Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an toradh ar chionta margaíochta a ionchúiseamh
08th Mí Meán Fomhair 2026
Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) roimh an toradh ar imeachtaí ionchúisimh a tionscnaíodh i gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath inné, an 7 Meán Fómhair 2026.
Brown Thomas Arnotts Limited
Ag Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath os comhair an Bhreithimh Halpin, phléadáil Brown Thomas Arnotts Limited (Brown Thomas) ciontach i gcúig chúiseamh shamplacha as aon chúiseamh is fiche san iomlán i ndáil le sáruithe ar na rialacháin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha a sheoladh (Rialachán 13 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 336 de 2011). Bhain trí chúiseamh shamplacha leis an mainneachtain seoladh bailí a thabhairt do na faighteoirí chun a roghnú gan ríomhphoist mhargaíochta bhreise a fháil (feidhm díliostála). Agus bhain dhá chúiseamh eile le cumarsáidí margaíochta a sheoladh gan toiliú bailí.
Le linn na n-imeachtaí, cuireadh in iúl don Bhreitheamh Halpin gur tháinig fadhb theicniúil chun cinn le soláthraí bogearraí tríú páirtí Brown Thomas, rud a d’fhág go raibh neamhábaltacht eatramhach ann díliostáil ó chumarsáidí margaíochta de shárú ar Rialachán 13(12) de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach. Mar thoradh air sin, cuireadh roinnt gearán faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cumarsáid gan iarraidh, rud a spreag an t-imscrúdú uaidh. I roinnt cásanna, rinne na gearánaigh teagmháil le Brown Thomas astu féin, go pearsanta, ar an teileafón nó trí mhodhanna eile, chun a chur in iúl do Brown Thomas go raibh a dtoiliú le tuilleadh cumarsáid margaíochta dírí a fháil á tharraingt siar acu, sula ndearna siad teagmháil leis an gCoimisiún. Sna himthosca sin, bhí na gearánaigh ag fáil ábhair margaíochta dírí go fóill, rud a sháraigh Rialachán 13(1) de na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach tuilleadh.
Agus an phléadáil chiontach á tabhairt ar aird aici, chuir an Chúirt an Probation of Offenders Act i bhfeidhm ar an gcuideachta agus, i bhfianaise an chiontaithe, d’ordaigh sí do Brown Thomas Arnotts Limited ranníocaíocht charthanúil €1000 a íoc le Little Flower Penny Dinners, ar carthanas áitiúil é, agus €1000 a íoc i leith tháillí dlí an Choimisiúin. Bhíothas in ann teacht ar chonclúid oiriúnach mar gheall ar an bhfíoras go ndearna an eagraíocht caidreamh leis an gCoimisiún agus gur thairg sí bearta maolaithe chun a córais a leasú chun a chinntiú nach dtiocfadh an fhadhb sin chun cinn arís sa todhchaí.
Rabhadh Roimhe
D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig an gcosantóir roimhe sin i mí an Mhárta 2022. Tháinig sé sin sna sála ar imscrúdú a rinneadh ar ghearán a fuarthas ó dhuine den phobal maidir le cás ar leith inar seoladh cumarsáidí margaíochta gan iarraidh agus inar mainníodh cloí le hiarrataí ar rogha an diúltaithe a fheidhmiú.
Éisteacht chúirte
Thug an Breitheamh faoi deara, agus an cás seo á ghlacadh aige, gur thug an Coimisiún muinín don phobal go bhfuil na bearta cuí agus riachtanacha á ndéanamh i nithe, i gcás gur cuí.
Ba mhaith leis an gCoimisiún a mheabhrú d’eagraíochtaí gurb amhlaidh, mar rialaitheoirí sonraí, is iad an páirtí cuntasach i gcónaí i leith aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear le haghaidh gníomhaíochtaí margaíochta iad.
Ba cheart d’eagraíochtaí a ghabhann do chleachtais margaíochta leictreonaí na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis na Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach a shárú a thuiscint. Sula dtosaíonn siad aon fheachtais margaíochta leictreonaí, ní mór d’eagraíochtaí a bheith lánchinnte de go bhfuil beartais éifeachtacha um rogha an diúltaithe i bhfeidhm agus go bhfuil toiliú na ndaoine aonair ar a liostaí promóisin cothrom le dáta agus go bhfuil an toiliú sin bailí agus go bhfuarthas go dlisteanach é.
Ba cheart do thoradh an lae inniu a bheith ina mheabhrúchán do gach eagraíocht a ghabhann d’aon chineál margaíochta leictreonaí gur féidir go ndéanfaidh an Coimisiún ionchúiseamh coiriúil a thionscnamh i gcás neamhchomhlíonadh na rialachán.