Cosaint Sonraí agus TFCI
Tá an úsáid á bhaint as córais TFCI a leathnú go mór le blianta beaga anuas. Amhlaidh le sofaisticiúlacht na gcóras sin. Tá cumas ag córais atá anois ar an margadh aghaidh a aithint. Féadfaidh siad freisin a bheith in ann íomhánna agus fuaimeanna a thaifeadadh.
Tá sochaí-impleachtaí leathan ag baint le húsáid méadaithe na córais TFCI. Mura mbeidh na córais sin á úsáid leis an cúram is cuí, féadfaidh sé bheith ina cúis imní go bhfuil "spás príobháideach" an duine á ídiú go míréasúnta.
Is "sonraí pearsanta" íomhánna aitheanta a gabhadh le córais TFCI . Dá bhrí sin, tá siad faoi réir forálacha na hAchtanna um Chosaint Sonraí.
Ní foláir do "rialtóir sonraí" bheith in ann fháil agus úsáid sonraí pearsanta trí mheán córas TFCI a dhlisteanú. Beidh córas a úsáidtear chun rialú a dhéanamh ar imlíne ar fhoirgneamh chun críocha slándála de ghnáth éasca a dhlisteanú. Is féidir úsáid de na córais TFCI i gcúinsí eile bheith níos deacra a dhlisteanú - mar shampla, chun monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar fhostaithe, custaiméirí nó mic léinn –agus d'fhéadfadh sárú ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí bheith i gceist.
Comhréireacht – An bhfuil úsáid córas TFCI dlisteanach?
Forálann Alt 2 (1) (c) (iii) de na hAchtanna go mbeidh sonraí "imleor, ábhartha agus nach iomarcach" chun na críche ar a bhfuil siad bailithe. Ciallaíonn sé seo nach mór do eagraíocht a bheith in ann a léiriú go bhfuil an chéim tromchúiseach atá i gceist le shuiteáil córas a bhailíonn sonraí pearsanta ar bhonn leanúnach dlisteanach. Sula dtéann eagríocht ar aghaidh le córas mar sin, ba cheart é bheith cinnte chomh maith go mbeidh sé ábalta freastal dá oibleagáidí chun a chur ar fáil do ábhar sonraí, ar iarratas, cóipeanna de íomhánna a gabhadh ag an gcóras.
Comhréireacht-Cad ina haghaidh a dhéanfar an córas a úsáid ?
Má tá rialtóir sonraí sásta gur féidir leis shuiteáil córas TFCI a dhlistiniú, ní mór dó a mheas cad cuige a bheidh sé á úsáid agus má tá na húsáidí réasúnach sna himthosca.
Is ró-cosúil gur slándáil na n-áitreabh nó maoine eile an úsáid is coitianta a bhaintear as chóras TFCI. Beidh i gceist de ghnáth lena leithéid de chóras íomhánna a gabháil de ionróirí nó daoine aonair a bhfuil ag déanamh dochar do maoin nó earraí á bhaint gan údarú. Tá níos mó seans ann go mbeidh tástáil na comhréireachta comhlíonta le
húsáidí den sórt sin.
Féadfar úsáid eile tástáil na comhréireachta a theip. Mar shampla, cuireann sé isteach go mór ar príomhaideacht beith ag úsáid córas TFCI chun monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar fostaithe agus bheadh gá le imthosca speisialta a bheith I gceist chun é a dhlistiniú . Más do chúiseanna sláinte agus sábháilteachta atá an monatóireacht á dhéanamh, bhéadh sé éigeantach don rialtóir sonraí a léiriú go raibh shuiteáil TFCI comhréireach i ngleic saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhí tagtha chun cinn roimh suiteáil an chórais.
Comhréireacht – cén íomhánna a bhéas á gabhadh?
Is eochair-bhreithniú suíomh na ceamaraí . Bheadh úsáid TFCI chun monatóireacht a dhéanamh ar réimsí ina mbeadh daoine ag súil go réasúnta le príobháideachas deacair a dhlisteanú Is sampla soiléir iad leithris. Chun usáid a fhírinniú i limistéar den sórt sin, bheadh sé éigeantach don rialtóir sonraí a léiriú gur tharla patrún de sáruithe slándála sa limistéar roimh suiteáil an chórais sin chun barántas faireachas leictreonach leanúnach a dhlisteanú. Nuair is féidir úsáid den sórt sin a dhlisteanú, níor chóir go mbeadh na ceamaraí in ann na n-íomhánna a gabháil ó cubhaichalí nó limistéir fualáin.
