Ceisteanna Coitianta
11 Úsáid UPSP
11.1 Cad iad na cúinsí inar féidir liom uimhir PSP a iarraidh?
11.2 An féidir le institiúd airgeadais mo UPSP a iarraidh nuair atá mé ag oscailt cuntas nua?
11.3 An féidir le mo Thiarna Talún mo UPSP a iarraidh?
11.4 I gcás cur isteach ar phost nua, an féidir le fostóir ionchasach an UPSP a lorg ó na h-iarrthóirí mar chuid den phróiseas iarratais?
11.5 Tá mo UPSP á lorg i dtaca le tuairisceán cánach maoine ar Teach Chónaithe Príobháideach Neamh-Príomhaí?
11.1 Cad iad na cúinsí inar féidir liom uimhir PSP a iarraidh?
Is ceist don Roinn Coimirce Sóisialaí í sin ar an gcéad dul síos. Is cion é do dhuine nó do chomhlacht ar bith taifead d'uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí a iarraidh nó a choimeád mura gceadaítear é sin faoin dlí (na hAchtanna Leasa Shóisialaigh). Is dualgas é do na comhlachtaí go léir áirithiú a dhéanamh go bhfuil an teidlíocht sin sainithe sa dlí ina leith sula ndéanann siad taifead d'uimhir PSP dhuine ar bith a iarraidh nó a choimeád.
11.2 An féidir le institiúd airgeadais mo UPSP a iarraidh nuair atá mé ag oscailt cuntas nua?
Ón 1 Eanáir 2009, ceanglaítear ar institiúidí airgeadais an UPSP a lorg ar gach daoine atá ag oscailt cuntas nua , i gcomhréir leis an RialacháinTuairisceán Íocaíochtaí (IR Uimh 136 de 2008).
Tar éis dul i gcomhairle leis an Oifig seo, forbraíodh treoir sa réimse seo ag na Coimisinéirí Ioncaim atá ar fáil ar a láithreán gréasáin. Deireann na treoirlínte cé go bhfuil ceanglas i Rialachán 7 (4) (a) an uimhir thagartha cánach (lena n-áirítear UPSP)a lorg, ní hionann sin oibleagáid ar an bhanc an fhaisnéis seo a bhailiú . Is féidir dul ar aghaidh le chuntas a oscailt más rud é nach gcuireann duine a UPSPar fáil. Ina theannta sin, leagann an Rialachán 7 (8) amach gur féidir an UPSP a lorg ag an institiúid airgeadais ach amháin chun críocha an tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus ní chun aon chríche eile.
11.3 An féidir le mo Thiarna Talún mo UPSP a iarraidh ?
Is féidir. Tá bonn reachtúil do thiarna talún an UPSP dá gcuid tionóntaí a lorg faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 agus faoi alt 11 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004. Tá an fhaisnéis seo riachtanach chun clárú leis an mBord Tionóntachta Cónaithe Príobháideacha (BTCP). Mar sin féin, ní toilltear do thiarnaí talún usáid a bhaint as UPSP na tionóntaí ach amháin chun clárú leis an BTCP. Ní féidir aon úsáid eile a bhaint as an UPSP agus ní mór é a choinneáil faoi rún. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin an BTCP.
11.4 I gcás cur isteach ar phost nua, an féidir le fostóir ionchasach an UPSP a lorg ó na h-iarrthóirí mar chuid den phróiseas iarratais?
Ba chóir d'fhostóir do UPSP a lorg amháin má éiríonn leat ag an bpróiseas earcaíochta agus tú ag glacadh le fostaíocht iarbhír leis an eagraíocht. Éilíonn fostóir an UPSP de gach fostaí chun críocha na gCoimisinéirí Ioncaim. Níl aon bhunús do fhostóir ionchasach an UPSP a éileamh ag céim an iarratais.
11.5 Tá mo UPSP á lorg i dtaca le tuairisceán cánach maoine ar Teach Chónaithe Príobháideach Neamh-Príomhaí?
Is comhlachtaí sonraithe Údaráis Áitiúla faoi reachtaíocht Leasa Shóisialaigh a cheadaíonn dóibh an UPSP a iarraidh i ndáil lena bhfeidhmeanna. Tá roinnt na sonraí leis na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil leis an cáin clúdaithe faoi Alt 11 (1) (b) den Acht Rialtais Áitiúil (Táillí) 2009. Mar gheall ar an bonn dlíthiúil , tá phróiseáil an UPSP ceadaithe ó thaobh cosanta sonraí de.

