Fáiltíonn an Coimisiún roimh fhoilsiú na tuarascála ó EDPB maidir le cur chun feidhme an chirt go ndéanfaí ligean i ndearmad faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe

20th Mí Feabhra 2026

D’fháiltigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) roimh fhoilsiú na tuarascála ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) maidir le cur chun feidhme an chirt go ndéanfaí ligean i ndearmad, rud atá ar cheann amháin de na gníomhartha faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe ó EDPB.

Tarraingítear aird sa tuarascáil ar na gníomhartha a rinne 32 Údarás Maoirseachta ar fud an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe sa bhliain 2025. Achoimrítear sa tuarascáil an toradh a bhí ar shraith gníomhartha comhordaithe náisiúnta a rinneadh faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe sa bhliain 2025, agus liostaítear inti roinnt saincheisteanna a breathnaíodh do roinnt rialaitheoirí, mar aon le sraith moltaí atá ceaptha chun cabhrú leo an ceart go ndéanfaí léirscriosadh a chur chun feidhme.

Ag labhairt dó faoin tuarascáil, dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir sa Choimisiún:

Údar bróid don Choimisiún is ea an ról a bhí againn san obair a rinneadh faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe ó bunaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020 é. Fáiltímid go mór roimh fhoilsiú na tuarascála don bhliain 2025, ina mionsonraítear na gníomhartha a rinne an Coimisiún, agus comh-Údaráis Mhaoirseachta ar fud an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe sa bhliain 2025."

Sa bhliain 2026, beidh an Creat Forfheidhmithe Chomhordaithe dírithe ar na hoibleagáidí a bhaineann le trédhearcacht agus le faisnéis faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Is féidir leat an tuarascáil iomlán a léamh anseo: Gníomh Forfheidhmithe Chomhordaithe – cur chun feidhme an chirt go ndéanfaí léirscriosadh ag rialaitheoirí | An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí