Data Protection Commissioner
Data Protection Commissioner

Aistrithe Thar Lear
 
Sonraítear in Alt 11 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 coinníollacha nach mór a chomhlíonadh sular féidir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha. Beidh ar eagraíochtaí a aistríonn sonraí pearsanta ó Éirinn go dtí tríú tíortha – i.e. áiteanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) – a chinntiú go soláthraítear leibhéal leordhóthanach de chosaint sonraí sa tír atá i gceist. D’fhaomh Coimisiún an AE roinnt tríú tíortha don chuspóir seo. Rinne cinneadh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 06 Deireadh Fómhair 2015 (Cás C-362/14) leordhóthanacht chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh a bhuntacaigh le socrú ‘Tearmainn’ na Stát Aontaithe a neamhbhailiú. Dá thoradh, tá sé in aghaidh an dlí anois chun aistrithe a dhéanamh ar bhonn chreat Tearmainn an AE-na Stát Aontaithe (SA).
 
Ó rinneadh cinneadh na cúirte, tá Grúpa Oibre Airteagal 29 ag leanúint lena gcuid anailíse ar thionchar an bhreithiúnais ar uirlisí eile aistrithe. Meastar gur féidir le rialaitheoirí 'Conarthaí Samhla’ agus ‘rialacha corparáideacha ceangailteacha’ a d’fhaomh an AE a úsáid go fóill. Ba cheart go mbeadh rialaitheoirí sonraí feasach ar a n-oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha ábhair sonraí a chosaint nuair a bhíonn na huirlisí seo á n-úsáid. Anuas air sin, féadfaidh Údaráis um Chosaint Sonraí cásanna d’aistrithe sonraí a fhiosrú agus na huirlisí aistrithe seo á n-úsáid de bhun gearán nó ar bhealach eile agus féadfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú chun daoine aonair a chosaint.

1. Is í an riail ghinearálta nach féidir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha mura gcinntíonn an tír leibhéal leordhóthanach um chosaint sonraí. D’ullmhaigh Coimisiún an AE liosta tíortha a mheastar a sholáthraíonn caighdeán leordhóthanach um chosaint sonraí. Arís eile, mar gheall go bhfuil tír ar an liosta seo, ní chuirfeadh sé srian ar an gcoimisinéir cosanta sonraí óna cumhachtaí imscrúdaitheacha a úsáid nuair a fhaigheann sí gearán ó dhuine aonair a bhaineann le cosaint a c(h)eart agus a s(h)aoirse i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtríú tír.
 
2. Mura soláthraíonn an tír caighdeán leordhóthanach um chosaint sonraí, ní mór do rialaitheoir sonraí na hÉireann brath ar fhorálacha faofa conarthacha nó ceann de na bearta malartacha eile a úsáid, dá bhforáiltear i nDlí na hÉireann.
 
3. Tá an chumhacht ar cosaint ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí chun srian a chur ar aistrithe de shonraí pearsanta chuig áiteanna lasmuigh d’Éirinn, má mheasann sí gur dócha go sárófar na rialacha um chosaint sonraí, agus gur dócha go mbeidh daoine aonair thíos le díobháil nó le suaitheadh dá bharr.

Tugtar thíos breis sonraí ar gach ceann de na pointí thuas.
 
  Caighdeán Leordhóthanach um Chosaint Sonraí
 
 
Faoi mar a luaitear thuas, is í an riail ghinearálta – ón 1 Aibreán 2002 – nach féidir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha mura gcinntíonn an tír leibhéal leordhóthanach um chosaint sonraí. Tír lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) atá i gceist le “tríú tír”. (Nóta: Tá na hocht mBallstát is fiche den AE, i dteannta na hIorua, na hÍoslainne agus Lichtinstéin sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.)
 
