Data Protection Commissioner
Data Protection Commissioner

Ceisteanna Coitianta - Sonraí Suímh (Do Dhaoine Aonair)

Tá Nóta Treorach le haghaidh Eagraíochtaí ar Sonraí suímh le fail anseo

 

Sonraí suímh

An bhfuil tú buartha faoi eagraíochtaí a bhailíonn nó a phróiseálann faisnéis a bhaineann le do shuíomh? Léigh an treoir seo lena dheimhniú cathain a cheadaítear é agus cén cearta agat i dtaobh sonraí suímh a bhailiú agus a phróiseáil.
 

Príomhphointí

·      Bí ar an airdeall go bhféadfadh roinnt aipeanna gutháin chliste, láithreáin ghréasáin, agus líonraí poiblí WiFi nó láithreacha eile faisnéis a bhailiú faoi do láthair nuair a úsáideann tú iad. Bí ag faire amach le haghaidh na seirbhísí sin a iarrann cead ort chun thú a rianú nó chun do shonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach eile.
 
·      Bíodh cur amach agat ar shocruithe agus ar fhógraí do ghutháin chliste d’fhonn go rialaíonn tú an méid sonraí suímh a roinneann tú le heagraíochtaí agus cé chomh minic a roinneann tú na sonraí sin.
 
·      Bíodh do chearta ar eolas agat, ionas gur féidir leat dul i mbun gnímh má cheapann tú go bhfuil mí-úsáid á baint as do shonraí suímh nó go bhfuil siad á bpróiseáil gan cead a bheith tugtha agat.
 
·      Ó pheirspictíocht um chosaint sonraí, caithfidh an saghas seo teicneolaíochta na ceanglais um fháil chóir agus um phróiseáil chóir atá sna hAchtanna um Chosaint Sonraí a chur san áireamh, a fhorálann, go ginearálta, nach mór do dhuine a bheith curtha ar an eolas ar, agus toiliú a thabhairt don mhéid a tharlóidh lena sonraí sula mbailítear agus sula bpróiseáiltear iad. Go bunúsach, tá ceart bunúsach ag daoine i leith príobháideachta.  Is féidir caitheamh le haon phróiseáil a dhéanamh ar a suíomh agus a ngluaiseachtaí gan chead mar shárú ar na cearta seo.
 

Cad iad sonraí suímh?

Féadtar a mheas gurb ionann aon fhaisnéis a dhéanann ceangal idir tú féin agus áit ar leith agus “sonraí suímh” fút.  Cuirtear san áireamh leis seo faisnéis faoin áit a bhfuil tú anois, nó faoin áit a raibh tú ag tráth éigin roimhe seo.  A bhuíochas leis an teicneolaíocht, tá sé níos fusa anois ná mar a bhí sé riamh roimhe seo chun daoine aonair a aimsiú agus go n-úsáidfidh eagraíochtaí faisnéis faoina suíomh chun seirbhísí nua a úsáid, ar nós aipeanna loingseoireachta nó ábhar nuachta atá sonrach i dtaobh suímh de ar láithreáin ghréasáin.
 
Is féidir le do shonraí suímh go leor faisnéise a nochtadh fút, áfach.  Is féidir faisnéis faoi do ghluaiseacht i gcaitheamh tréimhse fhada, go háirithe, a anailísiú chun sonraí an-phearsanta a nochtadh faoi do shaol pearsanta.   D’fhéadfadh luach baint leis an saghas seo sonraí i measc roinnt eagraíochtaí, mar gheall gur féidir leis a éascú chun seirbhísí a spriocdhíriú go sonrach ar dhaoine aonair. D’fhéadfadh na sonraí mionsonraithe seo rioscaí tromchúiseacha a chruthú do do chuid príobháideachta, áfach. Féadtar sonraí suímh a phróiseáiltear go neamhchuí a úsáid chun cinntí a dhéanamh a imríonn drochthionchar ort.
 
