Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí Cinneadh Críochnaitheach tar éis Fiosrúchán ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
02nd Mí Meán Fomhair 2026
Inniu, d’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis fiosrúchán ar an dóigh a bpróiseálann FSS sonraí pearsanta atá i dtaifid pháipéir, a stóráiltear agus a choinnítear i saoráidí seachtracha stórála FSS. Leis an gcinneadh ón gCoimisiún, gearrtar fíneáil €645,000 san iomlán ar FSS, agus forchuirtear iomardú agus roinnt orduithe ceartúcháin.
Cuireadh tús leis an bhFiosrúchán seo an 24 Bealtaine 2024 mar thoradh ar dhá shárú sonraí pearsanta ar tugadh fógra don Choimisiún fúthu i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus i mí na Samhna 2023.
Tugadh fógra faoin gcéad sárú don Choimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2023, nuair a fuair daoine aonair rochtain neamhúdaraithe ar thaifid pháipéir a bhí á stóráil agus á gcoinneáil in Ospidéal Naomh Lomán (an Muileann gCearr, Contae na hIarmhí). Is iar-ospidéal síciatrach as úsáid atá éillithe ag aispeist é Ospidéal Naomh Lomán.
I mí na Samhna 2023, chomhdaigh FSS fógra breise faoi shárú leis an gCoimisiún, nuair a fuair daoine aonair rochtain neamhúdaraithe ar thaifid pháipéir a bhí á stóráil agus á gcoinneáil san Fhoirgneamh Nua in Ospidéal Naomh Conall (Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall). Is iar-ospidéal síciatrach as úsáid atá éillithe ag múscán trom é an suíomh sin freisin.
I bhfíseáin ar uaslódáil ionróirí iad chuig na meáin shóisialta, cuireadh in iúl go raibh taifid liachta á stóráil agus á gcoinneáil sa dá shaoráid.
Ar leithligh, i mí Aibreáin 2024, chuir FSS in iúl don Choimisiún gur tháinig sé ar an eolas, trí na meáin shóisialta, go bhfuarthas rochtain neamhúdaraithe ar íoslach Ospidéal Naomh Lomán, áit a raibh tuilleadh taifead á stóráil agus á gcoinneáil. Chuir FSS in iúl don Choimisiún an tráth sin gur ‘seantaifid mheabhairshláinte’ a bhí sna taifid sin.
Tar éis thosú an Fhiosrúcháin i mí na Bealtaine 2024, agus mar chuid den phróiseas Fiosrúcháin, rinne oifigigh údaraithe ón gCoimisiún 12 chigireacht láithreáin ar fud na tíre. Ba é cuspóir na gcigireachtaí láithreáin a fháil amach an teagmhais aonair a bhí sna fadhbanna a sainaithníodh sna fógraí faoi sháruithe, nó an raibh na fadhbanna sin sistéamach, maidir le coinneáil agus stóráil na sonraí pearsanta atá i dtaifid pháipéir, atá i seilbh FSS, ina shaoráidí seachtracha.
Sainaithníodh i bhfionnachtana an Choimisiúin teipeanna cosanta sonraí a bhain le dálaí fisiciúla shaoráidí stórála doiciméad FSS agus le sláine na ndoiciméad a bhí á gcoinneáil laistigh de na saoráidí sin.
Dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir: “Le linn na gcigireachtaí láithreáin, bhreathnaigh an Coimisiún fadhbanna suntasacha le doiciméid a bhí damáistithe nó scriosta go bunúsach ag múscán, a bhí éillithe ag salachar ainmhithe, a bhí clúdaithe ag smionagar nó ag dríodar, a bhí ag lobhadh mar gheall ar an timpeallacht stórála, nó a bhí damáistithe ag uisce. D’aimsigh an Coimisiún limistéir stórála a bhí i staid chomh mór sin faoi mhí-eagar agus i bhfaillí nach bhféadfaí a mheas go raibh na taifid a bhí iontu comhdaithe ar aon bhealach eagraithe nó inrochtana. Ba ann do thaifid a bhí stóráilte i seomraí folctha agus i gcubhachailí as úsáid, i gcoimeádán loingseoireachta i mbothán móna, i seomraí nach raibh aon soilsiú feidhmiúil ná aon téamh feidhmiúil acu, agus i bhfoirgnimh thréigthe i roinnt suíomhanna éagsúla.
Maidir le coinneáil taifead ag FSS ar bhealach neamhshlán ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse ba cheart iad a choinneáil, tá sí ina cúis le riosca suntasach leanúnach go bhfaighidh tríú páirtithe rochtain neamhúdaraithe ar fhaisnéis liachta íogair agus go nochtfaidh siad í. Tá an riosca ann freisin nach mbeidh taifid ar fáil le haghaidh cúraim liachta eile nó ar chúiseanna dlíthiúla nó rialála eile.”
Tagtar ar na conclúidí seo a leanas sa chinneadh ón gCoimisiún, rud a cuireadh in iúl do FSS an 25 Lúnasa 2026:
- Sháraigh FSS prionsabal na sláine agus na rúndachta faoi Airteagal 5(1)(f) RGCS agus sháraigh sé Airteagal 32(1) RGCS nuair a mhainnigh sé:
a. Slándáil iomchuí na sonraí pearsanta a bhí i dtaifid pháipéir a bhí á stóráil agus á gcoinneáil ag FSS ina shaoráidí seachtracha a áirithiú;
b. Bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla, lena n-áirítear próisis chuí bainistíochta taifead, sásraí cuí bainistíochta taifead agus rialuithe cuí bainistíochta taifead, a chur chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú atá oiriúnach don riosca.
-
Sháraigh FSS prionsabal an teorannaithe stórála faoi Airteagal 5(1)(e) nuair a mhainnigh sé sonraí pearsanta a bhí i dtaifid pháipéir a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá.
- Sháraigh FSS Airteagal 33(1) RGCS nuair a mhainnigh sé:
a. Fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shárú gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig ón uair a tháinig sé ar an eolas faoi, i ndáil le hOspidéal Naomh Lomán;
b. Fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shárú gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig ón uair a tháinig sé ar an eolas faoi, i ndáil le taifid pháipéir a bhí á stóráil agus á gcoinneáil in íoslach Ospidéal Naomh Lomán.
-
Sháraigh FSS Airteagal 34(1) RGCS nuair a mhainnigh sé na sáruithe sonraí pearsanta a tharla in Ospidéal Naomh Lomán agus in Ospidéal Naomh Conall a chur in iúl do na hábhair sonraí. I bhfianaise na sáruithe atá sainaitheanta thuas, rinne an Coimisiún an méid seo a leanas:
-
Iomardú a thabhairt do FSS;
-
Ordú a thabhairt do FSS an dóigh a bpróiseálann sé sonraí pearsanta a chur i gcomhréir le RGCS, agus go háirithe í a chur i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(e) RGCS, le hAirteagal 5(1)(f) RGCS agus le hAirteagal 32(1) RGCS. I measc na n-orduithe a d’fhorchuir an Coimisiún ar FSS tá orduithe lena gceanglaítear ar FSS:
a) Iniúchadh iomlán a dhéanamh ar na saoráidí stórála go léir ina stórálann agus ina gcoinníonn FSS comhaid pháipéir chun críocha lena n-áirítear:
i.Córas bainistíochta atá láidir agus atá deartha go hiomchuí a chur chun feidhme chun na sonraí pearsanta go léir a stóráiltear agus a choinnítear i saoráidí stórála FSS a thaifeadadh agus a rianú;
ii. I gcás nach bhfuil taifid pháipéir ina bhfuil sonraí pearsanta riachtanach a thuilleadh chun na gcríoch ar chucu a coinníodh iad, agus á scriosadh láithreach sábháilte á áirithiú;
iii. Beartais agus nósanna imeachta a chur chun feidhme chun tástáil thráthrialta, measúnú tráthrialta, agus meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil FSS ag comhlíonadh a bheartas coinneála féin.
b) Iniúchadh agus measúnú iomlán a dhéanamh ar na saoráidí stórála go léir ina stórálann agus ina gcoinníonn FSS comhaid pháipéir chun a áirithiú go bhfuil gach saoráid oiriúnach don fheidhm maidir le sláine, infhaighteacht agus rúndacht sonraí pearsanta a choimeád ar bun. Mar chuid den iniúchadh agus measúnú sin, ní mór do FSS a áirithiú go ndéanfaidh sé gníomhartha áirithe, lena n-áirítear na gníomhartha seo a leanas:
i. Na taifid pháipéir go léir ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaint de na saoráidí stórála de chuid FSS nach bhfuil oiriúnach don fheidhm agus na taifid pháipéir sin a aistriú chuig saoráidí iomchuí, ar saoráidí iad a dhéanfaidh sláine, infhaighteacht agus rúndacht na dtaifead páipéir go léir a áirithiú agus a choimeád ar bun;
ii. Córas bainistíochta atá láidir agus atá deartha go hiomchuí a chur chun feidhme chun suíomh na dtaifead páipéir go léir ina bhfuil sonraí pearsanta a stóráiltear agus a choinnítear i saoráidí FSS a rianú agus a lorg;
iii. Beartais agus nósanna imeachta a chur chun feidhme chun tástáil thráthrialta, measúnú tráthrialta agus meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar na suíomhanna ina stórálann FSS taifid pháipéir ina bhfuil sonraí pearsanta.
- Fíneálacha a ghearradh ar FSS mar a leanas:
- €300,000 i leith na sáruithe ar Airteagal 5(1)(f) RGCS agus ar Airteagal 32(1) RGCS;
- €300,000 i leith an tsáraithe ar Airteagal 5(1)(e) RGCS;
- €30,000 i leith na sáruithe ar Airteagal 33(1) RGCS;
- €15,000 i leith na sáruithe ar Airteagal 34(1) RGCS.
Agus fíneálacha á ríomh, mheas an Coimisiún, mar thoisc ghéaraitheach, go ndearna FSS sáruithe comhchosúla roimhe sin maidir leis an easpa bearta slándála iomchuí agus le cailleadh an rialaithe ar shonraí pearsanta a bhí i dtaifid pháipéir cúram sláinte. Bhí na sáruithe sin roimhe sin den chineál céanna, cé gur tharla siad in imthosca difriúla.
Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh iomlán in am trátha.