Baineann an tástáil “leordhóthanachta” le gach ceann de na cúinsí a bhaineann le haistriú beartaithe sonraí pearsanta, cineál na sonraí, cuspóirí an aistrithe, na dlíthe atá i bhfeidhm sa tír sin, agus na bearta slándála atá i bhfeidhm. Tá liosta de thíortha faofa á choimeád ag Coimisiún an AE a mheastar a shásaíonn an riachtanas seo. Mar sin, má thugtar tír faoi deara ar an “liosta faofa” seo, féadfaidh rialaitheoirí sonraí na hÉireann sonraí pearsanta a aistriú chuig na tíortha siúd, ar an mbealach céanna a dhéantar na haistrithe in Éirinn, nó laistigh den LEE.
 
Ceist: Cén tíortha atá ar liosta faofa an AE?

Freagra: Go dtí seo, níor tugadh faomhadh iomlán ach don Eilvéis, Geansaí, an Airgintín, Manainn, Oileáin Fharó, Geirsí, Andóra, Iosrael, an Nua-Shéalainn agus Uragua.  Faomhadh Ceanada do shaghsanna áirithe de shonraí pearsanta. Anuas air sin, d’fhaomh an Coimisiún réamhshonraí paisinéirí aerlíne a aistriú chuig na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Astráil. Tugtar an fhaisnéis iomlán ar láithreán gréasáin Choimisiún an AE faoi cén tríú tíortha a faomhadh do chuspóirí um chosaint sonraí.
 
Ceist: Mura bhfuil tír ar ‘liosta faofa’ an AE, an féidir le haon duine eile breithiúnas a dhéanamh faoi cé acu an soláthraíonn nó nach soláthraíonn tír leibhéal leordhóthanach um chosaint sonraí?

Freagra: Tá sé soiléir sna Rialacháin go bhfuil cinntí an AE faoi leordhóthanacht nó neamh-leordhóthanacht chóras um chosaint sonraí tríú tír críochnaitheach, agus ní féidir le húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí nó le rialaitheoirí sonraí iad a thuar. Ní féidir le cinneadh faoi leordhóthanacht a dhéanann Coimisiún cosc a chur ar dhuine aonair ó ghearán a chur ar aghaidh a bhaineann le cosaint a gceart agus a saoirse i dtaca le sonraí a phróiseáil i dtríú tír agus ní mór don Údarás Náisiúnta um Chosaint Sonraí an gearán a imscrúdú.  Anuas air sin, is faoin duine aonair nó faoin údarás náisiúnta atá sé chun an cheist a thabhairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta chun atreorú chuig Cúirteanna Breithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.  Anuas air sin, beartaítear sna Rialacháin cásanna inar féidir leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí a mheas nach gcinntíonn tríú tír leibhéal leordhóthanach um chosaint sonraí. Sna cásanna siúd, ceanglaíonn na Rialacháin ar an gCoimisinéir chun Coimisiún an AE, agus na húdaráis um Chosaint Sonraí eile ar fud an AE a chur ar an eolas ar a thuairim. Dá mbeadh an Coimisinéir Cosanta Sonraí faoin tuairim sin, bheadh sé réasúnta agus stuama go gcaithfeadh rialaitheoirí sonraí na hÉireann leis an tuairim sin mar thuairim údarásach, go dtí an tráth sin go ndéanann Coimisiún an AE an tuairim sin a mhionathrú.
 
Murar léirigh an AE ná an Coimisinéir tuairim ar an gceist, go teoiriciúil, d’fhéadfadh rialaitheoir sonraí a thuairim féin a nochtadh go gcinntíonn tríú tír leibhéal leordhóthanach um chosaint sonraí. Ní mholtar an cleachtadh seo, áfach, mar gheall go bhféadfadh an Coimisinéir Cosanta Sonraí tuairim éagsúil a chruthú, agus b’fhéidir go n-eiseoidh sé/sí fógra chun cosc a chur ar aistriú na sonraí. Go ginearálta, ní mholfaí iarracht a dhéanamh chun sonraí pearsanta a aistriú chuig tíortha “neamhfhaofa”, gan dul i gcomhairle i dtosach báire le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, nó gan na meicníochtaí malartacha eile a úsáid, a ndéantar plé orthu thíos.
 
