Féinchúnamh
Cuireann na hAchtanna um Chosaint Sonraí a lán cumhachta i do lámha. Cuimhnigh, tá ceart agat chun éileamh a dhéanamh ar cóip de cibé atá faoi choimeád agat ar ríomhaire nó i gcomhaid láimhe struchtúrtha ach iarratas i scríbhinn simplí a dhéanamh air. Má bhraitheann tú go bhfuil aon fhadhb leis an gcaoi atá do shonraí pearsanta a láimhseáil, ba cheart duit an "ceart rochtana" seo a fheicheáil mar uirlis féin-cabhair tábhachtach. Le bheith ag breathnú tú-fhéin ar an t-eolas a bhfuil á choimeád fút, tugtar chumas duit do bhreithiúnas féin a dhéanamh cibé an bhfuil na sonraí neamhiomlán nó míchruinn - agus fiú amháin ar chóir don eagraíocht na sonraí a choiméad sa chéad áit.
Má fhaigheann tú amach go bhfuil fadhbanna leis na sonraí atá á choimeád fút, is féidir leat cur ina luí ar na daoine atá ag choinneáil do shonraí pearsanta a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Ní mór eolas míchruinn fút a bheith ceartaithe; ní foláir eolais neamhábhartha nó iomarcach a scriosadh. Agus is féidir leat éileamh ar d'ainm a bhaint as aon liostaí margaíochta dírí.
Cabhróidh an Coimisinéir Cosanta Sonraí leat chun do chearta a dhaingniú:
le comhairle agus faisnéis
ag idirghabháil go díreach ar do shon má bhraitheann tú nach bhfuil sástacht tugtha duit
ag feidhmiú i gcoinne các nach bforlíonn a n-oibleagáidí