Ceamaraí a úsáidtear cun limistéir seachtrach a thaifeadadh, ba choir go mbeadh said suite I dslí cun taifeadh daoine ag gabháil thart nó mhaoin phríobháideach duine eile a chosc nó a íoslaghdú.
Trédhearcacht
Eilíonn Alt 2D de na hAchtanna go gcuirfear faisnéis áirithe a bhfuil riachtanach ar fáil don ábhar sonraí sula ndéantar aon sonraí pearsanta a thaifeadadh. Áirítear an fhaisnéis seo:
céannacht an rialaitheora sonraí;
na críocha a bhfuil sonraí á phróiseáil;
aon tríú páirtí gur féidir na sonraí a chur ar fáil.dóibh
Is féidir seo a bhaint amach de ghnáth trí comharthaí so-léite agus dea-soillsithe a chur i bpoist fheiceálacha. De ghnáth is leor comharthaí ag gach bealaí isteach.
Má bhíonn céannacht an rialaitheora sonraí agus an cuspóir ghnách le próiseáil - slándáil – lán-soiléir, níl gá a chur ar an comhartha ná ráiteas go bhfuil an TFCI i ngníomh chomh maith le módh teagmhála (mar shampla, uimhir ghutháin a) do dhaoine ar mian leo an phróiseáil a phlé . Is féidir an teagmháil seo a bheith ceachtar an chuideachta slándála i bfeidhm ar na ceamaraí nó úinéir an áitribh.
Mura bhfuil na críche follasach, tá sé de dhualgas ar an rialtóir sonraí é seo a dhéanamh soiléir. Ceaptar de gnáth go bhfuil ceamara TFCI in áitreabh á úsáid chun críocha slándála. Ní cuspóir soiléir é usáid chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht nó iompraíocht foirne agus ní mór foireann a bheith ar an eolas roimh aon sonraí a thaifeadadh chun na críche seo. Ar an gcaoi chéanna, más cuspóir don TFCI freisin cúiseanna sláinte agus sábháilteacht, ba chóir é seo a lua agus a cur in iúl go soiléir.
Stóráil agus coinneáil.
Deireann Alt 2 (1) (c) (iv) de na hAchtanna um Chosaint Sonraí nach choir sonraí "a choinneáil níos faide ná mar is gá le haghaidh" na críocha gur faighead iad. Ní foláir do rialtóir sonraí a bheith in ann an tréimhse coinneála a dhlisteanú. I gcás gnáth-córas slándála bheadh sé deacair coinnéal a dhlisteanú thar mhí, ach amháin nuair a aithníonn na n-íomhánna eisiúint - mar briseadh-isteach nó goid - agus go gcoinneálfar iad go sonrach i gcomhthéacs imscrúdaithe den eisiúint sin.
Ba chóir an meán stórála a stóráil i dtimpeallacht slán agus logáil ar rochtain a choimeád. Ba cheart rochtain a bheith teoranta do phearsanra údaraithe.
Soláthar Íomhánna TFCI don Gharda Síochána
Más mian leis na Gardaí íomhánna TFCI a fháil I gcóir imscrúdú ar leith, tá sé de dhualgas ar an rialtóir sonraí chun é féin a shásamh go bhfuil imscrúdú fíor ar bhun. Chun críocha praiticiúla, féadfaidh sé bheith sásúil glaoch teileafóin a chur chun an stáisiún lena mbaineann an gárda, ar choinníoll go labhraíonn tú le ball san Oifig Dúiche, an Sáirsint stáisiúin nó oifigeach le rangú níos airde, mar is féidir a glacadh go bhfuil said go léir ag gníomhú le údarás Oifigeach Dúiche / Roinne sa dearbhú go bhfuil imscrúdú údaraithe.
Iarratais Rochtana
Faireachas fé cheilt
Tá sé de ghnáth mídhleathach úsáid a bhaint as meicníochtaí taifeadadh chun sonraí a fháil gan fhios don duine aonair. Ní cheadaítear faireachas fé cheilt de ghnáth ach ar bhonn cás ar chás nuair a bhíonn na sonraí á choimeád chun críocha cionta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, nó chun ciontóirí a gabháil nó a ionchúisiú. Cuireann an fhoráil seo in iúl go huathoibríoch go gcuirtear beartas sonrach scríofa i bhfeidhm ina sonraítear an cuspóir, fírinniú, nós imeachta, bearta agus cosaint a chuirfear i bhfeidhm agus is é an cuspóir deiridh a bheidh i gceist ná go mbeidh an Garda Síochána féin nó údaráis ionchúisimh eile bainteach a d'fhéadfadh imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó imeachtaí dlíthiúla a eisiúint, a bheidh mar thoradh ar líomhain go ndearnadh cion coiriúil/cionta coiriúla'
Ní mór faireachas fé cheilt a dhíriú agus é bheith de ré ghearr. Ba chóir ach amháin daoine/ionaid sonracha (agus ábhartha) a thaifeadadh. Mura bhfuil aon fhianaise á fháil laistigh de thréimhse réasúnta, ba choir stop a chur leis an faireachas.
