Cad atá i gceist le ‘sonraí pearsanta’ agus cathain a ndéantar ‘próiseáil’ orthu?

  • Go bunúsach, ciallaíonn sonraí pearsanta aon eolas maidir le duine beo, ónar féidir an duine sin a aithint nó óna bhféadfaí é/í a aithint. Is féidir le sonraí pearsanta cineálacha éagsúla faisnéise a chlúdach, mar ainm, dáta breithe, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, seoladh, tréithe fisiciúla nó sonraí suímh – tráth a mbíonn sé soiléir cé leis a mbaineann an fhaisnéis sin, nó go bhfuil sé réasúnta éasca é sin a fháil amach.
  • Ní gá go mbeidh sonraí pearsanta i bhfoirm scríofa, d’fhéadfadh sé gur faisnéis a bheidh ann maidir le cé leis is cosúil an duine, mar shampla, grianghraf, taifid fuaime nó físeáin, ach níl feidhm leis an dlí cosanta sonraí ach amháin nuair a phróiseáiltear an fhaisnéis sin ar ‘bhealaí uathoibrithe’ (go leictreonach mar shampla) nó mar chuid de chóras comhdúcháin de chineál eile.
  • D’fhéadfadh sé gur faisnéis a bheadh sna sonraí pearsanta nuair a aithnítear an tábhar sonraí – “Is dath gorm is fearr le Seán” – nó nuair atá siad ‘inaitheanta’ – “Is dath gorm is fearr le deirfiúr Sheáin” (nuair nach bhfuil aithne agat ar a dheirfiúr, ach go bhféadfaí é sin a fháil amach trí úsáid a bhaint as an gcomhthéacs agus/nó as faisnéis bhreise).
  • Fiú sa chás go bhfuil cuid den fhaisnéis phearsanta anaithnid, nó ‘ina ainm bréige’, ach go bhféadfaí é seo a aisiompú agus go bhféadfadh sé a bheith indéanta an t-ábhar sonraí a aithint agus úsáid á baint as an fhaisnéis bhreise, ba chóir a mheas i gcónaí gur sonraí pearsanta atá i gceist. Mar sin féin, sa chás go bhfuil an fhaisnéis anaithnid i ndáiríre, do-aisiompaithe, ní mheastar gur sonraí pearsanta atá i gceist.
  • Chun cinneadh a dhéanamh cibé an bhfuil duine ‘inaitheanta’, go háirithe sa chás gur ainm bréige an fhaisnéis maidir leis an duine, ní mór na modhanna agus an fhaisnéis go léir a d’fhéadfadh an rialaitheoir nó duine eile a úsáid chun duine éigin a aithint, go díreach nó go hindíreach, a bhreithniú.
  • Tá cineálacha áirithe sonraí pearsanta íogair, a dtugtar ‘catagóirí speisialta’ orthu faoi réir chosaint bhreise faoin GDPR, agus go ginearálta tá toirmeasc ar phróiseáil na sonraí seo, ach amháin nuair a fhreastalaítear ar cheanglais shonracha (ar nós toiliú follasach a bheith ar fáil), mar a leagtar amach go mion in Airteagal 9 den GDPR. Is iad na catagóirí speisialta: sonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht I gceardchumann; sonraí géiniteacha; sonraí bithmhéadracha a phróiseáiltear chun duine a shainaithint go huathúil; sonraí a bhaineann leis an tsláinte; agus sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine. 
  • Rialaíonn an dlí cosanta sonraí cásanna ina ndéantar sonraí pearsanta a ‘phróiseáil’. Go bunúsach, ciallaíonn próiseáil, úsáid a bhaint as sonraí pearsanta ar bhealach ar bith, lena n-áirítear; bailiú, stóráil, aisghabháil, nochtadh nó na sonraí a roinnt le duine éigin eile, sonraí pearsanta a scriosadh nó dhíothú. Cé, mar a luaitear thuas, nach bhfuil feidhm leis an dlí cosanta sonraí nuair a dhéantar é seo ar mhaithe le gníomhaíochtaí pearsanta nó teaghlaigh amháin.