Gearrann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fíneáil €403 mhilliún ar Google tar éis Fiosrúchán ar an dóigh a raibh Google ag próiseáil sonraí suímh
21st Mí Meán Fomhair 2026
Inniu, d’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis Fiosrúchán ar Google Ireland Limited (“Google”). Sheol an Coimisiún an Fiosrúchán seo dá dheoin féin, ina ról mar Phríomhúdarás Maoirseachta do Google, i mí Feabhra 2020, tar éis dó gearáin a fháil ó roinnt eagraíochtaí Eorpacha um chearta tomhaltóirí, lenar áiríodh an Eagraíocht Eorpach Tomhaltóirí (BEUC), maidir leis an dóigh a raibh Google ag próiseáil sonraí suímh i dtaca le seirbhísí agus táirgí áirithe.
Bhain raon feidhme an Fhiosrúcháin leis an dóigh a raibh Google ag próiseáil sonraí suímh i dtrí ghné shonracha – “Gníomhaíocht Gréasáin agus Aipe”, “Stair Suímh” agus “Cruinneas Suímh” (féach Nótaí d’Eagarthóirí) idir an dáta a tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i bhfeidhm – an 25 Bealtaine 2018 – agus an 4 Feabhra 2020.
Maidir leis an gcinneadh, rud a rinne an Dr Des Hogan, an tUas. Dale Sunderland agus Niamh Sweeney Uas., na Coimisinéirí um Chosaint Sonraí, cinneadh ann gur sháraigh Google RGCS i ndáil leis an méid seo a leanas:
- a dhlíthiúla agus a chothroime a bhí an dóigh a raibh sé ag próiseáil sonraí suímh i nGníomhaíocht Gréasáin agus Aipe agus i Stair Suímh,
- na hoibleagáidí cuntasachta atá air faoi RGCS, nuair nach raibh sé in ann a léiriú go raibh prionsabal na dlíthiúlachta, na cothroime agus na trédhearcachta á chomhlíonadh aige maidir leis an dóigh a raibh sé ag próiseáil sonraí pearsanta i gCruinneas Suímh;
- na hoibleagáidí trédhearcachta atá air i leith gach ceann de na trí ghné dá dtagraítear thuas; agus
- an dóigh a raibh sé ag coinneáil sonraí suímh i nGníomhaíocht Gréasáin agus Aipe agus i Stair Suímh.
D’fhorchuir an Coimisiún fíneálacha riaracháin dar luach iomlán €403 mhilliún, agus d’ordaigh sé do Google a phróiseáil a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht laistigh de shé mhí.
Dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir:
“Is ionann sonraí suímh agus cineál sonraí pearsanta a phróiseáiltear trí rianú suímh, agus áirítear leo sonraí a bhailíonn nó a phróiseálann Google agus trínar féidir, ina n-aonar nó i dteannta faisnéis eile, suíomh duine aonair a shuí. Is le sonraí suímh a ghabhann tairbhí agus dochar araon do dhaoine aonair. Cé gur féidir leo áisiúlacht seirbhísí ar líne a fheabhsú go mór, is féidir leo freisin méid suntasach faisnéise a nochtadh faoi dhuine aonair, lena n-áirítear faisnéis atá príobháideach ó nádúr.
Le RGCS, tugtar ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, agus ceanglaítear nach mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach. Mar thoradh ar mhainneachtain Google sna réimsí sin, d’fhéadfadh sé nach raibh daoine aonair ar an eolas go raibh a suíomh á úsáid, mar shampla chun tionchar a imirt orthu trí fhógraí nó chun a gcuid ábhar spéise a shuí, agus d’fhéadfadh siad rialú a chailleadh ar a sonraí pearsanta. Rinneadh an cailleadh rialaithe sin níos measa fós mar gur coinníodh sonraí suímh úsáideoirí níos faide ná mar ba ghá”.
Tá an Coimisiún buíoch as an gcomhar agus an cúnamh a fuarthas óna chomhúdaráis mhaoirseachta sa chás seo.
Cúlra
Is ionann Gníomhaíocht Gréasáin agus Aipe agus socrú cuntais Google nach bhfuil ar fáil ach do shealbhóirí cuntais Google. Nuair a bhíonn sé cumasaithe, úsáideann Google an socrú sin chun próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíocht úsáideoirí ar sheirbhísí Google, lena n-áirítear suíomhanna agus aipeanna. Áirítear leis an bhfaisnéis a phróiseáiltear sonraí pearsanta amhail stair bhrabhsála, stair cuardaigh agus sonraí suímh.
Is ionann Stair Suímh agus seirbhís de chuid Google lena rianaítear suíomh úsáideoirí nuair a bhíonn a ngléasanna móibíleacha comhoiriúnacha ina seilbh acu. Ní mór d’úsáideoirí glacadh le ‘Stair Suímh’, lena bpróiseáiltear sonraí gach úsáideora ansin chun faisnéis suímh a shuí, amhail cuairteanna ar áiteanna, gníomhaíochtaí, agus conairí idir cuairteanna ar áiteanna. Úsáidtear le Stair Suímh gné “Amlíne”, lena dtaispeántar léarscáil phríobháideach ansin (trí Google Maps) chun go mbeidh an t-úsáideoir in ann a fheiceáil cén áit ar thaistil sé/sí. Le Stair Suímh, sábháiltear an léarscáil phríobháideach de cén áit a dtéann an t-úsáideoir lena g(h)léasanna agus iad sínithe isteach, fiú amháin nuair nach mbíonn an t-úsáideoir ag baint úsáid as aon seirbhís de chuid Google.
Is ionann Cruinneas Suímh agus gné de chóras oibriúcháin Android lena gcumasaítear do ghléas Android a shuíomh a chinneadh le cruinneas níos fearr, seachas a bheith ag brath ar ionchuir ón aonad GPS atá sa ghléas. Tá sé ar fáil d’úsáideoirí Android, is cuma cé acu is sealbhóirí cuntais Google iad nó nach ea.