Teachtaireacht thábhachtach eisithe ag an DPC maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig an RA agus ón RA sa chás go mbeadh Breatimeacht ‘gan mhargadh’ ann

21st Mí na Nollag 2018

Aistrithe Sonraí Pearsanta chuig an Ríocht Aontaithe agus ón Ríocht Aontaithe sa chás go mbeadh Breatimeacht ‘gan mhargadh’ ann – teachtaireacht thábhachtach d’eagraíocht nó comhlacht ar bith a aistríonn sonraí pearsanta chuig an RA, Tuaisceart Éireann san áireamh

Nollaig 2018

Baineann an treoir tosaigh seo le heintiteas ar bith de chuid na hÉireann atá i mbun oibríochtaí próiseála a mbíonn aistrithe sonraí pearsanta chuig an RA i gceist leo.  Sa chás go n-imeodh an RA as an AE ‘gan mhargadh’ éileofar ar na heintitis sin go mbeadh meicníocht aistrithe i bhfeidhm ón 30 Márta 2019 d’fhonn leanúint de shonraí pearsanta a aistriú chuig an RA de réir an dlí.

Faoi dhlí an AE maidir le cosaint sonraí, cinntítear saorghluaiseacht sonraí pearsanta idir ballstáit an AE. Nuair a dhéantar sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoir lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, meastar an t-aistriú sin a bheith ina aistriú chuig “tríú tír” agus ní mór cosaintí breise a chur i bhfeidhm ina leith lena chinntiú go leanfar de chaighdeáin an AE a chur i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí.

Sa chás go mbeadh Breatimeacht ‘gan mhargadh’ ann, i.e. Breatimeacht ina bhfágfadh an RA an AE ag 00.00am CET an 30 Márta 2019 gan an Comhaontú um Tharraingt Siar a bheith i bhfeidhm, bheadh an RA ina “tríú tír” chun críocha aistrithe sonraí pearsanta an AE. Beidh iarmhairtí i gceist leis sin do gach eagraíocht agus comhlacht atá i mbun trádála nó i mbun gnó nó comhfhreagrais de chineál ar bith le heintitis san RA, Tuaisceart Éireann san áireamh. Tá sé sin amhlaidh toisc go n-éileofar go gcuirfeadh eagraíochtaí agus comhlachtaí atá lonnaithe in Éirinn a aistríonn na sonraí pearsanta cosaintí dlí i bhfeidhm i ndáil le haistrithe sonraí pearsanta chuig an RA. Mar shampla, má chuireann cuideachta de chuid na hÉireann a párolla amach ar conradh chuig próiseálaí san RA, beidh cosaintí dlí ag teastáil i leith na sonraí pearsanta a aistríodh chuig an RA. Má bhaineann comhlacht de chuid Rialtas na hÉireann úsáid as soláthraí néil atá lonnaithe san RA, beidh cosaintí dlí den chineál céanna ag teastáil. Beidh an méid céanna i gceist i ndáil le heagraíocht spóirt a bhfuil oifig riaracháin aici i dTuaisceart Éireann ina ndéantar sonraí ballraíochta a riar do na baill ar fad in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Beidh cleachtadh ag roinnt eagraíochtaí agus comhlachtaí in Éirinn cheana féin ar na meicníochtaí aistrithe dlí atá ar fáil chun sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoirí lasmuigh den AE, toisc go bhfuil siad ag aistriú chuig SAM nó India mar shampla, cheana féin.

Sreafaí sonraí ó Éirinn chuig an RA i ndiaidh Márta 2019 mura bhfuil margadh ann

Ó dháta na tarraingthe siar ar aghaidh, beidh feidhm ag rialacha an AE[1] maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha i ndáil leis an RA.

Leagtar amach ar láithreán gréasáin Choimisiún an AE na meicníochtaí dlí is féidir a úsáid le bheith mar bhonn agus mar thaca ag aistrithe ó bhallstát de chuid an AE chuig tríú tír. I gcás tíortha áirithe, d’aithin Coimisiún an AE a réimeas cosanta sonraí a bheith “leordhóthanach” (ar nós Iosrael agus an Airgintín). Is é an tionchar a bhaineann le haitheantas dá leithéid nó “cinneadh leordhóthanachta”, ná gur féidir le sonraí pearsanta sreabhadh ón LEE chuig tríú tír gan aon chosaint bhreise a bheith riachtanach. Mar sin féin, ní bheidh aitheantas dá leithéid ann i ndáil le réimeas na RA faoi dheireadh mhí an Mhárta 2019.

Is é an mheicníocht mhalartach is coitianta a úsáidtear maidir le haistrithe ná clásail chonarthacha chaighdeánacha nó eiseamláireacha atá ceadaithe ag Coimisiún an AE ina gcuirtear i bhfeidhm cosaintí conarthacha idir an t-onnmhaireoir sonraí agus an t-allmhaireoir.

Tá tuilleadh eolais maidir le meicníochtaí dlí chun sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha ar fáil ar láithreán gréasáin Choimisiúin an Aontais Eorpaigh ag:

https://ec.europa.eu/info/law/law-topic/data-protection/data-transfers-outside-eu_en

Chomh maith leis sin, tá eolas breise ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ag an nasc seo a leanas maidir leis na meicníochtaí aistrithe agus maoluithe atá ann i ndáil le cásanna faoi leith.

Sreafaí sonraí ón RA chuig an AE i ndiaidh Márta 2019

De réir Rialtas na RA, leanfar den chleachtas reatha trína gceadaítear do shonraí pearsanta sreabhadh gan srian ón RA chuig ballstáit an AE sa chás go mbeadh Breatimeacht ‘gan mhargadh’ ann.

Sreafaí sonraí ón RA chuig tíortha neamh-AE i ndiaidh Márta 2019

Ina theannta sin, cuirfidh an RA meicníocht dlí i bhfeidhm atá cosúil le clásail chonarthacha chaighdeánacha nó eiseamláireacha atá ar aon dul le meicníocht dlí an AE d’fhonn aistrithe ón RA chuig faighteoirí i dtíortha lasmuigh den AE a éascú. Chomh maith leis sin, aithneoidh an RA na tíortha sin atá aitheanta a bheith leordhóthanach cheana féin ag an AE a bheith ‘leordhóthanach’.

https://www.gov.uk/government/publications/data-protection-law-eu-exit/amendments-to-uk-data-protection-law-in-the-event-the-uk-leaves-the-eu-without-a-deal-on-29-march-2019

Na chéad chéimeanna eile atá le cur san áireamh ag eagraíochtaí atá i mbun sonraí a aistriú chuig an RA, Tuaisceart Éireann san áireamh

  • Mapáil na sonraí pearsanta atá á n-aistriú chuig an RA faoi láthair.
  • Déan cinneadh más gá leanúint ar aghaidh leis na haistrithe i ndiaidh an 30 Márta.
  • Más amhlaidh nach mór go leanfaí ar aghaidh leis na haistrithe, déan na meicníochtaí aistrithe éagsúla atá ann a mheas chun cinneadh a dhéanamh faoin meicníocht is fearr a oireann don chás agus oibrigh i dtreo í a chur i bhfeidhm roimh an 30 Márta 2019.

Déanfar faisnéis agus treoir ón DPA, ó Choimisiún an AE agus ó Rialtas na RA a nuashonrú agus sinn ag druidim leis an dáta tarraingthe siar, mar sin, ba chóir súil a choinneáil ar na láithreáin ghréasáin ábhartha ar bhonn rialta.

 

[1] Caibidil V GDPR – Sa chaibidil seo, clúdaítear aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.