Ceist: Mura bhfuil tríú tír ar liosta faofa an AE, an gciallaíonn seo nach féidir le rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta a aistriú chuig an tír sin?

Freagra: Ní chiallaíonn, ní hamhlaidh atá an scéal. Mura bhfuil tír faofa ag Coimisiún an AE amhail caighdeán leordhóthanach um chosaint sonraí a sholáthar, féadfaidh rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta a aistriú go fóill chuig an tír sin trí cheann de na nósanna imeachta malartacha a úsáid, ar nós conradh faofa a úsáid. Tugtar breis sonraí faoi na forálacha malartacha seo sa chéad mhír eile, thíos.
 

Sonraí Pearsanta a Aistriú chuig Tríú Tíortha Neamhfhaofa
 
Na Naoi mBeart Mhalartacha;
 
Mura bhfuil an chuma air go bhfuil tír ar “liosta faofa” Choimisiún an AE, ní mór, de ghnáth, go n-iontrálann rialaitheoirí sonraí Éireannacha isteach i socruithe faofa conarthacha a chinntíonn cearta na ndaoine aonair atá i gceist. Faoi roinnt cúinsí teoranta – go háirithe sa chás go bhfuil an t-ábhar sonraí aonair tar éis a t(h)oiliú a thabhairt go soiléir – féadfaidh aistrithe de shonraí pearsanta titim amach fiú murar féidir an leibhéal cosanta atá le tabhairt do na sonraí aistrithe a chinntiú sa dlí. Tá scóip chaol na gcúinsí seo sonraithe i gcáipéis Pháirtí Oibre Airteagal 29 an 25 Samhain 2005. Mar seo a leanas atá an liosta iomlán de na roghanna atá ar fáil, faoi mar a leagtar amach iad i Mír 11 (4) den Acht um Chosaint Sonraí:
 
Más féidir le rialaitheoir sonraí ceann amháin nó níos mó de na roghanna a leanas a shainaithint, féadfaidh an t-aistriú sonraí pearsanta chuig an tríú tír leanúint ar aghaidh:
 
  (i)  teastaíonn aistriú na sonraí pearsanta ón dlí nó údaraíonn an dlí aistriú na sonraí pearsanta

Tuairim: Má tá rialaitheoir sonraí faoi réir ceanglais faoi dhlí na hÉireann chun sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, nó má tá údarú soiléir faighte acu ó dhlí na hÉireann chun an t-aistriú a dhéanamh, féadfaidh an t-aistriú leanúint ar aghaidh.
 
  (ii)  thug an t-ábhar sonraí (i.e. an duine aonair lena mbaineann na sonraí pearsanta) a t(h)oiliú don aistriú

Tuairim: Más mian leat bunachar sonraí a aistriú, ina gcuimsítear taifid faoi go leor daoine aonair chuig tríú trí, ansin – chun brath ar an bhforáil seo – is gá duit toiliú gach duine de na daoine aonair seo a fháil sular féidir leat a sonraí a aistriú.  Nuair a bheidh tuiscint á baint as an bhfocal ‘toiliú’, beidh aird ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ar fhorálacha ábhartha Threoir 1995 ón AE, a thagraíonn do ‘toiliú soiléir’ daoine aonair sa chomhthéacs seo. Ceanglaítear sa Treoir, chomh maith, nach mór ‘toiliú’ a thabhairt ar bhonn saorthoiliúil agus feasach. Ba cheart do rialaitheoirí sonraí, ar an ábhar sin, a bheith fíor-aireach faoi bhrath ar thoiliú mar bhonn le haghaidh aistriú sonraí toisc, i gcleachtas, gur dócha go gcruthófar fadhb trína léiriú go bhfuil an toiliú sin soiléir, gan athbhrí, gur tugadh ar bhonn saorthoiliúil é agus go bhfuil sé sonrach. Ní gnách go mbíonn brath ar thoiliú oiriúnach i dtaobh aistrithe leantacha nó ollaistrithe.  Anuas air sin, ní mór go n-áireofaí leis an bhfaisnéis a thugtar d’ábhair shonraí an riosca sonrach a eascraíonn ón gcaoi go n-aistreofar a sonraí chuig tír nach soláthraíonn cosaint leordhóthanach.
 Is gá an toiliú a thabhairt ar bhonn faisnéise atá sách cruinn, faisnéis ina measc ar an easpa cosanta sa tríú tír.
 
