Nótaí Treorach do Clárú
Ní léirmhíniú dlíthiúil ar an ceanglas maidir le clárú atá i gceist leis an méid seo a leanas.
Cad é Clárú?
Is é clárú an próiseas trína gcuireann rialtóirí sonraí agus próiseálaithe sonraí (eagraíochtaí a bhíonn sonraí pearsanta a phróiseáil acu ) ar an eolas an Coimisinéir Cosanta Sonraí maidir le sonraí áirithe a bhaineann le próiseáil a gcuid faisnéise pearsanta. Baineann an Coimisinéir úsáid as na sonraí sin chun iontráil a dhéanamh i gclár a dhéanann cur síos ar an phróiseáil, clár atá ar fáil don phobal le haghaidh iniúchadh anseo.
Is é trédhearcacht agus oscailteacht príomhchuspóir an clárúchán. Is prionsabal bunúsach de chosaint sonraí gur chóir go mbeadh an pobal ar an eolas ( nó in ann a fháil amach) cé atá ag próiseáil a gcuid faisnéise pearsanta, chomh maith le sonraí eile maidir le próiseáil (mar shampla, cén fáth a bhfuil an phróiseáil ar siúl).
Cé hiad nach mór clárú?
Is iad na príomhchatagóirí rialaitheoirí sonraí nach mór clárú leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí (má bhíonn ríomhaire pearsanta acu) ná:
- Comhlachtaí rialtais / údaráis phoiblí
- Bainc agus forais airgeadais / chreidmheasa
- Gnóthais árachais (gan bróicéirí san áireamh)
- Rialaitheoirí sonraí lena mbaineann a gcuid gnó go hiomlán nó den chuid is mó le margaíocht dhíreach
- Rialaitheoirí sonraí lena mbaineann a gcuid gnó go hiomlán nó den chuid is mó le teistiméireachtaí creidmheasa a sholáthar
- Rialaitheoirí sonraí lena mbaineann a gcuid gnó go hiomlán nó den chuid is mó le fiacha a bhailiú
- Soláthróirí rochtana idirlín
- Líonra teileachumarsáide nó soláthróirí seirbhíse
- Oibrithe gairmiúla sláinte ag próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte coirp agus meabhrach
- Rialaitheoirí sonraí ag próiseáil sonraí géiniteacha
- Rialaitheoirí sonraí lena mbaineann a gcuid gnó le próiseáil sonraí pearsanta le cur ar fáil do dhaoine eile, seachas ar mhaithe le cúrsaí iriseoireachta, liteartha nó ealaíne.
Ní mór d’aon phróiseálaí sonraí ag próiseáil sonraí ar son rialaitheora sonraí in aon cheann de na catagóirí seo clárú freisin.
Tá an reachtaíocht a rialaíonn clárú casta. Chun tuilleadh mionsonraí agus eolas sainiúil a fháil, téigh go dti ár dtreoir mhionsonraithe, le do thoil.
Conas is féidir liom clárú?
Faoi láthair tá dhá bhealach chun iarratas a dhéanamh chun clárú ceachtar mar rialtóir nó phróiseálaí sonraí.
Córas Ar Líne
Is féidir leat an clárúchán a chur isteach ar-líne agus an táille a íoc freisin le Laser / Visa / Mastercard.
Íoc le seic
Is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslodáil ón ár suíomh gréasáin www.cosantasonrai.ie, agus é a chur isteach le seic ar an méid iomchuí.
Cad é an táille cláraithe?
Táille Próiseála d'Iarratais / Athnuachana
| Iarratais Poist | Iarratais Ar-Líne (Visa, Laser nó Mastercard) | |
| Iarratasóirí le 26 fostaithe nó níos mó (san áireamh) | € 480 |
€ 430 |
| Iarratasóirí le 6-25 Fostaithe (san áireamh) | €100 | €90 |
| Iarratasóirí le 0-5 Fostaithe (san áireamh) | €40 | €35 |
Cad a tharlaíonn ansin?
Beidh d'fhoirm a scrúdú chun a chinntiú go bhfuil gach faisnéis ábhartha ar fáil. Má tá ceisteanna áraithe againn, scríofaimíd chugat chun an ábhar a réiteach .
Tosaíonn do tréimhse clárúcháin aon-bhliana ar an lá a fhaighimid foirm comhlánaithe i gceart agus an táille is cuí.
Má tá gá le do eagraíocht a bheith cláruithe , cuirtear do chlárú sa chlár poiblí (cuirtear suas chun dáta é ar bhonn seachtainiúil). Beidh uimhir chlárúcháin a thabhairt duit nach mór a lua gach am a théann tú i dteagmháil linn maidir le do iontráil sa chlár. Ba cheart duit an uimhir seo a choinneáil.
Nuair a bhfuil tú cláraithe, caithfidh tú d'iontráil sa chlár a choinneáil suas chun dáta. Nuair a bhíonn aon chuid de d'iontráil míchruinn nó neamhiomlán, caithfidh tú é sin a chur in iúl dúinn. Is féidir pionós coiriúil a gearradh ort ach sonraí a phróiseáil gan iontráil cruinn agus cuimsitheach a bheith ar an gclár agat. Ní mór athruithe a chur in iúl dúinn le scríbhinn (lena n-áirítear trí facs, ríomhphost nó ar-líne). Cuimhnigh le do thoil chun d'uimhir chlárúcháin a lua. Ní féidir athrú a iarraidh ar an dteileafón. Beimid a scríobh chugat nuair atá do leasuithe próiseálta againn. Is iad seo a leanas na táillí atá iníoctha ar son leasuithe a rinneadh ar do chlárúchán, tráth ar bith eile seachas nuair a athnuachar do chlárúchán:
Táille Próiseála le haghaidh leasuithe:
| Iarratais Poist | Iarratais Ar-Líne (Visa, Laser nó Mastercard) | |
| Leasuithe | € 100 | € 90 |
An tSraith Clárúcháin
Is é an tréimhse clárúcháin ná aon bhliain amháin ón lá a fhaighimid do foirm comhlánaithe i gceart leis an táille chuí. Téann d'iontráil in éag ansin ach amháin é a athnuachadh . Seoltar litir meabhrúcháin athnuachana chugat thart ar 3 seachtaine roimh do dháta athnuachana.
Tá sé an-tábhachtach go bhfaighimid íocaíocht an táille athnuachana roimh dhul in éag d'iontráil ar an gclár.
Ag am athnuachana iarrfar ort an bhfuil nó nach bhfuil aon athruithe ar do chlárúchán (níl aon táille bhreise más rud é go bhfuil leasuithe a dhéanamh ag an gcéim seo). Beidh litir a sheoladh chugat chun a dheimhniú go bhfuil d'iontráil a athnuachadh agus a sholáthraíonn an dáta éaga nua.
D'iontráil a bhaint as an gchlár
Má measann tú nach bhfuil clárú éigeantach a thuilleadh duit ag aon am i rith na tréimhse clárúcháin, ba chóir duit scríobh chugainn le sonraí iomlána agus d'uimhir chlárúcháin. Ar an gcoinníoll go bhfuil sé cuí chun é sin a dhéanamh, bainimid d'iontráil as an gclár. Beidh litir a sheoladh chugat chun a dheimhniú go bhfuil an iontráil bainte.
Athruithe ar an eintiteas dlíthiúil
Níl iontráil clár inaistrithe ó rialtóir sonraí amháin go ceann eile; má tá athrú ar an eintiteas dlíthiúil ar an rialaitheoir sonraí, ní mór iontráil nua a dhéanamh sa chlár. Is iad samplaí de na hathruithe i neintiteas dlíthiúil ná nuair a théann trádálaí aonair chun bheith ina comhpháirtíocht nó comhpháirtíocht ina cuideachta teoranta. Muna bhfuil gá fós le d'iontráil roimhe seo ní foláir duit scríobh chugainn ag éileamh bhaint d'iontráil ón chlár.
» Permanent Link