Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí Cinneadh Críochnaitheach tar éis Fiosrúchán ar Ollscoil Luimnigh
02nd Mí Márta 2026
Inniu rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) a chinneadh críochnaitheach a fhoilsiú tar éis fiosrúchán ar shárú sonraí pearsanta in Ollscoil Luimnigh.
Tháinig an cinneadh seo as fiosrúchán de dheoin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí féin ar Ollscoil Luimnigh, rud a seoladh tar éis sraith sáruithe sonraí pearsanta a tharla idir mí na Samhna 2018 agus mí Eanáir 2020.
Rinne an Coimisiún measúnú ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur Ollscoil Luimnigh chun feidhme chun slándáil na sonraí pearsanta a phróiseáil sí a chinntiú, agus rinne sé scrúdú chomh maith ar chomhlíonadh oibleagáide atá ar an rialaitheoir sáruithe a chur in iúl go pras.
Cinneadh i bhfiosrúchán an Choimisiúin:
- nár chuir Ollscoil Luimnigh bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun slándáil sonraí pearsanta a chinntiú, mar a cheanglaítear le hAirteagail 5(1)(f) agus 32(1) RGCS,
- gur mhainnigh Ollscoil Luimnigh i dtrí cás na daoine a ndearna sárú ardriosca difear dóibh a chur ar an eolas gan moill mhíchuí de réir Airteagal 34(1) RGCS,
- nár chomhlíon Ollscoil Luimnigh ceanglais Airteagal 30(1) RGCS go hiomlán ina taifead tosaigh dá gníomhaíocht próiseála,
- nár thuairiscigh Ollscoil Luimnigh trí fhógra sáraithe gan moill mhíchuí de réir Airteagal 33(1) RGCS.
Thug an Coimisiún iomardú d’Ollscoil Luimnigh agus ghearr sé fíneálacha riaracháin €98,000 san iomlán.
Molann an Coimisiún an caidreamh a rinne Ollscoil Luimnigh leis an gCoimisiún ó fuair sí na cinntí beartaithe ón gCoimisiún tríd an dréachtleagan den chinneadh. Is ísle i bhfad na fíneálacha riaracháin sin ná na fíneálacha uasta a beartaíodh sa dréacht-chinneadh. Tá na fíneálacha deiridh ina léiriú ar an maolú a chuir Ollscoil Luimnigh i bhfeidhm agus í ag glacadh le formhór na gcinntí sa dréacht-chinneadh, áit ar ghlac sí le freagracht as sáruithe suntasacha agus a ndearna sí bearta réamhghníomhacha chun feabhas a chur ar a cuid córas, oiliúna agus beartas chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh sáruithe den chineál céanna sa todhchaí.
Is féidir an cinneadh iomlán a fháil ar ár leathanach “Cinntí” anseo