|
Traenáil agus Feasacht Phoiblí Chun Eagraíochtaí Cuid den obair a déanaimid ná a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas conas a fheidhmeann an dlí um cosanta sonraí le do gníomhaíochtaí lá-go-lá. Deireann alt 2C de na hAchtanna um Chosaint Sonraí go gcaithfidh tú a chinntiú go gcomhlíonann na fostaithe le bearta slándála go gcaithfidh tú a chur i bhfeidhm chun cosaint sonraí pearsanta. Táimid tar éis réimse ábhar a ullmhú go bhfuil súil againn go gcuideoidh siad leat cláir oiliúna saincheaptha dod fhoireann a fhorbairt. Léiríonn ár DVD "My Data - Your Business? " conas na prionsabail um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm i dtimpeallacht gnáth-gnó (poiblí nó príobháideach). Tá sé ag gabháil le " Treoir Éascaitheoirí " a spreagann plé-grúpa ar conas na prionsabail um chosaint sonraí a chur i gcleachtas i suíomh ar leith. Is féidir an DVD agus an Treoir a bhreathnú agus a íoslódáil anseo. Beidh áthas orainn freisin cóip a sheoladh chugat ach teagmháil a dhéanamh linn. Is féidir an DVD a fheiceáil freisin ar ár gcainéal YouTube www.youtube.com / dataprotection. Tá sraith de cur i láthair PowerPoint ullmhaithe againn freisin maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann le cosaint sonraí atá ar fáil anseo. Is féidir leat 'meascán-agus-comhoiriúnú' a dhéanamh ó na léiriúcháin éagsúla chun teacht suas le cur i láthair a oireann le riachtanais do lucht éisteachta / féachana ar leith. Déanann ár Treoir do Rialaitheoirí Sonraí achoimre ar conas ba cheart d'eagraíochtaí déileáil le sonraí pearsanta a fhoirne agus a chustaiméirí. Is féidir leat ceachtar an treoir a íoslódáil nó teagmháil a dhéanamh linn cun cóipeanna clóite a fháil. Táimid tar éis a tháirgint freisin acmhainn speisialta do scoileanna, lena n-áirítear chairt coimriú ar freagrachtaí Rialaitheoirí Sonraí agus cearta Abhair Sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Is féidir leat ceachtar an chairt a íoslódáil nó teagmháil a dhéanamh linn le haghaidh cóipeanna clóite. Chun faisnéis níos mionsonraithe, féach le do thoil an fo-roinn Do chuid Freagrachtaí ar ár láithreán gréasáin. Do dhaoine aonair agus Grúpaí Cuid den obair a déanaimid ná a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas maidir le do chearta cosanta sonraí agus cad is féidir leat a dhéanamh más rud é nach bhfuil siad á chómhlíonú. Is achoimre é ár Treoir ar Do Chearta. Is féidir leat leagan clóite den leabhrán seo a fháil trí theagmháil a dhéanamh linn. Tá cur i láthair PowerPoint le hachoimre ar do chearta um chosaint sonraí ar fáil anseo. Tá cur i láthair eile maidir le gnéithe éagsúla de chosaint sonraí ar fáil freisin. Is féidir leat 'meascán-agus-comhoiriúnú' a dhéanamh ó na léiriúcháin éagsúla chun teacht suas le cur i láthair a oireann le riachtanais do lucht éisteachta / féachana ar leith.
» Permanent Link |
|||
|
|||