Tá réimse teicneolaíochtaí ann atá in ann sonraí suímh a bhailiú fút, ina measc an méid a leanas:
 
·      Gutháin chliste: Tá braiteoirí sa chuid is mó de ghutháin chliste a chuireann ar chumas do ghutháin chun a shuíomh féin a bhrath beagnach áit ar bith sa domhan.  B’fhéidir gur mian le déantúsóir an ghutháin nó na n-aipeanna ar do ghuthán an fhaisnéis seo a bhailiú chun seirbhísí suíomhshonracha nó fógraíocht spriocdhírithe a sholáthar, mar shampla.
 
·      Láithreáin ghréasáin: B’fhéidir go lorgóidh láithreáin ghréasáin sonraí suímh faoi shuíomh an ghléis atá á úsáid agat chun rochtain a fháil orthu, ar nós do ríomhaire nó do ghutháin chliste.  
 
·         WiFi Poiblí: Má chuireann siopa nó foirgneamh eile atá inrochtana go poiblí WiFi ar fáil, is féidir, i dtaobh cúrsaí teicniúla, le hoibreoir an líonra WiFi anailís a dhéanamh ar shonraí ón líonra seo chun an líon cuairteanna a chomhaireamh a bhfuil gléasanna gutháin chliste á n-iompar acu, nó chun monatóireacht a dhéanamh ar a suíomh agus a ngluaiseachtaí timpeall an limistéir a chumhdaíonn an líonra WiFi. I roinnt cásanna, d’fhéadfaí thú a rianú thar líonraí, chomh maith.  Caithfidh miondíoltóirí etc. comharthaíocht a chur in airde a chuireann tomhaltóirí/fostaithe ar an eolas go bhfuil an phróiseáil seo á déanamh.  Tá sé ríthábhachtach go soláthraítear faisnéis shoiléir a chuireann ar an eolas iad conas rianú a dhiúltú.  
 
·      Soláthraithe líonra: Is féidir sonraí a bhailíonn soláthraithe seirbhíse guthán póca a bhaineann le ceangal do ghutháin phóca leis an líonra a úsáid chun suíomh do ghutháin phóca a dheimhniú.
 
·      Gléasanna inchaite: B’fhéidir gur mian le gléasanna “Inchaite” agus “Sláinte Móibílí” (“mHealth”) do chuid sonraí suímh a bhailiú chun an fhaisnéis a shaibhriú a phróiseálann siad fút cheana féin faoi do chorpacmhainn nó faoi ghníomhaíochtaí eile.
 
Sonraí Suímh agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003
Is é an sainmhíniú a thugtar ar shonraí suímh aon fhaisnéis faoi do láthair reatha, nó faoi do chuid gluaiseachtaí roimhe seo, ar féidir iad a cheangal leat. Is ionann seo agus do shonraí pearsanta.  
 
Tugtar an ceart duit sna hAchtanna um Chosaint Sonraí chun rochtain a iarraidh ar fhaisnéis a choimeádann eagraíochtaí fút, faisnéis san áireamh faoi do shuíomh reatha nó faoi shuíomhanna ina raibh tú roimhe seo.  Chomh maith leis sin, leagtar amach na rialacha nach mór d’eagraíochtaí cloí leo nuair a bhíonn do shonraí suímh á mbailiú, á gcoimeád nó á bpróiseáil.   
 
treoir thosaigh ullmhaithe againn maidir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, a mb’fhéidir gur mhian leat í a léamh chun teacht ar níos mó faisnéise faoin méid a dhéanann na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar mhaithe leat. Cuimsítear ar an leathanach seo roinnt faisnéis agus leideanna breise a bhaineann go sonrach le sonraí suímh.

 Cé nach gcatagóirítear sonraí suímh, go teicniúil, mar “sonraí íogaire pearsanta” laistigh de bhrí na nAchtanna, féadfaidh sonraí íogaire pearsanta a bheith i sonraí suímh, faoi mar a leagtar amach faoi Alt 2B de na hAchtanna.  

Cathain is féidir le heagraíochtaí sonraí suímh a bhaineann liom a bhailiú?

