Ceisteanna Coitianta
14. Bithmhéadracht
14.1 An féidir liom bithmhéadracht a thabhairt isteach i mo láthair oibre? An féidir liom bithmhéadracht a thabhairt isteach i mo scoil / choláiste?
Ta treoir fairsing ar fáil ónár suíomh idirlín maidir leis na céimeanna nach mór a chur san áireamh sula dtabharfaí isteach córas bithmhéadrachta tinrimh sa láthair oibre nó i scoileanna/i gcoláistí. Is é an cur chuige a mholtar d'fhostaithe/do scoileanna agus do choláistí ná an gá ar leith atá acu do chóras dá leithéid a mheas agus ansin measúnú a dhéanamh ar thionchar príobháideachta na gcóras éagsúla. Ní mór próiseáil na faisnéise bithmhéadrachta a chur go hiomlán san áireamh i gcomhthéacs na gcóras sin sula dtugtar isteach é. Ach amháin i gcúinsí neamhghnácha ba chóir go mbeadh cead ag aon fhostaí nó mac léinn a chuireann i gcoinne córas dá leithéid a úsáid a bheith ábalta córas malartach nach bhfuil próiseáil faisnéise bithmhéadrachta i gceist leis a úsáid. Úsáid córais ag fostóir a fhéadfadh a bheith ina chúis imní do chosaint sonraí, seachas táirgeadh nó díol córais. Caithfear breithiúnas a thabhairt ar gach ócáid ar bhonn cás ar chás.

