Ceisteanna Coitianta
9. Cuideachtaí Bainistíochta
9.1 An féidir le Cuideachtaí Bainistíochta nochtadh dár baill go léir sonraí na n-úinéirí maoine / baill nár íoc táillí seirbhíse?
9.2 An bhfuil teidlíocht ag comhalta de chuideachta bainistíochta go gcuirfí liosta iomlán ar fáil dó/di de chomhaltaí cláraithe uile na cuideachta bainistíochta?
9.1 An féidir le Cuideachtaí Bainistíochta nochtadh dár baill go léir sonraí na n-úinéirí maoine / baill nár íoc táillí seirbhíse?
Go ginearálta, ni féidir. Is sonraí pearsanta de na comhaltaí atá i gceist agus ní ceart iad a nochtadh gan a gcead nó mura bhfuil an nochtadh sin dá bhforáiltear go sainráite i meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na cuideachta mar choinníoll ballraíochta
9.2 An bhfuil teidlíocht ag comhalta de chuideachta bainistíochta go gcuirfí liosta iomlán ar fáil dó/di de chomhaltaí cláraithe uile na cuideachta bainistíochta?
Faoi Alt 116 d'Achtanna na gCuideachtaí tá ar gach cuideachta clár a choimeád de chomhaltaí na cuideachta ina gcuimseofaí ainmneacha agus seoltaí gach comhalta (nach gá don seoladh a bheith comhionann lena ngnáth-sheoladh cónaitheach sa chás go bhfuil sé éagsúil ó sheoladh na maoine ar leis/léi í laistigh den fhorbairt áirithe). Is doiciméad poiblí é clár comhaltaí gach cuideachta, cuideachta bainistíochta san áireamh. Is féidir le comhalta ar bith de chuideachta féachaint air saor in aisce, agus is féidir le duine ar bith eile amhlaidh a dhéanamh ach táille ainmniúil a íoc (Alt 119 Achtanna na gCuideachtaí).
Dá réir sin ós rud é go bhfuil bunús dlí sainiúil ann le haghaidh na sonraí sin a chur ar fáil, ní bheadh saincheist ar bith ann ó thaobh cosanta sonraí de dá gcuirfeadh cuideachta bainistíochta na cláir sin ar fáil lena n-iniúchta do chomhaltaí na cuideachta nó don phobal de réir fhorálacha sainiúla na reachtaíochta ábhartha faoi mar atá leagtha amach thuas.