Má tá an faireachas ceaptha chun coiriúlacht a chosc, féadfaidh ceamaraí so-fheichte a mheas a bheith níos iomchuí, agus níos lú ionrach de phríobháideacht an duine aonair.
Freagrachtaí na gcomhlachtaí slándála.
Cuideachtaí Slándála a chuireann ceamaraí ar siúl agus a oibriú ar son na gcliant, meastar gur "Próiseálaithe Sonraí" iad. Mar próiseálaithe sonraí, oibríonn siad faoi threoir de rialtóirí sonraí (dá gcliaint).Cuireann Ailt 2 (2) agus 2C de na hAchtanna um Chosaint Sonraí líon oibleagáidí ar próiseálaithe sonraí.
Áirítear I measc na hoibleagáidí sin córas slándála cuí a bheith i bhfeidhm chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe, nó athrú, nochtadh nó scrios neamhúdaraithe ar na sonraí - go háirithe nuair atá i gceist leis an bphróiseáil sonraí a sheoladh thar líonra - agus in aghaidh gach cineál phróiseáil mídleathach. Is féidir an oibleagáid seo a shásamh trí rialuithe iomchuí ar rochtain íomhá atá á stóráil nó criptiú láidir a bheith I bfeidhm nuair a ceadaítear rochtain iargúlta ar íomhá beo.
Ní mór foireann na cuideachta slándála a chur ar an eolas ar a n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil na sonraí.
Ba chóir do Chliaint na cuideachta slándála conradh a chur i bhfeidhm ag leagan síos cad is féidir leis an chuideachta slándála a dhéanamh leis na sonraí; na caighdeáin slándála ba cheart a bheith i bhfeidhm agus cad iad na nósanna imeachta fíoraithe a bheidh I bhfeidhm.
Ina theannta sin, éilíonn alt 16 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003 gur mór do próiseálaithe sonraí áirithe iontráil a bheith acu sa chlár poiblí a bhíonn a chothabháil ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar ár nótaí treorach ar Chlárúchán. Is cion coiriúil é sonraí pearsanta a phróiseáil gan a bheith cláruithe agus clárú a bheit éigeantach agus d'fhéadfaí bheith ionchúisithe ag an Oifig seo.
Úsáid baile na córais TFCI.
Tá phróiseáil sonraí pearsanta a bhíonn á choimeád ag duine aonair agus nach bhaineann ach amháin le bainistíocht cúrsaí pearsanta, clainne nó teaghlaigh , nó á choinneáil ag duine aonair chun críocha áineasa díolmhaithe ó fhorálacha na nAchtanna. Bheadh an díolúine i bhfeidhm go ginearálta le húsáid TFCI i dtimpeallacht baile. Mar sin féin, d'fhéadfadh an díolúine gan a bheith i bhfeidhm má oibríonn an t-áititheoir ó bhaile. [I gcás ina mbíonn an díolúine i bhfeidhm, d'fhéadfadh duine nár maith leis córas TFCI a bheith á úsáid- mar shampla, comharsa nach mian leis íomhánna a chuid maoine á thaifeadadh - bheith in ann gníomh dlí sibhialta a ghlacadh bunaithe ar an gceart chun príobháideachta sa mBunreacht agus sa Dlí Coiteann.]
Scéimeanna Pobail TFCI
Tá treoirlínte cuimsitheacha maidir le scéimeanna pobail TFCI ar fáil ar Láithreán Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt ag an nasc seo a leanas: http://www.justice.ie/en/JELR/Pages/Community_CCTV
Roinnt cás-staidéir a bhaineann leis an ábhar seo:
Féadfaidh na cás-staidéir seo leanas, a bhfuil le feiceáil i dTuarascálacha Bhliantúil an Coimisinéir Cosanta Sonraí le blianta beaga anuas, a bheith go suimúil. . Cliceáil ar sonraí an cás-staidéir chun an téacs iomlán a fheiceáil
Cás Staidéar 3: Úsáid Mhíchuí ar TFCI ag West Wood Club
Cás Staidéar 6: Sáraíonn Rialtóir Sonraí an dlí cosanta sonraí maidir le husáid scannán TFCI faoi cheilt
Cás Staidéar 11: Páirc an Chrócaigh – Coinneáil sonraí pearsanta ar chónaitheoirí áitiúla
CÁS STAIDÉAR 8 / 05 -