I bhformhór na gcásanna, ba cheart d’eagraíocht do thoiliú a fháil sula mbailíonn siad nó sula bpróiseálann siad do shonraí suímh.   Sa chás go ngineann “líonra cumarsáide poiblí” na sonraí suímh seo, ar nós líonra guthán póca, tá toiliú feasach roimh ré éigeantach, agus ní féidir do shonraí suímh a phróiseáil ach a mhéid sin is gá chun “seirbhís bhreisluacha” a d’iarr tú a sholáthar.
 

An féidir le heagraíocht riamh sonraí suímh a bhailiú fúm gan toiliú a bheith tugtha agam?

Ní féidir le heagraíocht sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ach amháin má chomhlíonann sí ceann amháin de na coinníollacha a liostaítear sna hAchtanna um Chosaint Sonraí.   Tá toiliú ar cheann de na coinníollacha sin, ach tá cinn eile ann a bhféadfaidh eagraíocht brath orthu chun sonraí a bhailiú faoi do shuíomh, fiú mura dtugann tú toiliú dó.  Mar shampla:
 
·      Má theastaíonn ó eagraíocht sonraí pearsanta a bhailiú chun tabhairt faoi chonradh leat
 
·      Má cheanglaítear sa dlí ar an eagraíocht chun sonraí suímh a bhailiú
 
·      Más gá d’eagraíocht do shonraí suímh a bhailiú chun tabhairt faoina leasanna dlisteanacha, i ndiaidh na leasanna siúd a chur i gcothrom le do chearta bunúsacha.  Is dóchúil nach indéanta dó seo ach i gcásanna eisceachtúla, agus gabhfaidh cosaintí eile leis, ina measc aon ainmneacha atá luaite leis na sonraí a bhaint go mear.
 
Chun teacht ar bhreis eolais faoi na cúinsí inar féidir le heagraíocht do shonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, féach ár leathanaigh faisnéise ginearálta ar do chearta nuair atá do shonraí pearsanta á gcoimeád ag eagraíocht, agus ar do chearta nuair is mian le heagraíocht do shonraí pearsanta a fháil.
 

Cén fhaisnéis ar cheart dom a thabhairt nuair a bhailíonn eagraíocht mo shonraí suímh?

Nuair atá do shonraí suímh á mbailiú, ba cheart go gcuirfear ar an eolas thú roimh ré cé a dhéanann do shonraí suímh a bhailiú, na cuspóirí dá n-úsáidfear na sonraí, anuas ar shonraí faoi aon eagraíochtaí eile a bhféadfaí do shonraí suímh a roinnt leo.  Is minic a chuimseofar an fhaisnéis seo i mbeartas príobháideachta nó i bhfógra faisnéise. Mar shampla:
 
·      Má bhailíonn láithreán gréasáin nó aip sonraí suímh, is gnách go mbeidh beartas príobháideachta ag an láithreán gréasáin nó an aip ina gcuimsítear an fhaisnéis seo.  Ba cheart go sonraítear cén fáth agus cathain a theastaíonn sé, agus conas is féidir leat rochtain an láithreáin ghréasáin nó na haipe ar na sonraí suímh a rialú.  Níor cheart dó ach na sonraí a bhailiú nuair a theastaíonn sé, seachas ar bhonn leanúnach.  
 
·      Má bhailíonn líonra WiFi siopa sonraí suímh, ba cheart an fhaisnéis seo a thaispeáint ar do ghléas sular féidir leat ceangal a dhéanamh leis an idirlíon thar an líonra, nó ba cheart go mbeadh fógraí fisiciúla ar taispeáint sa siopa a chuireann ar an eolas thú faoi seo.

