1.19 Cad iad BCRs?
Leagann Treoir an AE um Chosaint Sonraí agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí coinníollacha a fhorchur ar sonraí pearsanta a aistriú chuig tíortha lasmuigh den Eoraip nach meastar go bhfuil leibhéal na cosanta sonraí "leordhóthanach". Ní mór d'eagraíochtaí a aistríonn cainníochtaí móra de shonraí pearsanta lasmuigh den Eoraip é sin a dhéanamh i gcomhréir le Alt 11 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Chun chuideachtaí ilnáisiúnta le oibríochtaí i go leor tíortha a éascú, d’ullmhaigh Meitheal Oibre Airteagal 29 córas malartach "Rialacha Corparáideacha Ceangailteacha" (BCRs). Ceadíonn BCRs do aonáin de chorparáid iad féin a chur faoi cheangail caighdeáin a chomhlíonadh maidir le próiseáil sonraí pearsanta atá comhoiriúnach le dlí cosanta sonraí an AE.
D'fhonn ceadú le haghaidh BCRs a fháil, ní mór do chuideachta údarás cosanta sonraí a roghnú chun ceadú ó údaráis ábhartha eile um chosaint sonraí a chomhordú. Caithfidh an t-údarás roghnaithe na BCRs a cheadú mar chuid den phróiseas seo. Faigheann an ceadú seo aithint go frithpháirteach ó roinnt údaráis eile um chosaint sonraí.
» Permanent Link