Treoir maidir le hÚsáid TCI i Suíomhanna Cúram Cónaithe

Tá an treoir seo, ar fhorbair an Coimisiún um Chosaint Sonraí í i gcomhar leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte, deartha chun cabhrú le heagraíochtaí a oibríonn i suíomhanna cónaithe na hoibleagáidí cosanta sonraí atá orthu a chomhlíonadh. Is féidir go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta i gceist le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí físfhaireacháin amhail teilifís ciorcaid iata (TCI), agus an méid sin ag brath ar cé acu is faireachán taifeadta nó faireachán beo-amhairc é an faireachán atá i gceist. Is féidir, mar sin, go dtiocfaidh an úsáid sin faoi raon feidhme an dlí cosanta sonraí. Leagtar amach sa doiciméad seo treoirlínte soiléire praiticiúla agus tarraingítear aird ann ar na tosca breise a bhaineann le teicneolaíochtaí faireacháin a úsáid ar fud suíomhanna cúraim.

Cuirtear sa doiciméad leis an obair leanúnach atá ar bun ag an gCoimisiún maidir le cumhdach aosach, ag teacht sna sála ar sheoladh ár bhFoirne Uirlisí maidir le Cumhdach, agus léirítear ann na tosaíochtaí atá leagtha amach i Straitéis Rialála an Choimisiúin 2022-2027, ina gcuirtear béim ar leith ar leanaí agus grúpaí soghonta eile a chosaint. Trí chaidreamh leantach a dhéanamh le geallsealbhóirí — lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse, grúpaí tathanta, agus comhlachtaí rialála — féachann an Coimisiún le tacú le heagraíochtaí a oibríonn le haosaigh atá i mbaol tuiscint a ghnóthú ar na hoibleagáidí cosanta sonraí atá orthu, go háirithe i gcomhthéacs teicneolaíochtaí faireacháin.

Tá treoir maidir le húsáid CCTV i suíomhanna cúraim chónaithe ar fáil anois le híoslódáil (1.1MB, PDF)