Bí cliste le socruithe suímh do ghutháin chliste

Tá an teicneolaíocht i do ghuthán cliste in ann do shuíomh a aimsiú cruinn go leor. Chomh maith leis sin, tá an teicneolaíocht in ann an fhaisnéis seo a roinnt le heagraíochtaí, ar nós forbróirí aipeanna atá suiteáilte ar do ghuthán.   Tá ar chumas agat a rialú cathain a ghineann do ghuthán sonraí faoi do shuíomh, agus a chinneadh cé acu chun aip a shuiteáil nó gan aip a shuiteáil a úsáidfidh do shonraí suímh.   Ina theannta sin, cuireann roinnt saghsanna de ghutháin chliste ar do chumas chun seirbhísí suímh a chur ar siúl nó a mhúchadh i dtaobh aipeanna aonair, agus soláthraíonn seo go leor rialú duit ar do shonraí suímh.  Tá an tsaoráid ag gutháin chliste a rinneadh le déanaí a chinntiú nach mbailíonn aipeanna ach sonraí suímh ach nuair a bhíonn siad ar siúl ar scáileán taispeána an ghutháin, seachas nuair a bhíonn siad ar oscailt sa chúlra.  Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé a bheith indéanta chun cruinneas na sonraí suímh a bhailítear a rialú, nó an braiteoir a sholáthraíonn na sonraí sa ghléas a rialú – e.g. Córas Suite Domhanda (GPS) nó na túir chillíní i suíomh líonrabhunaithe.
 
Cuireann córais oibriúcháin ghutháin chliste, ar nós Android agus iOS, ar do chumas chun socruithe suímh “a chur ar siúl” nó “a mhúchadh” go hiomlán.   Nuair “a mhúchtar” socruithe suímh, ní bhaileoidh do ghuthán do shonraí suímh.   Féadfaidh tú a roghnú gan ach sonraí suímh a chur ar siúl ach nuair a theastaíonn uait, mar shampla, nuair a úsáideann tú aip loingseoireachta, chun do phríobháideacht a chosaint.
 
Nuair a shuiteálann tú aip, is minic a iarrfaidh sí cead ort chun feidhmeanna áirithe ar do ghuthán a úsáid, nó chun sonraí áirithe a rochtain.   Mar shampla, is gnách go n-iarrfaidh aip loingseoireachta cead ort chun do “shuíomh reatha” a úsáid chun treoracha a thabhairt duit nó chun faisnéis a sholáthar.   Ba cheart duit na hiarrataí ar chead a léamh go cúramach nuair a dhéanann tú aipeanna a shuiteáil nó a nuashonrú, d’fhonn gurb eol duit go bhfuil cead á thabhairt agat go mbailítear sonraí faoi do shuíomh, agus go bhfuil tú sásta lena ligean don aip sin rochtain a fháil ar do shonraí suímh.  Chomh maith leis sin, ba cheart go dtabharfadh an aip nó an tseirbhís le fios go soiléir cúinsí agus fad na sonraí suímh a bhailíonn siad, agus ba cheart go meabhródh siad duit ó thráth go chéile go bhfuil próiseáil do shonraí suímh ar bun.  Is gnách go gcuirtear seo i láthair mar leid amhairc ar nós deilbhín nó mar splanc a thugann le fios go bhfuil do shonraí suímh á mbailiú.
 
Cuimhnigh, ba cheart duit aithne a chur ar na socruithe suímh ar do ghuthán nó ar ghléas cliste soghluaiste eile, ionas gurb eol duit cé aige a bhfuil rochtain ar do shonraí suímh, agus ionas gur féidir leat a rialú cathain a bhailítear sonraí suímh.   Féadfaidh tú a roghnú i gcónaí gan aip a shuiteáil, nó chun aip a bhaint, mura bhfuil tú sásta leis na ceadanna a iarrann sí.   Is minic go mbíonn aipeanna malartacha ann a chuireann an tseirbhís chéanna ar fáil gan na ceadanna céanna a bheith ag teastáil uathu.

Conas is féidir liom a dheimhniú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sonraí suímh ag eagraíocht fúm?

Tá ceart agat faoi Alt 3 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí lena dheimhniú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sonraí ag eagraíocht agus, má tá, go ndéantar cur síos ar na sonraí agus ar na cuspóirí dá gcoimeádann eagraíocht na sonraí.   Caithfidh eagraíocht freagra a thabhairt ar iarratas scríofa faoi Alt 3 laistigh d’fhiche a haon lá, agus ní féidir le heagraíocht táille a ghearradh ar an bhfaisnéis seo a sholáthar.
 
Féach ár leathanach faisnéise ar do chearta nuair a choimeádann duine éigin eile faisnéis fút chun teacht ar bhreis faisnéise.
  

