Fógra séanta

Tá suíomh gréasáin nua an CCS á thógáil faoi láthair. Tá an treoracht is déanaí maidir le RGCS, a thagann in éifeacht ar an 25 Bealtaine, 2018, ar fáil ar gdprandyou.ie agus ar na leathanaigh ar an suíomh seo a thosann le "Nua" de réir an pána nascleanúna ar chlé. Baineann an t-ábhar eile ar an suíomh seo leis an gcreatlach reachtach a bhí i bhfeidhm faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2003 (‚Äúna hAchtanna‚ÄĚ). Cé go mbeidh na hAchtanna fós infheidhme i gcásanna áirithe, ón 25 Bealtaine, 2018 is é an RGCS an reachtaíocht phríomha a rialaíonn cosaint sonraí.

Oifig an Chomisinéara Cosanta Sonraí

Príomhchreatlacha reachtaíochta faoi Chosaint Sonraí a bhfuil feidhm leo ó 25 Bealtaine 2018

Faigheann an CCS a údarás rialála chun cearta daoine ar chosaint sonraí a chosaint ó roinnt creatlach reachtaíochta. Ó 25 Bealtaine 2018 seo a leanas na príomhchreatlacha reachtaíochta:

  • an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (Rialachán (AE) 2016/679)
  •  “An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí” (Treoir (AE) 2016/680) a rinneadh a thrasuíomh go dlí na hÉireann trí mheán an Achta um Chosaint Sonraí 2018
  • na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003
  • an tAcht um Chosaint Sonraí 2018
  •  “Rialacháin e-Príobháideachais” 2011 (I.R. Uimh. 336 ó 2011 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí maidir le Cumarsáidí Leictreonacha) (Príobháideachas agus Cumarsáidí Leictreonacha) Rialacháin 2011)

 

Baineann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ó 25 Bealtaine 2018. Baineann sé go ginearálta le próiseáil sonraí pearsanta san AE, ag leagan amach dualgais níos leitheadaí faoi rialaitheoirí agus faoi phróiseálaithe sonraí, agus ag soláthar cosaintí treisithe do na daoine is ábhar do na sonraí. Cé go bhfuil an RGCS infheidhmithe go díreach mar dhlí i ngach Ballstát, ceadaíonn sé go dtabharfaí tuilleadh éifeachta do cheisteanna áirithe sa dlí náisiúnta. In Éirinn, is é an dlí náisiúnta a thugann, i measc rudaí eile, tuilleadh éifeachta leis an RGCS, ná an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

I gcásanna áirithe, áfach, ag brath ar nádúr agus ar chúinsí phróiseáil na sonraí pearsanta, cineál na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil, nó cén uair a tharla an cheist chosanta sonraí, ní bheidh feidhm leis an RGCS agus ina áit sin is féidir go mbeidh feidhm le creatlach dhlí eile a bhaineann le rialú phróiseáil sonraí pearsanta. Mar shampla, má bhaineann gearán cosanta sonraí nó sárú féideartha ar an dlí le teagmhas a tharla sula raibh feidhm leis an RGCS ar 25 Bealtaine 2018, ansin beidh leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 – 2003, agus ní leis an RGCS. Tar éis 25 Bealtaine 2018, má chuirtear próiseáil sonraí pearsanta i gcrích do chuspóir forfheidhmithe dlí (i bhfocail eile, cosc, imscrúdú, aimsiú nó ionchúiseamh ciona choiriúil nó cur i bhfeidhm pionós coiriúil) ansin ní bheidh feidhm leis an RGCS agus ina áit sin beidh feidhm leis an Treoir um Fhorfheidhmiú Dlí, a rinneadh a thrasuíomh go dlí na hÉireann trí mheán an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Tugtar achoimre an-ghonta de na príomhchreatlacha cosanta sonraí, a ndéanfaidh an CCS maoirseacht orthu agus a fhorfheidhmeoidh sé ó 25 Bealtaine 2018 ar aghaidh, sa tábla thíos:

RGCS Beidh feidhm leis an RGCS, go huathoibríoch, i gcás mhórchuid phróiseáil na sonraí pearsanta, ach in Éirinn tá rialacha breise faoi cheisteanna áirithe (mar shampla, na cúiseanna sin go mbeadh cearta daoine is ábhar do na sonraí srianta, agus an méid a bhfuil siad srianta) leagtha amach san Acht um Chosaint Sonraí 2018.
An Treoir um Fhorfheidhmiú Dlí (faoi mar a rinneadh í a thrasuíomh i gCodanna 5 agus 6 den Acht um Chosaint Sonraí 2018) Déantar an Treoir um Fhorfheidhmiú Dlí a thrasuíomh isteach go dlí na hÉireann ag an Acht um Chosaint Sonraí 2018, i gCuid 5 agus i gCuid 6 den Acht sin. Leagann na forálacha se amach na dlíthe sin in Éirinn a bhaineann le feidhm i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag rialaitheoirí sonraí atá inniúil do chosc, imscrúdú, aimsiú nó ionchúiseamh chionta coiriúla nó cur i bhfeidhm pionós coiriúil, nuair a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil do na cuspóirí seo.
Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (faoi mar a coimeádadh iad ag codanna 7(4) agus 8 den Acht um Chosaint Sonraí 2018) Baineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 le feidhm (gan na hachomhairc agus na cúlghairmeacha i gcuid 7 den Acht um Chosaint Sonraí 2018) sna cásanna seo:
  • Imscrúduithe atá fós ar siúl ag an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí, agus gearáin a cuireadh faoina bhráid, a tosaíodh nó a rinneadh, faoi seach, roimh 25 Bealtaine 2018;
  • Gearáin nua agus sáruithe féideartha de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 a d´eascair roimh 25 Bealtaine 2018, ach a dhéantar nó a ndéantar imscrúdú fúthu ar nó tar éis 25 Bealtaine 2018; agus
  • Próiseáil sonraí pearsanta faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Fhóiréinseach agus Córas Bunachar Sonraí DNA) 2014 nó an tAcht um Shonraí Cláraithe Feithiclí (Cuardach agus Malartú Uathoibríoch) 2018
     
Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (faoi mar a leasaíodh iad ag cuid 7 den Acht um Chosaint Sonraí 2018) Baineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003  (faoi mar a leasaíodh iad ag cuid 7 den Acht um Chosaint Sonraí 2018) le feidhm le
  • Gearáin agus sáruithe féideartha faoin dlí um chosaint sonraí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta do chuspóirí bheith ag cumhdach shlándáil an Stáit, cosaint an Stáit no caidrimh idirnáisiúnta an Stáit ( de réir chuid 8(1)(a) den Acht um Chosaint Sonraí 2018)
Rialacháin e-Príobháideachais Ó 25 Bealtaine 2018, tá próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs cumarsáidí leictreonacha áirithe (lena n-áirítear, i measc rudaí eile, cumarsáidí leictreonacha nár iarraidh a dhéantar ar an teileafón, trí ríomhphost agus trí SMS,) faoi réir ag na dlíthe ginearálta sin atá leagtha amach sa RGCS agus na dlíthe sonracha atá leagtha amach sna Rialacháin e-Príobháideachais e” (I.R. Uimh. 336 ó 2011, faoina ndearnadh an Treoir e-Príobháideachais 2002/58/EC (faoi mar a leasaíodh í ag an Treoir 2006/24/EC agus 2009/136/EC)  a thrasuíomh go dlí na hÉireann).

Tugtar an fhaisnéis seo mar threoir amháin, agus ní comhairle dlí ná anailís dlí atá inti. Tá seo suas-chun-dáta ag 24.05.2018.