 
(iii) teastaíonn an t-aistriú chun tabhairt faoi chonradh lena bhfuil an t-ábhar sonraí ina bpáirtí; nó teastaíonn an t-aistriú chun bearta a ghlacadh – ar iarraidh an ábhair shonraí – ag féachaint lena (h)iontráil i gconradh leis an rialaitheoir sonraí.
 
(iv) teastaíonn an t-aistriú chun conradh a thabhairt chun críche (nó chun tabhairt faoi chonradh) idir an rialaitheoir sonraí agus duine eile seachas an t-ábhar sonraí, i gcásanna ina n-iontráiltear an conradh ar iarraidh an ábhair shonraí, nó sa chás go bhfuil an conradh chun leasa an ábhair shonraí

Tuairim: Ba cheart do rialaitheoirí sonraí a bheith aireach ar bhrath ar fhorálacha (iii) agus (iv) mar gheall go ndéanann an tástáil “riachtanais” na forálacha seo a chur as an áireamh, seachas faoi chúinsí an-sonracha. Mar shampla, ní bheadh sé stuama gan brath ach ar na forálacha seo chun sonraí faoi fhostaithe a aistriú laistigh de chuideachta ilnáisiúnta.
 
(v) teastaíonn an t-aistriú ar chúiseanna leas substainteach an phobail
 
Tuairim: ní dóchúil go mbeidh an bonn seo i gceist ach i dtaca le rialaitheoirí sonraí na hearnála poiblí agus faoi na cúinsí siúd amháin inar féidir leo a thaispeáint go dtéann aistriú na sonraí pearsanta chun leas substainteach phobal na hÉireann
 
(vi) teastaíonn an t-aistriú chun comhairle dlí a fháil nó ar mhaithe le himeachtaí dlí

Tuairim: Is dealraitheach nach mbaineann an fhoráil seo le hábhar ach in dhá chás. Is é an chéad chás ná nuair is mian le rialaitheoir sonraí comhairle dlí a fháil ó chomhairleoir dlí atá lonnaithe i dtríú tír, agus sa chás go dteastaíonn ón rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta a chur ar fáil don chomhairleoir don chuspóir seo. Is é an dara cás ná nuair a bhíonn baint ag rialaitheoir sonraí in Éirinn mar pháirtí in imeachtaí dlí i dtríú tír, agus gur gá don rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta a chur ar fáil sa tríú tír sin ar mhaithe leis na himeachtaí dlí.
 
(vii) teastaíonn an t-aistriú chun cosc a chur ar ghortú nó ar dhíobháil eile a dhéanamh do shláinte an ábhair shonraí, nó chun cosc a chur ar dhíobháil thromchúiseach a dhéanamh dá réadmhaoin, nó chun a leasanna beatha ar bhealach áirithe eile – a fhad agus nach féidir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas, nó a t(h)oiliú a fháil, gan díobháil a dhéanamh dá leasanna beatha

Tuairim:  Is gnách nach mbíonn breithniúcháin um chosaint sonraí chomh tábhachtach céanna le breithniúcháin eile, ar nós chosaint na beatha agus na mball beatha. Ceadaíonn an fhoráil seo do rialaitheoirí sonraí chun sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha faoi na cásanna sin. Sula mbraitear ar an bhforáil seo, áfach, ní mór do rialaitheoirí sonraí a dheimhniú i dtosach báire cé acu an féidir nó nach féidir toiliú an duine a fháil. Ní féidir an fhoráil seo a chúlghairm ach amháin murar féidir seo a dhéanamh – mar shampla, mar thoradh ar phráinne ama.
 
