann, tugann Alt 2C sonraí ar cheithre fachtóir ar cheart a chur san áireamh.
- Staid forbartha na teicneolaíochta.
- Costas feidhmiúcháin teicneolaíochta den chineál sin.
- Nádúr na sonraí a tá á gcosaint.
- An dochar a fhéadfaí a dhéanamh trí rochtain neamhdhleathach ar a leithéid de shonraí.
Chuimseodh íoschaighdeán slándála
- Rochtain ar an fhaisnéis teoranta d'fhoireann údaraithe ar bhonn riachtanais ag teacht le polasaí sainithe.
- Ba chóir córais ríomhaireachta a bheith cosanta ag pasfhocail.
- Ba chóir faisnéis ar scáileáin ríomhaireachta nó ar chomhaid láimhe a bheith ceilte ar dhaoine nach bhfuil údaraithe len iad a fheiceáil.
- Próiseas cúltacaíochta a bheith i bhfeidhm do shonraí a choimeádtar ar ríomhairí, ag áireamh cúltaca eisláthair.
- A chinntiú go bhfuil an fhoireann feasach ar bheartais slándála na scoile nó an choláiste, agus go ngéilleann siad dóibh.
- Diúscairt slán ar dhoiciméid mar phriontaí amach, etc.
- Sainiú ar dhuine le freagracht as slándáil agus as athbhreithniú tréimhsiúil na mbeartas agus na gcleachtas slándála atá ann.
- Ollslándáil imleor an áitrimh nuair nach bhfuil daoine ann.
- Nuair a dhéanann próiseálaí sonraí an phróiseáil thar ceann na scoile nó an choláiste, ba chóir conradh a bheith ann a chuireann oibleagáidí den chineál céanna ar an bpróiseálaí sonraí.
7. Coinneáil
Forálann Alt 2 (1)(c )(iv) de na hAchtanna um Chosaint Sonraí nach gcoimeádfaí sonraí ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá don chuspóir. I gcomhthéacs córais bhithmhéadrach i scoil nó i gcoláiste, ba ghá polasaí coinneála a cheapadh sula ndéanfaí imscaradh ar an gcóras a leagann amach go soiléir an tréimhse a bhainfeadh le sonraí bithmhéadracha. Ar a laghad, bheadh an Coimisinéir Sonraí ag súil go ndéanfaí scrios ar a s(h)onraí bithmhéadracha a luaithe is a fhágann mac léinn an scoil nó an coláiste. Chomh maith leis sin, agus polasaí coinneála á cheapadh, ba cheart don institiúid lena mbaineann machnamh a dhéanamh féachaint ar cheartsonraí bithmhéadracha mac léinn a dhíothú ar bhonn minic le linn do na mic léinn a bheith fós ar an rolla, mar shampla, ag deireadh gach téarma scoile nó bliana scoile. D'fhonn a bheith ar a gcumas a bpolasaí coinneála ar bhithmhéadracht a chosaint, ní mór do scoileanna agus do choláistí fiafraí díobh féin an gá dóibh an fhaisnéis a choimeád ar feadh téarma iomlán nó ar feadh bliana iomlán scoile agus a bheith ar a gcumas cosaint a dhéanamh ar an seasamh polasaí a bhíonn acu.
8. Measúnú Tionchair ar Phríobháideacht
Ní thig leis an gCoimisinéir faomhadh ná cáineadh ginearálta a thabhairt ar chórais bithmhéadracha. Ní mór breith a thabhairt ar gach aon chóras maidir leis an áit ina n-úsáidtear é. Is gá breithiúnas cás ar chás. Agus é sin ar aigne, gríosann an Coimisinéir scoileanna agus coláistí an treoir thuas a chur san áireamh má tá siad ag machnamh ar chóras bithmhéaadrach a thabhairt isteach. Sula gcuireann scoil nó coláiste córas bithmhéadrach isteach, molann an Coimisinéir Cosanta Sonraí go ndéanfaí measúnú doiciméadaithe tionchair phríobháideachta. Is lú an baol ag scoil nó coláiste a dhéanann a leithéid de mheasúnú go cóir, córas a thabhairt isteach a sháraíonn forálacha na n-Achtanna Cosanta Sonraí 1988 & 2003. Próiseas tábhachtach é seo le glacadh mar is féidir go gcúiseodh sárú gníomhaíocht in aghaidh na scoile nó an choláiste ag an gCoimisinéir, nó d'fhéadfadh an scoil nó an coláiste a bheith i mbaol éilimh ar dhamáistí ó mhac léinn. Tá freagracht agus dliteanas cosanta sonraí ar an scoil nó ar an gcoláiste, seachas leis an duine a sholáthair an córas (ach amháin nuair a fheidhmíonn an duine sin chomh maith mar phróiseálaí sonraí thar ceann na scoile nó an choláiste).
