Data Protection Commissioner
Data Protection Commissioner

Féinchúnamh

Cuireann na hAchtanna um Chosaint Sonraí  a lán cumhachta i do lámha. Cuimhnigh, tá ceart agat chun éileamh  a dhéanamh ar cóip de cibé atá faoi choimeád agat ar ríomhaire nó i gcomhaid láimhe struchtúrtha  ach iarratas i scríbhinn simplí a dhéanamh air. Má bhraitheann tú go  bhfuil aon fhadhb leis an gcaoi atá do shonraí pearsanta a láimhseáil, ba cheart duit  an  "ceart rochtana" seo a fheicheáil  mar uirlis féin-cabhair tábhachtach. Le bheith ag breathnú tú-fhéin ar an t-eolas a bhfuil á  choimeád fút, tugtar  chumas duit  do bhreithiúnas  féin a dhéanamh cibé an bhfuil na sonraí neamhiomlán nó míchruinn - agus fiú amháin ar  chóir don eagraíocht na sonraí  a choiméad sa chéad áit.

Má fhaigheann tú amach go bhfuil fadhbanna leis na sonraí atá á  choimeád fút, is féidir leat cur ina luí ar na daoine atá ag choinneáil do shonraí  pearsanta a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Ní mór eolas míchruinn fút  a bheith ceartaithe; ní foláir eolais neamhábhartha nó iomarcach a scriosadh. Agus is féidir leat éileamh ar d'ainm a bhaint as aon liostaí margaíochta dírí.

Cabhróidh  an Coimisinéir Cosanta Sonraí leat chun do chearta a dhaingniú:

le comhairle agus faisnéis 
ag idirghabháil go díreach ar do shon má bhraitheann tú nach bhfuil sástacht tugtha duit
ag feidhmiú  i gcoinne các nach bforlíonn  a n-oibleagáidí