An féidir liom rochtain a fháil ar shonraí suímh atá á gcoimeád ag eagraíochtaí fúm?

Foráiltear in Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí go mbíonn ceart ag daoine aonair chun iarraidh ar fhaisnéis phearsanta atá á coimeád ag eagraíocht fúthu a rochtain.   Féadtar iarraidh ort táille a íoc, ach ní féidir leis an táille seo €6.35 a shárú. Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeidh ort cóip a sholáthar d’aitheantas grianghraif.  A luaithe a bhíonn d’iarratas déanta, agus go mbíonn an táille chuí íoctha agat, caithfear an fhaisnéis a thabhairt duit laistigh de dhaichead lá.   Ní féidir le rialaitheoir sonraí a fhaigheann iarraidh ar rochtain ach brath ar na díolúintí, faoi mar a leagtar amach iad in Alt 4 agus in Alt 5 de na hAchtanna d’fhonn faisnéis a shiarchoinneáil.   Ní mór do shonraí pearsanta a thabhairt duit in “foirm intuigthe”.   I gcás sonraí suímh, ciallaíonn seo go bhféadfaí do shonraí suímh a bhreacadh ar léarscáil, nó go dtabharfaí seoladh, seachas ach na comhordanáidí geografacha a thabhairt.

Chun teacht ar níos mó faisnéise faoi rochtain a iarraidh ar shonraí pearsanta atá á gcoimeád fút ag eagraíochtaí, agus chun teacht ar fhaisnéis faoi na cúinsí nach mbíonn ar eagraíochtaí rochtain a sholáthar fúthu, féach ár leathanach faisnéis faoi do chearta nuair a choimeádann duine eile faisnéis fút.

Cé chomh fada an féidir le heagraíochtaí mo shonraí suímh a choimeád?

Is í an riail ghinearálta nach féidir le heagraíochtaí do shonraí suímh a choimeád ach ar feadh na tréimhse sin óna dteastaíonn siad ar mhaithe leis na cuspóirí dleathacha dá gcoimeádann siad na sonraí.   Mura bhfuil cúis bhailí ag eagraíocht a thuilleadh chun do shonraí suímh a choimeád, ba cheart don eagraíocht na sonraí a scriosadh.
 
Chun teacht ar bhreis faisnéis faoi dhualgas eagraíochta chun do shonraí pearsanta a scriosadh nuair nach dteastaíonn siad ar chuspóir dlisteanach, féach ár leathanach faisnéise ar do chearta nuair a choimeádann duine éigin eile faisnéis fút.
  
Ceanglaítear sa dlí go gcoimeádann soláthraithe seirbhíse gutháin roinnt sonraí suímh, ar nós na faisnéise a bhailíonn líonra guthán póca faoi shuíomh do ghuthán póca, ar feadh tréimhse shainithe (is í an tréimhse, faoi láthair, dhá bhliain le haghaidh sonraí suímh a bhaineann le glaonna, nó bliain amháin nuair a bhailítear na sonraí maidir le soláthraí seirbhíse idirlín).
 
Ceadaítear san Acht Cumarsáide (Sonraí a Choimeád), 2011 do Ghardaí, na Fórsaí Cosanta, na Coimisinéirí Ioncaim agus don Choimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí chun iarraidh ar rochtain a fháil ar an bhfaisnéis seo ar mhaithe le cuspóirí forfheidhmithe dlí agus shlándáil an stáit, nó chun saol daonna a shábháil.   Seachas ó na hiarrataí seo a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhíse rochtain a fháil ar shonraí suímh atá á gcoimeád ach má d’iarr tú ar an rochtain sin agus má thug tú toiliú don rochtain sin, nó faoi lánrogha cúirte nó má thug an Coimisinéir Cosanta Sonraí cead.
 
Chun teacht ar bhreis faisnéise faoi dhualgais do rialaitheoirí sonraí, cliceáil anseo
Chun teacht ar bhreis faisnéise ar do chearta um chosaint sonraí, cliceáil anseo
 
 
Chun teacht ar bhreis faisnéise ar Thuairimí Pháirtí Oibre um Chosaint Sonraí Airteagal 29, cliceáil thíos: