Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir leis an méadú €1.6 milliún thiocfaidh ar a leithdháileadh cistiúcháin faoi Bhuiséad 2020

09th Mí Deireadh Fomhair 2019

  • Tiocfaidh méadú €1.6 milliún ar chistiú an Choimisiúin, a fhágann go bhfaighidh sé €16.9 milliún san iomlán sa bhliain 2020.
  • Sa chiste breise tá níos lú ná trian den mhéid a d’iarr an Coimisiún ina aighneacht buiséid.

Thug an Coimisiún um Chosaint Sonraí aitheantas inniu don chistiú breise €1.6 milliún atá le leithdháileadh ar an rialálaí, mar a d’fhógair an Rialtas i mBuiséad 2020. Mar thoradh ar an gcistiú méadaithe, beidh leithdháileadh cistiúcháin iomlán an Choimisiúin cothrom le €16.9 milliún sa bhliain 2020. Is ionann é sin agus méadú 11% ar an leithdháileadh don bhliain 2019.

Ag labhairt di faoin gcistiú a bhfuarthas, thug Helen Dixon, an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, aitheantas do dhúshláin an Breatimeachta sa Bhuiséad seo ach dúirt sí, “tá díomá ar an gCoimisiún go bhfuil níos lú ná trian den mhéid a d’iarr an Coimisiún ina aighneacht buiséid sa chiste breise atá le leithdháileadh. Léirigh an aighneacht bliain taithí ar rialú faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus tharraing sé aird ar na méadaithe agus na castachtaí níos mó atá i gceist. Ní mór don Choimisiún anois athbhreithniú a dhéanamh ar a chaiteachas pleanáilte le haghaidh 2020, go háirithe maidir le caiteachas “neamhphá” a tuaradh, rud nach bhfuair an Coimisiún méadú ar bith dó ina léirdháileadh.”

Ó cuireadh an RGCS i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018, tá méadú suntasach tagtha ar ualach oibre an Choimisiún. Ón 1 Eanáir 2019, fuarthas níos mó ná 7,000 gearán agus beagnach 5,000 fógraí sáraithe. Chuaigh daoine den phobal agus eagraíochtaí i dteagmháil leis an gCoimisiún ag lorg treorach níos mó ná 40,000 sa thréimhse céanna.

De bharr méadaithe ar chistiú le tamall de bhlianta, bhí an Coimisiún in ann foireann bhreise le cúlraí speisialta éagsúla a earcú, chun riar ar éileamh na tascanna a tugadh dó faoin RGCS, le leibhéil foirne 138 faoi láthair. Bhí an cistiú seo an-thábhachtach, nuair a áirítear an bonn íseal ó thosaigh an Coimisiún in 2015 ag ullmhú do rialachán nua an AE, leis an gCoimisiún Éireannach ag feidhmiú mar phríomhúdarás maoirseachta an AE maidir leis na comhlachtaí ilnáisiúnta teicneolaíochta domhanda a bhfuil ceanncheathrú AE acu in Éirinn. Cuireann an príomhról rialála AE seo an Coimisiún sa líne thosaigh maidir le rialú domhanda cosanta sonraí.