(viii) sliocht ó chlár poiblí reachtúil atá sna sonraí pearsanta atá le haistriú, i.e. clár a bhunaigh a dlí amhail bheith ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí, nó amhail bheith ar fáil le haghaidh comhairliúcháin ag daoine ag a bhfuil leas dlisteanach in ábhair an chláir. Sa chás gur clár atá i gceist a bhunaigh an dlí amhail bheith ar fáil le haghaidh daoine ag a bhfuil leas dlisteanach in ábhair an chláir, ní mór an t-aistriú a dhéanamh le duine ag a bhfuil an leas dlisteanach sin agus faoi réir go gcomhlíonann an duine sin aon choinníollacha ábhartha                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                           Tuairim:  Is ceadmhach chun sonraí pearsanta, a baineadh ó chlár poiblí, a chur ar fáil i dtríú tír. Ní ceadmhach iomlán an chláir sin a aistriú chuig tríú tír. Má tá clár reachtúil ar fáil lena iniúchadh ag daoine a léiríonn go bhfuil leas dlisteanach acu, ní mór an coinníoll seo – agus aon choinníollacha eile – a chomhlíonadh go hiomlán sular féidir na sonraí pearsanta a chur ar fáil.

 
(ix) údaraíonn an Coimisinéir Cosanta Sonraí an t-aistriú sa chás gur féidir leis an rialaitheoir sonraí cumhdaigh leordhóthanacha um chosaint sonraí, ar nós forálacha faofa conarthacha a thabhairt le fios.  D’fhaomh Coimisiún an AE “conarthaí samhla” chun cabhrú le rialaitheoirí sonraí maidir leis seo, agus thiocfadh na conarthaí siúd faoin bhforáil seo go huathoibríoch.  Anuas air sin, tá an chumhacht ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí chun “conarthaí samhla” a fhormhuiniú go sonrach i dtaobh chúinsí na hÉireann, mar aon leis an gcumhacht chun conarthaí ar leith nó socruithe eile a fhaomhadh a sholáthraíonn cumhdaigh shásúla.  I gcleachtas, is dóchúil go ndéanfar formhór na n-aistrithe chuig tríú tíortha ‘neamhfhaofa’ ar bhonn conarthaí samhla.
 
I gcás cuideachtaí ilnáisiúnta ag a bhfuil oibríochtaí taobh istigh agus taobh amuigh den AE, trí rialacha ceangailteacha corparáideacha, mar dhea, a úsáid – féadfaidh cóid chleachtais um chosaint sonraí/príobháideachta atá infhorfheidhmithe le dlí – meicníocht mhalartach nó chomhlántach a sholáthar d’aistrithe faofa idirnáisiúnta laistigh den aonán domhanda corparáideach.  Ba cheart go ndéanfadh cuideachta ar spéis leo an rogha seo iarratas a dhéanamh ar fhaomhadh a rialacha le húdarás um chosaint sonraí Bhallstát an AE, áit a bhfuil a gceanncheathrú, nó a bpríomhionad gníomhaíochta san AE lonnaithe.
Tá fáil ar thuilleadh faisnéise agus treorach ar an meicníocht seo ar láithreán gréasáin Choimisiún an AE.
 
 
 
 
 
Cumhacht an Choimisinéara Cosanta Sonraí chun Aistrithe a Thoirmeasc
 
 
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisinéir chun aistriú sonraí pearsanta chuig aon tír (tíortha eile nach tríú tíortha iad) a thoirmeasc, seachas i gcásanna ina dteastaíonn an t-aistriú ón dlí nó ina n-údaraíonn an dlí an t-aistriú, nó sa chás ina dteastaíonn an t-aistriú ó chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil dualgas ar Éirinn é a chur i bhfeidhm.  Cliceáil anseo le haghaidh breis faisnéise faoi fhógraí toirmisc.
 
Féadtar an t-achoimriú a leanas a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le haistrithe chuig tríú tíortha.  Trí chliceáil ar fhrása aibhsithe, tiocfaidh tú caol díreach ar bhreis sonraí faoi gach ábhar.