EISIÚINT DO NA MEÁIN CHUMARSÁIDE
TOIRMISCTHE GO DTÍ 8Ú BEALTAINE 2008 - 11.00 AM
A Thuarascáil Bhliantúil do 2007 á seoladh ag an gCoimisinéara Cosanta Sonraí
Fiosrúcháin agus Gearáin
I rith 2007 d’oscail Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí 1,037 imfhiosrú nua ar ghearáin, ardú substaintiúil ó 658 in 2006. Baineann an mórmhéadú seo ar líon na ngearán cuid áirithe le hardú ar ghearáin maidir le teachtaireachtaí téacsa gan iarraidh. Tugann an tuarascáil nuashonrú ar na gníomhartha atá déanta ag an gCoimisinéir le haghaidh a thabhairt ar an gceist seo. Tá breis is 350 ionchúiseamh os comhair na gCúirteanna aige sa réimse seo. Tá na hionchúisimh seo ag teacht ar lorg gníomhaíochta láidre ag an gCoimisinéir a chuir foirne d’imfhiosróirí isteach in áitrimh na ndaoine lenar bhain le fianaise a bhailiú. Tá níos mó úsáide á bhaint ag an gCoimisinéir as na cumhachtaí atá aige a chuid oifigeach a chur isteach in áitrimh ina gcoinnítear sonraí pearsanta, gan choinne, lena chinntiú go bhfuil riachtanais cosanta sonraí dá sásamh.
Déanann an Tuarascáil nuashonrú ar ghníomhartha an Choimisinéara maidir le ceist rochtana gan údarás ar shonraí pearsanta san earnáil phoiblí, lion mór gearán a fuarthas maidir le cleachtais mhargaíochta Sky agus cuimsíonn chomh maith cás-staidéir a shain-imfhiosruithe ar úsáid sonraí pearsanta, ag áireamh:
• An úsáid a bhain Baxter Healthcare as dhá tuairisc mhíochaine maidir le hiarfhostaí;
• An úsáid míchuí a bhain West Wood Club sa Dumhach agus as TFCI ceilte ag Óstán an Gresham i mBaile Átha Cliath.
• Feidhmíocht Fuarghlao margaíochta ag Newtel Communications a chur ar fionraí;
• Nochtadh míchuí ar fhaisnéis fostaí ag Aer Lingus;
• Tromchúis ar rochtain míchuí ar fhaisnéis phearsanta i seilbh na gCoimisinéirí Ioncaim;
• Teip ag Ryanair bealach réasúnta ar rogha an diúltaithe ar r-phost margaíochta dírí.
• Mórchaidreamh le Eircom tar éis líon mór gearán a fháil maidir le glaonna teileafóin margaíochta gan iarraidh. Dá thoradh seo thug Eircom bronntanas de €35,000 do charthanacht leis na gearáin a réiteach.
• Rófhaisnéis ar chónaitheoirí áitiúla á coimeád ag Páirc an Chrócaigh
• Margaíocht r-phoist gan iarraidh ag Tesco de dheasca deacrachtaí teicniúla
Chomh maith le gearáin fhoirmeálta a fuarthas agus a próiseáladh, phléigh an Oifig le 20,000 fiosrú teileafóin in éineacht le breis is 4,000 fiosrú r-phoist agus líon níos lú fiosruithe sa phost.
Gníomhaíochtaí Eile
I dtuarascáil ar raon leathan ar ghníomhaíochtaí a Oifige do 2007, a léiríonn éagsúlacht na gceisteanna a iarrtar ar an Oifig aghaidh a thabhairt orthu, díríonn an Coimisinéir ar:
• An leas a thagann ó mhéadú feasachta ar phríobháideacht agus ar cheisteanna cosanta sonraí ag an bpobal, na meáin agus institiúidí a choinníonn ár gcuid sonraí;
• Na hócáidí nuair ba ghá dó úsáid a bhaint as a chumhachtaí dlíthiúla forfheidhmiúcháin le leasa na n-ábhar sonraí a chosaint agus a chur chun cinn;
• Freagracht eagraíochtaí san earnáil phríobháideach sonraí pearsanta a gcustaiméirí agus a gcliant a chosaint;
• Fógraí sáruithe mar shampla de dhea-chleachtas;
• Cóid cleachtais a fhorbairt laistigh d'earnálacha ar leith agus comhlachtaí poiblí le tuiscint níos fearr ar riachtanais cosanta sonraí ina measc siúd dá dtugtar sonraí pearsanta;
• Na dúshláin leanúnacha a ghineann nuatheicneolaíocht agus an úsáid a bhaintear as an idirlíon.
Ghlac an Coimisinéir an deis chomh maith le béim a chur ar a rannpháirtíocht leis an Rialtas ar raon de cheisteanna, ina measc an bunachar sonraí atá molta do DNA, an intinn leis an ní ar a ghairtear “eTeorainneacha” a thabhairt isteach mar chóras le lorg ár ngluaiseachtaí a leanúint agus sinn ag teacht isteach nó ag fágáil na tíre agus toradh fíorshásúil i dtéarmaí deimhin a dhéanamh de go dtugann an córas pleanála urraim do phríobháideacht agus trédhearcacht a chothabháil i gcaitheamh an ama.
Cuimsíonn an Tuarascáil den chéad uair liosta neamheolaíochtúil de na de mbagairt is mó ar phríobháideacht mar a d’aithin foireann Oifige an Choimisinéara Cosanta Sonraí iad. Is aidhm don liosta seo, nach bhfuil údarásach ar aon bhealach, díospóireacht ar cheisteanna príobháideachta a spreagadh.
Nóta: [Nóta: Is féidir leagan PDF den Tuarascáil Bhliantúil a íoslódáil ó shuíomh gréasáin An Choimisinéara Cosanta Sonraí ag: www.dataprotection.ie]
Ceisteanna ó na Meáin Diarmuid Hallinan
Uimhir theileafóin (057) 868 4800
Facs (057) 868 4757
Ríomhphost dphallinan@dataprotection.ie
Suíomh Gréasáin www.dataprotection.ie
» Permanent Link