Ar na pointí a fhéadfaí a chur i Measúnú Tionchair Príobháideachta tá:
- An bhfuil córas rialaithe tinrimh agus/nó rochtana i bhfeidhm agam?
- Cad ina thaobh is dóigh liom gur gá dom ce ann eile a chur ina áit?
- Cé na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras?
- An mbaineann na fadhbanna sin le drochriarachán an chórais nó an bhfuil fabhar i ndearadh an chórais?
- An bhfuil scrúdú déanta agam ar chineálacha éagsúla córas atá ar fáil?
- An ndéanfaidh na córais neamhbhithmhéadracha leorfheidhmiúchán ar na tascanna atá de dhíth?
- An gá dom córas bithmhéadrach?
- Más gá, cé acu saghas is gá dom?
- An gá don córas a aithníonn mic léinn seachas córas deimhniúcháin?
- An gá don bunachar lárnach sonraí?
- Más gá, cad atá cearr le córas nach gá dó bunachar lárnach sonraí?
- Cad is gá don chóras bithmhéadrach a bhaint amach dom?
- An do bhainistiú tinrimh agus/nó chun críche rialaithe rochtana é?
- Cé chomh cruinn is a bheidh na sonraí?
- Cé na próisis a úsáidtear le cruinneas na sonraí a chinntiú?
- An mbeidh gá le nuashonrú ar na sonraí?
- Conas a dhéanfar slándáil ar an bhfaisnéis a bheidh air?
- Cé aige a bheidh rochtain ar na sonraí nó ar na cuntais?
- Cad ina thaobh, cathain agus conas a cheadófar an cineál sin rochtana?
- Cad a chiallaíonn mí-úsáid an chórais ag mac léinn?
- Cé na próisis a chuirfidh mé ann le déileáil le mí-úsáid?
- Cén bhonn dlíthiúil atá agam le héileamh ar mhic léinn a bheith rannpháirteach?
- Conas a thiocfaidh mé ar thoiliú na mac léinn reatha (nó a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí má oireann)?
- Conas a thiocfaidh mé ar thoiliú na mac léinn nua (nó a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí) a chláróidh ar dháta sa todhchaí?
- Conas a chinnteoidh mé go dtabharfar ceart soiléir nach bhfuil débhríoch ar rogha an diúltaithe gan phionós?
- Cé na próisis a chuirfidh mé ann le soláthar a dhéanamh ar aisghairm toilithe a tugadh roimhe sin?
- Cén chóras a chuirfidh mé ann do mhic léinn a roghnaíonn gan an córas bithmhéadrach a úsáid?
- Conas a chinnteoidh mé nach ndéanfar leithcheal ar mhic léinn nach féidir leo sonraí bithmhéadracha a thabhairt, de dheasca míchumais, abair, ag mo scoil nó coláiste trína éileamh orthu córas eile a oibriú, nó ar bhealach eile?
- An mbaineann an córas a úsáidtear feidhm as aitheantóirí breise (e.g. uimhir aitheantais, cárta cliste) chomh maith leis an mbithmhéadracht?
- Má dhéanann, ar leor na haitheantóirí breise sin amháin, seachas éileamh a bheith ar a n-úsáid i bpáirt le bithmhéadracht?
- Cad é mo pholasaí ar choinneáil sonraí bithmhéadracha?
- An féidir liom seasamh leis an tréimhse coinneála i mo pholasaí coinneála?
- Conas a chuirfidh mé mic léinn ar an eolas faoin gcóras?
- Cén fhaisnéis faoin gcóras is gá dom a sholáthar do na mic léinn?
- An mbeinnse sásta dá mbeinnse i mo mhac léinn agus go n-iarrfaí orm a leithéid de chóras a úsáid?
- An bhfuilim sásta córas bithmhéadrach a oibriú i mbunáit oideachais mar a bhféadfadh úsáid de chóras dá chineál maolú ar fheasacht na mac léinn ar na rioscaí cosanta sonraí a bhféadfadh tionchar a bheith acu orthu níos déanaí ina saol?
- An bhfuil polasaí cuimsitheach cosanta sonraí ag mo scoil nó coláiste mar a éilíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó 2003?
- An ndearna mé nuashonrú ar an bpolasaí seo le ceann a thógáil de thabhairt isteach córais bhithmhéadrach le húsáid ag mic léinn?

